Dé Máirt, Iúil 05, 2011

M2011.07.02

Buíochas leis an sean-rialtas bhí scéim sclábhaíochta againn dar teideal WWP, anois feicfear go bhfuil an rialtas nua ag leathnú na scéime céanna faoin teideal Job Bridge

Más olc dúinn a bheith inár sclábhaithe pá tá sé seacht uaire ní ba mheasa a bheith i do sclábhaí lom. Agus sin go díreach atá i gceist leis na scéimeanna seo.

D'fhéadfadh, as seo amach, na "haonaid de chaipiteal daonna atá gan post" taithí luachmhar a fháil ag cruachadh earraí ar seilfeanna, nó ag glanadh potaí is leithris shalacha do lucht rachmais.
Ionas go mbeadh deis ní ba fhearr acu, amach anseo, a gcumas oibre a dhíol le caipitlí éigin.

Ach n'fheadar cén fáth go mbeadh fonn ar éinne duine a earcú le tuarastal nuair atá an rialtas ag cruthú na gcoinníollacha i gcomhair fíor-sclábhaíocht faoi ainm eile.

Is fiú nóiméad nó dhó a chaitheamh ag breathnú ar na suíomhanna thuas, fiú mar ábhair iontais amháin....

4 comments:

Dennis King said...

An bhfuil buntáiste ar bith ag an duine a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici atá ag lorg poist in Éirinn? Is cosúil nach mór an buntáiste iad an dara agus an tríú teanga ag cuardaítheoirí poist sa Ríocht Aontaithe, más fíor do na daoine a scríobh comments ar an alt seo ar “Career options for foreign language speakers”.

Dubhaltach said...

B'fhéidir mar mhúinteoir, ach is é an stát an fostóir sa chás sin agus níl siad ag earcú. A mhalairt.

Réaltán Ní Leannáin said...

aonaid de chaipiteal daonna atá gan post....nach sin an dearcadh is neamhdhaonna ariamh é? Baieann sé gach dignit a bhí againn dínn, agus is tréad saothraithe maoine muid as sin amach.

coc said...

B'fhéidir mar mhúinteoir, ach is é an stát an fostóir sa chás sin agus níl siad ag earcú. A mhalairt.

Creid nó ná creid é tá iarracht á dhéanamh múinteoirí a 'fhostú' faoin scéim scannalach seo. Níos aistí fós, bhí boic móra an cheardchumainn ina fhábhar, ionas go mbeadh deis ag múinteoirí óga/úra taithí a fháil sa seomra ranga.