Déardaoin, Lúnasa 12, 2010

M2010.08.08

(íomhá le céad ó Floating Sheep.org)
Tá na daoine uasal thall ar Chaoirigh ar Foluain buartha faoinár nósanna nua ólacháin!
Ní bhíonn aon trácht againn ar bheoir, nó ar Guinness nó fuisce.
Fíon agus fíon amháin atá ar intinn againn na laethanta seo dar leosan.

Is connoisseurí fíona muid go léir anois!
Níl an baol céanna sin ann dos na Gaeil ó Albain, is maith leo an uisce beatha fós.

M2010.08.07


Brú le méadú.

Spreagtha ag Alt faoi cháin chorparáide a bhí san IT Dé Luain.
Agus radharc clúiteach galánta Chúbric ó 8 nóiméad 30 soicind istigh sa scannán.

Dé Céadaoin, Lúnasa 11, 2010

M2010.08.06

Níl aon éalú ó lucht Thatcherachais sna meáin in Éirinn na laethanta seo, an íde-eolaíocht seanchaite sin. Gaelscéal san áireamh!
Nó ní Gaelscéal le bheith beacht atá i gceist ach Conall Ó Móráin. Tá caighdeán agus meon an Sunday Indo fréamhaithe go láidir anois ar leathanaigh an nuachtáin nua buíochas leis.
Leis an fhírinne a rá cuireann a chuid tuairimíochta leadrán orm agus gach uair a léim an nuachtán le déanaí táim ag smaoineamh sa chaoi chéanna a raibh mé nuair a tháinig Foinse Nua amach (Níl an nuachtán sin léite agam le fada), is é sin, mothaíonn Foinse uaim, agus a cholúnaithe.
Sílim gur thug mise, ar bun pearsanta, deis mhaith do Gaelscéal é féin a chruthú ach bheinn den tuairim anois gur theip air, monuar.
Níl an cumas scríbhneoireachta ann mar a bhí i Foinse, ní spreagtar machnamh, ní chruthaítear tuiscint níos fearr. Ní shin le rá nach raibh locht le haimsiú i seanFoinse. Bhí.
Faraor, ag an bpointe seo bheadh an t-ádh le Gaelscéal lochtanna seanFhoinse a bheith aige!

Ar aon nós, ar ais go tapaidh chuig idé-eolaíocht, Thatcherachas/nua-liobrálachas, Uí Mhóráin. Níor theip ar an fhear seo cacamas leadránach éigin a fhoilsiú go seachtainiúil ó thosaigh an nuachtán.
Is dóigh go ndéanfar liom go bhfuilim beagáinín dian ar an fhear, ach ceapaim go bhfuil cúis mhaith thuillte leis an gcáineadh.
Is dócha gur fearr tosnú ar a alt na seachtaine seo le míniú amháin a thabhairt.

Bun agus barr a argóinte san alt is déanaí uaibh is ea tá tuarastal na n-oibrithe sa BSL ró-ard mar sin tá ár gcostas leictreachais ard. (sean-argóint na bPDanna atá ann!)
Tá réiteach ann dar leis, príobháidiú. Lig don mhargadh smacht a chur ar na hoibrithe agus is dóigh go bhfeicfear leictreachas níos ísle.

Faraor don léitheoir Gaelach a chaith a c(h)uid airgid diansaothraithe ar an tseafóid seo beidh tuiscint níos measa aige/aici ar cad atá ag dul ar aghaidh le costas leictreachas na tíre, agus bheidh a (h)aineolas ar an cheist méadaithe as cuimse chomh maith.
Timpeall 2000 bhí an costas leictreachais sa tír seo an-íseal ar fad i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Tuairim is 20% níos ísle ná an meán, a chuir sa tríú háit muid do leictreachas saor.
Ó shin i leith bhí méadú as cuimse ar an phraghas le haghaidh leictreachais!
Cén fáth? Conas?
Bhuel, ní mar gheall ar an BSL agus tuarastail a oibrithe a tharla sé, d'ísligh costais párolla BSL ó 22% chun 16% idir 2000 agus 2005, agus ní leagann BSL síos an praghas atá ar leictreachas ach an oiread.
Déanann an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh(CRF) é sin, níl sé de chumas ag an BSL an praghas seo a ísliú nó a ardú.

Mhéadaigh, agus méadaíonn, an CRF an praghas ar leictreachas chun comhlachtaí príobháideacha a mhealladh isteach sa mhargadh .i. má tá praghas ard ar leictreachas creideann lucht gaimbín go mbeidh brabús níos airde le saothrú acu as agus bheadh aisíoc níos tapúla ar an infheistíocht.
Mar sin is sórt fóirdheontais do chomhlachtaí an difríocht idir chostas giniúint an leictreachais agus an praghas a dhíoltar don chustaiméir.
I bhfocail eile níos soiléire, trína ghéag an CRF, tá an rialtas ag iarraidh go mbeidh "comórtas" ann, comórtas an tsaormhargaidh cruthaithe trí phraghas níos airde ar leictreachas chun spreagadh níos tarraingtí a thairiscint do chomhlachtaí nua.
Bun agus barr an scéil tá praghas níos airde againn le haghaidh leictreachais de bharr polasaithe Fhianna Fáil le 10 mbliain anuas!

Seans nach bhfuil an cumas ag Conall an méid seo a thuiscint, nó b'fhéidir nár mhaith leis, nó b'fhéidir go bhfuil sé dall buíochas lena idé-eolaíocht?
Cibé, is náireach an t-aineolas a thaispeánann sé an tseachtain seo arís, agus is lag an tuairimíocht a thugtar dúinn lucht léitheoireachta Gaelscéil.
Is fiú a chuimhneamh nuair a léitear seafóid mar sin nach bhfuil praghas ard againn ar leictreachas de bharr tuarastail na n-oibrithe a oibríonn go brabúsach díograiseach don BSL, ach de bharr polasaithe an rialtais ar mhian leo le fada droim na gceardchumann a bhriseadh.

Sin a dhóthain uaimse do bhlagmhír amháin, agus ní raibh seans agam rud éigin a rá faoina thuairimí gur rud maith eisimirce! (Cén dochar a déarfadh an gaimbín).....agus a thuairim go bhfuil an stát chun leas brabúsach a bhaint as NAMA!!!
IAC.

Dé hAoine, Lúnasa 06, 2010

M2010.08.05


Bogadh an roth mór ó Bhéal Feirste chun Baile Átha Cliath ar na mallaibh. In iarracht aithris a dhéanamh ar an London Eye is dócha, nó an "Wheel of Fortune" mar a bhaist muintir Londain uirthi!
Is cuimhin liom ag labhairt le duine áitiúil thall tráth agus é ag caint faoin roth mór. Bhí sé oibrithe amach aige cé mhéad airgead a bhí ag saothrú ag an roth le gach rothlú de; £30 an duine, 25 duine in aghaidh an chábáin, an méid ama a thógann sé le dul thart "ní stopann sé ariamh" etc etc.
Ní cuimhin liom an uimhir ar tháinig sé air ach bhain sé geit asam. Is dóigh gur chuala gaimbín éigin ó Éirinn an scéal céanna agus bhí an cinneadh déanta ar an toirt. "Tá meaisín airgid mar sin ag teastáil uainn láithreach"

Bhí muintir Bhéal Feirste ag fáil réidh lena roth mór agus fuair sé áit dheas cois Life/Dothra ar an Rinn (Roth Rathúnais na Rinne?).

Ag siúl thart inniu rith smaoineamh eile liom faoin roth mór sean-nua, nach bhfuil chomh mór sin. An fhadhb mhór a bhíonn acu thall le lánúineacha ag bualadh craicinn ar a roth rathúnais!
Bhí an méid sin bualadh craicinn ag dul ar aghaidh ar na turais phríobháideacha go mbíonn sé orthu chaperone a chur ar bhord leis na lánúineacha ar eagla go dtosóidís ag déanamh an bheithígh le dhá dhroim.
Tá na cábáin ar Roth Bhaile Átha Cliath róbheag le chaperone!
Fuair tú an rabhadh.

M2010.08.04

Global Warming - the debate

Agus dóibh siúd nach bhfuil na freagraí acu, a bhfuil mearbhall orthu fós agus a bhfuil a lán ceisteanna acu -buíochas leis na meáin- tá "app" ar fáil ar do iPhone, agus anois ar an Android, leis.
Tá android agamsa, d'íoslódáil mé an feidhmchlár uair ó shin ó Skeptical Science agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé ar fheabhas.
Má tá guthán cliste agat seo feidhmchlár gur chóir go mbeadh air.

Dé Máirt, Lúnasa 03, 2010

M2010.08.03

Greann Éireannach, is minic a bhíonn sé searbh, agus dubh! Amhail seacláid mhaith!

M2010.08.02


Deireadh seachtaine eile caite agus níos mó beathaí caillte ar na bóithre leis. Cailleadh triúr go bhfios dom. Duine amháin ó dheas de bharr buaileadh agus teitheadh agus an bheirt eile gar do mo bhaile dúchais de bharr luais.
Tá aithne súl agam ar an bhuachaill a bhí ag tiomáint an chairr (féach thuas) a tháinig ón mbóthar ar Bhóthar na Cé lasmuigh de Bhéal an Átha.
Polannach óg a bhí sa tiománaí, a oibríonn i dtigh óil áitiúil. Níor cailleadh eisean ar ndóigh, feictear domsa gur annamh a chailltear an tiománaí a thiomáineann faoi luas! Caitheadh a aintín agus a chol ceathar amach as an charr nuair a tháinig sé ón bhóthar isteach i bpáirc.
Bóthar an-chontúirteach cnocach casta cúng atá i gceist, Bóthar Cois Fharraige atá air. Bóthar sciamhach idir Bhéal an Átha agus Inis Crabhann atá ann.
Bhí sé ag tiomáint chomh tapaidh sin nuair a bhuail sé cnocán chuaigh an carr isteach san aer, tríd an chlaí ar an taobh eile, agus glan isteach sa pháirc, ag casadh thart ar an imbhualadh.

Ag caint le daoine faoin timpiste is léir gur gealt de thiománaí a bhí faoi stiúir an chairr, dá mbeadh níos mó faisnéise ag teastáil uainn!
Bhíos ag labhairt le fear amháin a bhfuil "cáil" air mar dhuine a thiomáineann faoi luas -maíonn sé go dtaitníonn taisteal faoi luas leis- ach dúirt sé liom go bhfuair sé síob uaibh lá amháin ó Bhéal an Átha agus go raibh sé airsean impí air an carr a mhoilliú!

N'fheadar cad a bheas le rá ag na sochraidí sa Pholainn ach tá súil le Dia agam nach n-iarrtar ar dhaoine maithiúnas a thabhairt don tiománaí amhail mar a tharla in Inis Eoghain agus an ghealt eile sin Sean Kelly.
Níl maithiúnas nó comhbhrón tuillte aige.
Agus is ábhar díomá dom nach bhfuil cúis curtha ina leith ag na Gardaí. Mar sin is léir nach bhfuil an cladhaire, an mhaistín seo, nó na paisinéirí eile toilteanach a luas a admháil leis na Gardaí.

Ní chreidim ach an oiread go bhfuil aon leigheas ann ar fhadhb na leaideanna luais.

M2010.08.01

Alt maith ó Paul Sweeney san IT ar maidin faoin Zombaí atá caipitleachas nua-liobrálach agus an idé-eolaíocht a thagann leis.
Idé-eolaíocht atá de dhlúth is d'inneach i bhFianna Fáil agus mar sin i ngeilleagar na hÉireann.

Dé hAoine, Iúil 30, 2010

M2010.07.15

Ó d'fhág na Sopranos ár scáileáin teilifíse is beag a bhí ann a shásódh ár ndúil d'fhoréigean drámata agus do bhualadh craicinn ar an bhosca amadáin den tsóirt a ndeachaigh muid i dtaithí air! Déarfainn go bhfuil an bhearna sin sa mhargadh á comhlíonadh go seoigh ag an chlár nua ó na stáit Spartacus.
Nuair a tháinig sé amach ar dtús ar Bravo sa taobh seo den Atlantach is beag spéis a chuir mé ann, bíonn an iomarca fógraí ag rith tríd an chlár, rud a chuireann as go mór domsa.
Thosaigh sé ar na mallaibh ar TVa3 agus faoi sheans rinne mé taifid des na clárlacha a lig dom amharc orthu ar mo shuaimhneas.

Anois caithfidh mé a admháil nach luíonn roinnt de na radhairc gnéas go compordach liom, tá mí-úsáid ghnéasach na ngiall comónta ann.
D'fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil na léiritheoirí agus scríbhneoirí ag iarraidh an cultúr gránna Rómánach a thaispeáint gan eagla roimh an fhírinne shalach, ach, i ndáiríre déantar é chun geit a bhaint asainn agus múisc a chur orainn.

Tá iarrachtaí beaga suaracha eile acu in iarracht geit a bhaint as an lucht féachana freisin le radhairc de bhoid, cíocha agus bualadh craicinn aerach. Murab ionann agus an mí-úsáid ghnéasach tá siad séimh.

Lasmuigh de sin is maith liom forbairt na gcarachtar agus an chaoi a bhforbraíonn siad a scileanna agus a scéalta trí na cláracha. Ar ndóigh is éard atá fíor-spéisúil faoi aon scéal gliaire ná na troideanna fuilteacha san airéine.
Sílim gur bhreathnaigh mé ar an troid aréir béaloscailte, mar b'shin a dúirt mo chailín liom nuair a tháinig sé isteach sa seomra; "Cad chuige a bhfuil tú gob oscailte le hiontas?" "Ná habair faic a thaiscín tá an fathach ag éirí suas!" "Ó a thiarcais bí ag caint faoi sheafóid!"
Is fuath léi é, is breá liom é.
Seo clár maith dos na lads gan dabht.

Déardaoin, Iúil 29, 2010

M2010.07.14

Murab ionann agus athrú aeráide ar a laghad le tuinseamh (focal nua an lae domsa) mar seo tarlaíonn sé go han-tapaidh agus ní bheadh orainn plé gan chiall a chloisteáil faoi an bhfuil nó nach bhfuil sé ag tarlú...



Breathnaigh air in HD, an-bhlasta.

M2010.07.13


De ghnáth bíonn sé thar m'am codlata agus is annamh a bhreathnaím air na laethanta seo, ach aréir d'fhan mé suas le breathnú ar Chlár Uisinn de Bhrún ar TVa3 le Caoimhín Ó Meidhir. Athrú aeráide a bhí faoi chaibidil acu.

Cheap mé gur chuala mé gach argóint in aghaidh téamh domhanda de bharr gníomhachtaí an chine dhaonna faoin am seo ach bhí breall orm faoi sin.
Bhí beirt fhear as brúghrúpa nach gcreideann in athrú aeráide darbh ainm "Turn180" (Ní féidir liomsa teacht ar aon tagairt dóibh nó suíomh idirlín dá gcuid ar an idirghréasán. Má fhanann siad thart fada a dhóthain beidh sé suimiúil le fáil amach cá bhfaigheann sé a gcuid maoiniúcháin!)
Ag pointe amháin mhaígh duine acu gur rud maith atá i C02, don atmaisféar! Agus bhí rudaí seafóideacha eile ann leis an duine eile ag maíomh go bhfuil an domhan ag fuarú, agus a leithéidí. Sin in ainneoin na fianaise ó gach cúinne an domhain ag taispeáint a mhalairt. (Mura bhfuil fonn ort an tuarascáil ina iomláine a léamh is fiú an achoimre ar an suíomh idirlín a léamh)

Cheap mé go raibh comharthaíocht choirp Ger Flemming ó Mhet Éireann an-spéisiúil ar fad nuair a bhí mo dhuine ó "Turn180" ag caint a chuid chacamais. Chas sé a dhroim leis, chuir sé a cheann faoi, agus uaireanta bhí a lámh ar a bhéal. Bhí sé éasca a mhíchompord a thuiscint agus an fonn a bheadh air gáire diomúch a dhéanamh nó scairt amach ina aghaidh de thairbhe na buinní béal a bhí le clos. Ar ndóigh ní dheachaigh sé i dteagmháil leis an aineolas, agus sílim go raibh an ceart aige faoi sin, is fearr gan aer a thabhairt don bhréag-argóint uaireanta.
Ach nuair nach dtugtar faoi agus nuair a ligtear an bhréag seasamh creidfidh daoine inti, mar sin bhí obair mo dhuine déanta. Chonaic daoine an clár aréir agus creideann siad anois gur rud maith atá sa C02 atá muid ag caitheamh isteach sa aer agus nach bhfuil aon iarmhairt throm aige dúinne agus don timpeallacht....

D'éirigh an neamheolaíoch chomh dona sin ag pointe amháin den chlár go raibh ar dhuine ó Chairde na Cruinne iarmhairt cheaptha teasa féin a chosaint!

Níl an clár ar shuímh TV3 go fóill.
Idir an dá linn le haghaidh roinnt freagraí ar an seafóid a bhí le clos ar an gclár mholfainn tosaigh leis an bhfíseán nua thíos:

Dé Céadaoin, Iúil 28, 2010

M2010.07.12

Ós rud é go bhfuilim ar an ábhar d'idé-eolaíocht an rialtais seo sílim gur fiú cúpla ní nua atá ag teacht chun solais ó Shráid an Bhalla thall le cúpla lá anuas a lua. Rudaí a bheas tionchar díreach acu ar pholasaithe rialtas seo againne agus orainne araon.

Tá brabús corparáideach suas go láidir ó tháinig deireadh leis an gcúlú go domhanda. Tá brabús ag méadú as cuimse, suas tuairim is 90%. Agus aon chaillteanais a bhí ann le linn an chúlaithe táid gnóthaithe ar ais acu arís, agus méadaithe go deimhin i gcomhlachtaí áirithe. Ní comhlachtaí airgeadais atá i gceist agam anseo, ach comhlachtaí a chruthaíonn rudaí.

Deir idé-eolaíocht an nua-liobrálachais .i. caipitleachas an tsaormhargaidh, mar a leanann ár ngaimbíní go dlúth, deir sé go méadóidh cruthú post chomh luath agus a mhéadaíonn brabús na gcomhlachtaí. Mar sin tá buntáistí cánacha iontacha ar fáil dóibh abhus chun brabús s'acu a chinntiú agus le cúnamh Dé poist a chruthú le roinnt beag bídeach den chaipiteal breise. Agus leanfaidh siad ar aghaidh ar thóir níos mó brabúis agus carnadh caipitil.

Ach nílid dar leis an eolas is nuaí. Táid ag tabhairt níos mó infheistíochta ná riamh i dteicneolaíochtaí a laghdaíonn an gá le lucht oibre nó ar bhealaí chun líon na bhfostaithe a laghdú.
Tá brabús níos fearr ar fáil gan lucht oibre atá ag iarraidh pá an dtuigeann tú.
Anois tá nuachtáin gaimbín amhail an Wall Street Journal ag moladh d'infheisteoirí gan scaireanna a cheannach in aon chomhlachtaí a labhraíonn go hoscailte faoi mhéadú foirne!

Sa mhullach ar sin tá na comhlachtaí móra thall/abhus (is ionann é de bharr domhandú)ag baint úsáide as an gcarn mór caipitil seo, an brabús breise (caipitil a chruthaigh an lucht oibre) chun a scaireanna féin a cheannach ar ais, ag íoc díbhinní do scairshealbhóirí, agus ag méadú luach a gcuid scaireanna féin ag an am céanna.

Bun agus barr an scéil, ní hionann brabús breise do chomhlachtaí agus poist bhreise don phobal, níos mó ar aon chaoi.