Déardaoin, Feabhra 04, 2010

M2010.02.08

Fuair mé an nuacht ar maidin go bhfuair mé post nua an-thábhachtach .i. tá freagracht nach beag ag baint leis. Mar sin n'fheadar cad a bheas i ndán don bhlag seo amach anseo. Seans nach mbeidh mé chomh rialta ag blagadóireacht agus ba mhaith liom.

8 comments:

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Comhghairdeas! :-)

aonghus said...

Dearna leat. Agus súil agam go bhfuil luach saothair le fáil agat an an mbreis freagarthacht! i. nach ardú teidil seachas ardú céime atá ann.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agaibh.
Ardú céime atá ann go deimhin.

Dubhaltach said...

Gheobhaidh mé luach mo chuid shaothair leis.

Cailliomachas said...

Comhghairdeas! Más go neamhrialta féin a bheidh, bainfidh muid sult as é a léamh.

Dennis King said...

An-scéala! Bíodh is go bhfuil do chuid blagadóireacht i mbaol anois. (“Tá dea-scéala daoibh, agus droch-scéala...”). Deirtear nach féidir le duine an dá thrá a fhreastal. Ach ní jab é an blag. Bíodh sé ina chaitheamh aimsire agat. Agus bain sult as an jab freisin!
:-)

Dubhaltach said...

Go raibh maith agaibh arís.
Sílim go bhféadfaí an dá thrá a fhreastal, ach ag tús jab nua bíonn níos lú ama agat le haghaidh machnaimh agus scríbhneoireachta.

Mise Áine said...

Go n-éirí go geal leat sa phost nua, a Dhubhaltaigh!

Maidir leis an mblag, bíonn an rud annamh iontach freisin...:-)