Dé Máirt, Eanáir 25, 2011

M2011.01.19

Ní raibh a fhios agam roimhe, nó níor thug mé faoi deara é, ach tá Joan Bruton ó iarPháirtí an Lucht Oibre as a meabhair ar fad. Go huile is go hiomlán.
Sin nó bhí sé ar na ribí aréir!



Níl sé ar fáil ar an bhfíseán thuas ón chlár aréir ach thaitin sé liom nuair a cháin sí Higgins go géar as ucht a pholasaithe sóisialacha (ag moladh don lucht oibre dul ar stailceanna agus troid ar son a chearta srl), agus go díreach ina dhiaidh sin deir sí go dtógann sí a cuid inspioráide ón Lorcánach agus ón Conghaileach! An bheirt deargMharxach is mó a shiúil ar talamh na hÉireann ariamh!

"Stop do mo harangáil"

6 comments:

aonghus said...

Sin Joe groí tar éis racht a mhealladh as Barroso agus Burton laistigh de sheachtain. Nára fada go mbeidh sé sa Dáil ag coinneáil súil ar chúrsaí!

Mise Áine said...

An bhfuil a fhios agat céard é féin, a Dhubhaltaigh, ach bhí ionadh orm féin ag breathnú uirthí aréir.

Táim den bharúil nach ndearna a hiompar ar an gclár aon mhaitheas don pháirtí, ach b'fhéidir go bhfuil daoine ann a cheapann go raibh sí iontach!

Ní lia duine ná tuairim...:-)

Dubhaltach said...

Leag sé a mhéar ar rud a ghoil go mór ar Barroso cinnte. Bhí sé sin soiléir ó fhreagra Barosso a sheachain cad a chuir Joe i leith na hEorpa.

Is dóigh go bhfuil iarPháirtí an Lucht Oibre, agus Joan ach go háirithe, buartha faoin Chomhghuaillíocht Chlé agus na vótaí a d'fhéadfaidís a mhealladh uathu toisc go mbeidh iarPLO ag leanúint ar aghaidh le polasaithe Fhianna Fáil.

Ba shuarach an iarracht a dhein sí chun cur as don díospóireacht.

Is mór an trua nach bhfuil níos mó cosúil le Joe ag treabhadh leo ar iomaire na polaitíochta.

Dubhaltach said...

@Áine.

Bhí ardmheas agam uirthi le fada. Dhein sí go maith sa Dáil ag ceistiú Fhianna Fáil agus an phraiseach a bhíodar á déanamh don tír le cúpla bhliain anuas.

Ach leis an olltoghchán ag teannadh linn thit an aghaidhfhidil ón pháirtí. Agus níl uathu anois ach a seal i gcumhacht agus gan cur as do chúrsaí mar atá.

Néidí said...

Thaitin sí liom go dtí oíche aréir.
Dúirt sí gur aoibhinn léi Larkin ach tá sí i gcoinne stailceanna -san aon abairt amháin.
Ach an pointe is measa faoi ná gur bhain sí úsáid as 'an bhfuil sibh ag iompar mar seo mar go bhfuilim i mo bhean. Náireach. Sise an t-aon duine a bhí ag iompar go dona.
Táim buartha faoi mo vóta, bhíos chun mo vóta a chaitheamh don 'iarphairtí' ach ar an Domhnach ghlao Shortall 'ragbags' ar dhaoine ar an gclé!
dá oíche as a chéile tá ceisteanna le freagairt acu

Dubhaltach said...

@Néidí

Mar an gcéanna liomsa.
Sin, agus go bhfuil siad in ainm is a bheith in aghaidh an Bhille Airgeadais, ach, táid toilteanach vótáil ar a shon ionas go bhfágfadh FF rialtas níos luaithe!
Fimíneacht