Dé hAoine, Deireadh Fómhair 09, 2009

M2009.10.08

Deirtear go ndeachaigh roinnt smaointeoirí as a meabhair ag iarraidh ciall a dhéanamh den Chruinne, nó an Uile. Cá dtosaíonn sí agus cá gcríochnaíonn sí? Agus fiú má thosaíonn agus chríochnaíonn sí cad atá taobh amuigh den chríoch sin agus cén cruth atá air? Cá gcríochnaíonn an spás taobh amuigh den Uile s'againne? Má tá críoch lei.

Éigríoch.
An bhfuil aon ní san Uile níos deacra a thuiscint ná éigríoch?


Bhí an t-ábhar seo ag dó na geirbe agam le cúpla lá anuas, i ngeall ar bhrionglóid. Ní mhíneoidh mé an bhrionglóid seachas le rá gur spreag sé mé an cheist a chíoradh.

Tá a fhios againn anois go bhfuil an chruinne ag méadú, i gcónaí, amhail boilgeog le haer á chur inti tá sí ag éirí níos mó ón lá a chruthaíodh í. Sa deireadh méadóidh sí chomh mór sin go bhfaighidh sí bás .i. beidh grianta scartha óna pláinéid srl. Nó méadóidh sí chomh mór sin go gcrapfaidh an Uile go tobann, ag scriosadh chuile ní atá inti agus ag cruthú dúpholl ollmhór.
Pléasc Mhór eile a bheas ann, ach an pléasc deiridh sa gcás seo.

An rud is suntasaí faoin méadú seo ná taispeánann sé -ba chóir a rá go gcreideann eolaithe go dtaispeánann sé, agus tá an mhatamaitic ag aontú leo- go bhfuil an Uile measartha cruinn ina cruth, amhail boilgeog. Agus creidtear go bhfuil boilgeoga eile taobh amuigh den bhoilgeog s'againne, sé sin le rá cruinní nó uilephobail eile i dteagmháil le cruinne cruinn s'againne.
Iad go léir go dlúth le chéile.
Ach gach ceann acu finideach, bíodh is go bhfuil siad ollmhór as cuimse, ónár radharc de, ach finideach mar sin féin .i. d'fhéadfaí taistil ó taobh amháin de chun taobh eile, dá mbeadh sár-long spástaistil agat ar ndóigh!

Ach, fiú má mhíníonn teoiric na mboilgeog cad atá go díreach timpeall ár nUile, ní mhíníonn sé cá gcríochnaíonn na boilgeoga céanna má tá tús agus críoch leo. Éigríoch arís?

Nó gob naofa Dé? nó seile chosanta an mhíl sheile chuaiche?

6 comments:

Mise Áine said...

Tá boilgeog, ina cruth, cruinn nó ciorclach, agus an bhfuil a fhios ag aon duine cá bhfuil tús ná deireadh an rud atá ciorclach?

Tá an cheist chomh éiginnte leis an bhfreagra...:-)

Dubhaltach said...

ní féidir a rá cá bhfuil an tús. Ach is féidir pointe a phiocadh amach agus an pointe is faide ón phointe sin a aimsiú. D'fhéadfá a mhaíomh gurb é sin tús agus deireadh.

Dubhaltach said...

Tá sé finideach ba chóir domh a rá

Dennis King said...

An bhfuil aon ní san Uile níos deacra a thuiscint ná éigríoch? - Mmmm... cén fáth an bhfuil rud ar bith ann?

Maidir le “cruinne”, is tarraingteach an smaoineamh é le fada an lá. Tá sliocht in In Tenga Bithnua, ca. 800-900, a chuireann síos ar chruinne na Cruinne. Cuirfidh mé ar mo bhlag é.

Dubhaltach said...

Bheadh sé sin ar fheabhas Dennis.

Cailliomachas said...

Is breá liom an grianghraf. An fheithid ina chruinne féin. An bhfuil a fhios aige gur ar chraobh rós Muire atá sé is go n-úsáideann beitheanna eile le cur i gcasaróil uaineola? Ní móide é. Ach oiread is a thuigeann muidne céard tá lasmuigh den chruinne againn féin.