Dé Sathairn, Eanáir 15, 2011

M2011.01.07



Ar fáil thuas tá leagan nua, atá iomlán, den scannán a cruthaíodh siar i 2003 faoi chaoi a ndearna na meáin tuairisc ar an gcogadh ola is acmhainní san Iaráic.

Is fiú cuimhneamh ar seo anois agus cogadh eile in aghaidh na hIaráine á bheartú acu.

Baineann an ceann seo leis na meáin chumarsáide sna Stáit go príomha, ach tá an ghné seo lárnach sna meáin in achan tír in iarthar domhain. Bíodh sé sin faoi chúrsaí cogaidh, eacnamaíochta nó polaitíochta.

4 comments:

Fearn said...

" cogadh eile in aghaidh na hIaráine ".

Tá fuil shróine curtha leis na SAM ag an Iaráic agus agus ag an Afgánastán.
Beag an baol go bhfuil siad réidh don treas cheann.

Nó, cé eile a bhfearfadh cogadh?

Fearn said...

B'fhéidir go bhfuil an tIosraelach ag smaoineamh ar chéile comhraic eile?

http://www.haaretz.com/print-edition/news/is-the-idf-prepping-for-a-third-war-with-lebanon-1.331431

ormondo said...

Dúirt iar-Oirghearmánach liom roinnt blianta ó shin nach gcreideadh na gnáthdaoine thall san Oirthear - ní nach ionadh - aon rud a thagadh ó mheáin nó ó chórais nuachta an Oirthir le linn ré an chumannachais.

Má b'ábhair neamhúrchóideacha nach mbeadh an baol ag gabháil leo go gcaithfidís amhras ar an réimeas a bhíodh i gceist (timpiste bóthair, an aimsir, coireanna beaga agus "mionscéalta" dá samhail) bhídís sásta glacadh leis nach bolscaireacht a bhíodh i gceist.

Agus ceapaim gurb é a dhála sin againne é sa "Sean-Iarthar" leis na blianta anuas.

Níl fágtha don chuid is mó ach "Panem et circenses", iriseoirí faiteacha nó deistapaíocha agus maidríní lathaigh ceannaithe.

Faraor.

(Ach is léaró dóchais é go bhfuil go leor daoine éirimiúla cróga fós inár measc.)

Dubhaltach said...

@ Fearn:
Beidh toghcháin uachtaránachta sna stáit i gceann bliain go leith. Beidh Poblachtach buile éigin i réim. Ní chuirfeadh srón tinn as dóibh cogadh eile a thosnú.

@ Ormando.

Tá cúrsaí ag dul chun donais cinnte, agus d'fhéadfaí a mhaíomh gan dua go bhfuil na Stáit ach go háirithe, ar chomhchéim le "ré an chumannachais" ó thaobh bholscaireachta de.