Dé Céadaoin, Meitheamh 23, 2010

M2010.06.18

Ní fhaca mé an méid seo ó Pháidí Ó Lionáird i Gaelscéal an tseachtain seo caite go dtí aréir.
Agus níor mhaith liom é a ligean tharam gan rud éigin a rá.

Bhí sé ag tuairimíocht faoi cé acu atá ag gáire anois ar dhroim na coimhlinte cumhachta i bhFianna Gael.
"Tá gliondar ar Éamon Gilmore toisc go bhfuil éacht stairiúil bainte amach aige mar cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre – an chéad uair riamh ag an bpáirtí a bheith chun tosaigh ar cheachtar de na páirtithe eile i stair an stáit.
Tá ceisteanna nach bhfuil freagartha fós ag Gilmore áfach. Baint le heagras poblachtánach agus a ról ann? An bhfuil solas lae curtha idir é féin agus aon rian de smál aige? Nó an é nach bhfuil éinne sásta é a cheistiú?"
Anois n'fheadar an iarracht é seo chun ainm Éamon Gilmore a mhilleadh agus beag a dhéanamh de dhul chun cinn an pháirtí? Nó an aineolas lom atá i gceist?
Is dóigh liom gur blaisín den dá rud atá ann!
Dá mbeadh tuiscint dá laghad aige faoi Pháirtí na nOibrithe .i. na "Sticks" nó na "Stickies" agus ról beag Gilmore ann ní déarfainn go bhféadfadh sé é sin a rá. Ach ar an lámh eile b'fhéidir go dtuigeann sé nach raibh páirt ag Gilmore in aon ghrúpa míleatach agus ba mhaith leis ainm Gilmore a mhilleadh trí aineolas dhaoine eile?
Creideann daoine an méid a léann siad má thuigeann tú leat mé, sin an fáth go bhfuil an focal scríofa chomh cumhachtach.

Ar an mbonn sin is dóigh go n-oibríonn sé más é sin a bhí sé ag iarraidh a bhaint amach.

Amaideacht Uí Lionáird i leataobh agus gan a bheith ag dul ró-dhomhain siar ar an stair is féidir a rá gurb é an fhírinne gurb iad na ráflaí óna gaimbíní sna meáin chumarsáide go raibh "Grúpa B" (.i. Óglaigh na hÉireann) fós gníomhach an fáth (nó fáth amháin ba chóir a rá) go dtréig De Rossa, Gilmore agus Rabbitte Páirtí na nOibrithe chun Páirtí an Daonlathais Chlé a bhunú. Ag cumasc le Páirtí an Lucht Oibre cúpla bliain níos déanaí i ndiaidh sin.
Fíric is ea é seo a dhéanann bréag ar an toirt d'aon chomhcheilg mhíleatach phoblachtánach nó ról diamhair neamhfhreagartha ar pháirt Mhic Giolla Mhir ó pheann Pháidín.

Tá níos mó faoin scéal sin sa leabhar a tháinig amach anuraidh The Lost Revolution: The Story of the Official IRA and the Workers’ Party
B'fhéidir ba chóir do Pháidí bocht a obair bhaile a dhéanamh sula gcuireann sé cacamas mar seo ar phár arís?

------Aguisín déanach------

Déarfainn go bhfuil cúis leabhail ag Éamon Gilmore in aghaidh Gaelscéal i ngeall ar an alt seo a dhéanann clúmhilleadh nach beag ar a ainm.

Agus is fiú a chuimhneamh faoi cás leabhail a chuir Proinsias De Rossa in aghaidh an Sunday Indpendant toisc gur scríobh Eamonn Dunphy alt i 1999 ag maíomh go raibh a fhios ag De Rossa mar bhall de Pháirtí na nOibrithe go raibh Óglaigh na hÉireann i mbun gníomhachtaí mídhleathacha. Bhuaigh De Rossa an cás agus fuair sé £300,000

3 comments:

Cailliomachas said...

Iontas orm go ndéanfadh Páidí botún mar sin. Gan trácht ar théarma chomh héiginnte le 'eagras poblachtánach' a úsáid. Eagrais phoblachtánacha iad gach páirtí polaitíochta sa Dáil sa mhéid is go gcreideann siad ar fad sa phoblacht(achas). Agus is ea ó thaobh a bhfréamhaca de freisin de: Fine Gael san seanIRB, Fianna Fáil sa seanIRA. Ar éigean is fiú a bheith le hiriseoireacht mhíchúramach, fiú ó iriseoirí maithe.

Dubhaltach said...

"Iontas orm go ndéanfadh Páidí botún mar sin."
Is é, ach an botún é?

"Gan trácht ar théarma chomh héiginnte le 'eagras poblachtánach' a úsáid"

Go díreach é.
Mar sin chun ciall ar bith a dhéanamh den ionsaí caithfear breathnú ar "eagras poblachtánach" trí thuiscint an Sunday Indo den téarma. Deireann sé seo níos mó faoi ábhar léitheoireachta Pháidí agus a pholaitíocht ná aon ní eile.
Is ar an mbonn sin agus an fhíric go raibh "Óglaigh na hÉireann" (Bhain gach grúpa míleata úsáid as an ainm sin) bainteach le Páirtí na n-Oibrithe ag an am is féidir linn meon Pháidí a thuiscint.

Ach mar a dúirt mé sa bhlagmhír d'fhág Gilmore Páirtí na n-Oibrithe chun páirtí nua a bhunú le Proinsias de Rossa toisc go raibh scéalta sna nuachtáin go raibh Grúpa B (Óglaigh na hÉireann de chuid Pháirtí na nOibrithe) gníomhach fós .i. robáil etc.

Níos mó ina leith ar an alt wiki seo

Dubhaltach said...

B'fhéidir ba chóir do lucht Gaelscéal an breithiúnas áirithe seo a chuimhniú:
http://www.bailii.org/cgi-bin/markup.cgi?doc=/ie/cases/IESC/1999/63.html&query=rossa&method=boolean

Fuair De Rossa £300,000 siar i 1999 ón Sunday Indo toisc gur scríobh Eamonn Dumphy go chreid sé go raibh a fhios ag De Rossa go raibh na hÓglaigh gníomhach!!!

Leis an fhírinne a rá tá cás ag Gilmore in aghaidh Gaelscéal anseo.