Dé Céadaoin, Meitheamh 16, 2010

M2010.06.11

"Do shláinte a Sheáin", is d'ól an bheirt a shláinte. Ar feadh an lae, agus iad ar deargmheisce ina dhiaidh. Chomh mór sin ar meisce go ndearna Seán cac fliuch ina bhríste! Siopa, bríste nua géine agus isteach sa traein. Leithreas le brístí a athrú. Ní bríste a cheannaigh Seán, ach seaicéad deinim!

Sin thuas m'iarracht litríocht leabhrán lasán a scríobh.

6 comments:

aonghus said...

Agus ansin bhí an scéal ina chac ceart....

Maith thú!

Dubhaltach said...

Bhí go deimhin. Agus is fíor scéal atá ann, leis! :)

Mise Áine said...

An-iarracht - fuair mé an boladh as seo!

Dennis King said...

Ós litríocht atá ann, ar mhiste leat cúpla moladh?

1) a sláinte > a shláinte

2) chomh ar meisce sin > chomh mór sin ar meisce / chomh hólta sin

3) leabhrán lasáin > leabhrán lasán (Tá níos mó ná lasán amháin sa leabhrán.)

Is cliste an scéilín é! Chuir sé strainc orm ar dtús agus ansin bhain sé gáire asam.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat Dennis. Fáilte roimh moltaí i gcónaí.

Dubhaltach said...

Grma a Áine, ach ní shílim go bhfuil an bua agam scéal maith a insint i níos lú ná 300 focal.
Cailleann an scéal cumhacht dar liom.

N'fheadar mé an bhfuil aon sult le baint as scéal faoi dheabhadh?