Déardaoin, Iúil 08, 2010

M2010.07.04

Athchraol TG4 an clár Imeacht na nIarlaí aréir. Níl sé ar fáil ar shuíomh TG4 go fóilleach ach is fiú é a fheiceáil nuair a chuirtear suas é.
Toisc gur clár TG4 atá ann bhí teanga dhúchas Ó Néill agus Ó Dónaill á labhairt ag na Gaeil, seachas Béarla mar a dteanga labhartha, rud a bhítear ag súil leis ó chláracha staire ón ré chéanna a chraolann RTÉ.

Ach más dul chun cinn Gaeilge á labhairt ag Gaeil tá drogall fós ar na léiritheoirí céanna na Gaeil a chóiriú ina n-éadaí dúchas. (Féach thíos)
Faisean Shasana ón ré sin a bhíonn á chaitheamh acu i gcónaí. Ní bhíonn tasc nó tuairisc de léine na muinchillí fada, nó den chasóg ornáideach nó a mbrait lena ndathanna dána.

Am éigin amach anseo beidh clár staire faoi na Gaeil le feiceáil againn, agus beidh beagnach gach rud in ord le cúnamh Dé agus roinnt taighde .i. teanga, gruaig agus éadaí. Ach is fada uainn an lá sin anois.

4 comments:

Fearn said...

Is de shuimiúlacht an íomha seo.

Cuireann sé íomhanna ó scannáin Kirosawa in iúl dom

Dubhaltach said...

Nílim féin leath chomh cultúrtha is atá Fearn, beidh cabhair ó Goolge ag teastáil uaim le haghaidh scannáin Kirosawa! ;)

Dubhaltach said...

ó sea, na Samúraí agus a n-éadaí fada.

Fearn said...

Gabh mo leithscéal, a Dhubhaltach, ach tá mé cinnte go bhfuil tú leath chomh cultúrtha is atá mé.
:-)

Na héadaí a chaith na gnáthdhaoine sa Seapáin a bhí mé a rá. Bheadh éadaí an chinsil agus na samúraithe ní ba ghalánta agus ní ba ghnásmhaire