Dé hAoine, Nollaig 11, 2009

M2009.12.03


Cad é faoi cúpla deoch a spreagann smaointí iontacha?
Ach. Nuair a thagaim abhaile tá na smaointí céanna imithe uaim.

N'fheadar an raibh sé déanta roimhe, ach déarfainn go mbeadh sé ina smaoineamh maith blagáil rialta a dhéanamh ón teach tábhairne, le linn na Nollag b'fhéidir?
Déarfainn go bhfoghlaimeoinn rud éigin nua fúm féin, nó bheadh ábhar dráma ann, nó úrscéil, nó dán díreach den chéad scoth fiú. Ós rud é gurb iad daoine na tuaithe, agus a scéalta greannmhar, an t-ábhar inspioráide is fearr ar domhan.

Ba bhreá liom 1% de na smaointí a bhíonn agam a chuimhneamh, nuair atá an deoch istigh. Dar fia, b'shin dialannaíocht réalaíoch.

Sílim go raibh Paul Glasach Gogarty ar m'intinn ar feadh píosa.


Is ea, vótáil muid isteach iad, tá siad tuillte againn.
"Unparliamentary" go deimhin. Ach pé rud a deireann an t-amadán tá an ceart aige faoi rud éigin, tá muide "screwed" mar tír.

7 comments:

Dennis King said...

Is Sasanach a dúirt “Ceann de mhíbhuntáistí an fhíona: ligeann sé le duine focail a thógáil ar son smaointe.”

Is ciotach an t-aistriúchán é seo. An tig leat an t-údar agus an bunleagan a aimsiú?

:-)

ormondo said...

Bhí fuckal neamhbhalbh de dhíth le fada an lá ar an Dáil céanna. -;)

Dubhaltach said...

@ Ormondo
Deirtear gur paisean a bhí ann! Nílim cinnte faoi sin, feictear domsa ón racht sin go bhfuil scitsifréine ag mo dhuine.

Is cinnte go bhfuil scitsifréine pholaitíochta ag a pháirtí ar aon chaoi.

Dubhaltach said...

@ Dennis
Sílim gur aimsigh mé an bunleagan ach tá sé caillte agam arís. Ó mo léamh de , bhí sé ag maíomh go ligeann sé le duine a cheapadh go bhfuil smaointe taobh thiar de na focail! Nó rud éigin dá leithéid.

I mo chás de, is éard a tharlaíonn ná ritheann smaointe liom, ag brath ar an gcomhluadar agus an áit. Tá sé cosúil le brionglóidíocht is dóigh liom, agus i ndiaidh deirim liom féin "caithfidh mé é sin a chuimhneamh" agus ar ndóigh ní féidir.

Dennis King said...

This is one of the disadvantages of wine: it makes a man mistake words for thought. ~ Samuel Johnson

Tá leabhrán nótaí ag teastáil uait agus tú teach tábhairne.

Dubhaltach said...

Gan amhras ar bith

Google+ said...

D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com