Dé Máirt, Iúil 07, 2009

M2009.07.02



Ní shílim gur bhain mé chomh mór sult as leabhar le fada an lá. Ní fheadar an ndeirim é sin liomsa féin chuile uair a chríochnaíonn leabhar!
Ar aon chaoi, Dracula le Bram Stoker atá i gceist agus arna aistriú go Gaeilge ag Seán Ó Cuirrín i 1933 agus Maolmhaodhóg Ó Ruairc níos déanaí i 1997.
Bhí fíor-saibhreas agus cruinneas na teanga Ghaeilge le léamh ann, bhí orm dul go dtí an foclóir go minic. (Rud a chur feabhas mór ar mo chuid Gaeilge féin is dóigh)
Éiríonn an scéal féin leadránach ó am go ham, agus uair nó dhó bhraitheas nach raibh sé ag bogadh ar aghaidh ar chor ar bith. Ach tríd is tríd tá an scéal seo fós beo bríomhar a dhóthain chun d'aird agus spéis a choinneáil sa scéal. Rinne Stoker éacht nach beag scéal chomh nua-aimseartha a scríobh. Ní mór cuimhneamh gur scríobh sé idir 1890 agus 1897 é
Mholfainn Dracula (leagan Gaeilge) go mór.

Tar éis dom an leabhar seo a léamh bhí mo spéis in airde leis an scannán a fheiceáil. Rinneadh an scannán bunaithe ar an leabhar agus leis an ainm céanna.
Is rud é a deirtear go minic agus i gcónaí, loiteann scannánóirí scannáin bunaithe ar leabhair nach gcloíonn go dlúth leis an mbunscéal. Mo léan, ach is amhlaidh an cás leis an scannán seo. Ní fhágtar dílis don scéal agus cruthaítear scéal grá idir an Súmaire agus Mín Uí Earcair! Scéal atá go hiomlán as alt leis na carachtair.
Sin scannánóirí Choill an Chuilinn duitse is dóigh.

2 comments:

Dennis King said...

Go raibh maith agat as an léirmheas. Chuaigh mé chuig Litriocht.com le súil a thabhairt air agus bhain botún cló sa chur síos air gáire sláintiúil asam. In áit "giorraithe", scríobh siad:

"Eagrán ciorraithe atá anseo..."

Dubhaltach said...

fáilte romhat, ach ní léirmheas iontach é