Dé Luain, Lúnasa 25, 2008

M2008.08.04

In Éagmais Uí Chonghaile. Gluaiseacht na n-oibrithe: Gluaiseacht ar strae le Aindrias Ó Cathasaigh.

Aiste spéisiúil mar chuid de Mhacallaí na Cásca ó eagarthóir nua Comhar atá ann.

San aiste déanann an t-údar cur síos ar laigí a bhaineann le Páirtí an Lucht Oibre sa lá atá inniu ann agus an chaoi nach bhfuil a ndearcadh ag teacht le dearcadh Shéamais Uí Chonghaile, bunaitheoir an pháirtí in Éirinn.

An fhadhb is mó atá aige leis an bpáirtí ná an chaoi, roimh an olltoghchán, a raibh sé beartaithe ag LO a dhul i gcomhrialtas le Fine Gael - páirtí ar an bhfíor-eite dheis.
Am amú a bheadh ann don LO a bheith ag dul i rialtas, ina thuairim, óir ní féidir fíor-athruithe a bhaint amach má fheidhmíonn duine taobh istigh de chóras .i. córas rialtas atá go hiomlán ar son caipitleachais.
Bheadh níos mó le baint amach ag oibriú ar an talamh .i. gníomh díreach in aghaidh caipitleachais agus an rialtais atá ar an eite dheis ó thaobh dearcadh polaitíochta de.

Ábhar maith machnaimh atá ann go deimhin. Ach tagann Ó Cathasaigh trasna go gcreideann sé go raibh chuile rud a scríobh nó adúirt Ó Conghaile ar nós Bíobla naofa an Lucht Oibre.
Níl aon cháineadh nó cáineadh dearfach go fiú san aiste seo ar an gConghaileach féin!
Cá bhfuil an critic?

Uaireanta san aiste bíonn sé ró-dhian ar an LO freisin, dar liom. (Ní sin le rá nach bhfuil cuid mhaith den cáineadh tuillte go maith acu)
I gcuid amháin den aiste cuireann sé ciníochas go míchóir ina leith .i. an méid a dúirt an LO faoi ollinimirce go hÉirinn bliain ó shin.
Cheap mé i gcónaí gur aisteach an rud é ós rud é go bhfuil an fhíor-eite dheis agus an fhíor-eite chlé ar aon thuairim faoi ollinimirce neamhrialaithe!
'Sé sin, tá ollinimirce ag teastáil go géar ó lucht an rachmais a fheidhmíonn sa gcóras chaipitlíoch le haghaidh oibrithe saora agus chun an t-íosmhéid páidhe a shárú, ach tá Ó Cathasaigh agus an fhíor-eite chlé de thuairim chéanna is a bhí Ó Conghaile, gur cine amháin muid agus is cuma faoina leithéid. Agus an ceart acu faoi sin go teicniúil.
Ach, faraor, déanann an idé-eolaíocht sin neamhaird den fíorshaol ina maireann muid.
Ní ciníochas i gceist ar chor ar bith ach tuiscint chothrom ar na fadhbanna a bhaineann lena leithéid de pholasaí caipitlíoch.
Fágann a easpa machnaimh ar an gceist seo imní ormsa nach bhfuil mórán fíor-mhachnaimh déanta aige ar scríbhinn eile Uí Chonghaile ach an oiread! Faraor.

Cúig Euro ar an aiste, tá sé beagáinín as dáta anois leis an olltoghchán thart agus an LO ag iarraidh a slí féin a dhéanamh, ach is fiú é a léamh.

Scór: 6 as 10

2 comments:

aonghus said...

Ní bheidh sé as dáta go dtí go mbíonn an chéad olltoghchán eile ann.

Léirmheas mhaith.

Seans go gcuirfidh mé ar an liosta an pamphléid, bhain mé súp as cinn eile san sraith.

Is Marxach é an Cathasach go fóill, is dóigh liom. Ach is dóigh liom freisin go bhfuil lúb ar lár bunuasach i saothar Mharx. Rinne sé cur síos cruinn ar an bhfadhb. Ach níor mhol sé oideas cuimsitheach lena réiteach - mar a chonaic muid thoir.

Dar ndóigh, bheinnse den tuairim nach bhfuil leigheas le fáil laistigh de pharaiméidir an abharachas.

Dubhaltach said...

"Is Marxach é an Cathasach go fóill"

Marxach go smior.
Ach tá an-chiall sa mhéid a bhfuil le rá aige.
Faraor ní luíonn a lán den le ciall ó thaobh an fhíorshaoil de .i. tithíocht.

Má fheiceann tú an ceann seo sa leabharlann, is fiú é a léamh. léifeá i gceann uair a chloig é