Déardaoin, Iúil 31, 2008

M2008.07.10

Dán nua sa stíl fiannaíochta chun slán a fhágáil le hIúil fliuch agus fáilte a chur roimh Lúnasa fliuch:

Sa tír seo a rugadh Fionn
an sár-laoch is fearr linn,
deamhac Cumhaill mhic Treánmhóir
'thuig Pádraig mac Calprainn cóir.

Oisín an file, a mhac
Cnú Dearóil, a abhac,
bhí sé, an t-abhac, lán spraoi
agus b'in é mar a bhí.

Inniu níl aon chaint ar Fhionn
nó gníomh ar Mhá Éireann,
ní reictear ealaín Oisín
an fhiannaíocht bhreá lán grinn.

Scoth na bhFiann níl fágtha
ó charnadh na droch-sluaite,
ní mhaireann an cath ag Fionn
ó gcloistí an Dord Fiann.

Och fós tá fíorchath le troid
idir comhlachtaí lán bróid,
Gúgáil fíorGhaelach fíormhór
agus Cuil nua atá óg.

Tá an dá chon sa tseilg
(amhail a scríobh na cléirigh),
na hamais is mó a fháil
mór a bheas "Cuil" ag strácáil.

"Cumhall" fíorainm an tsuímh
an t-ainm is Gaelaí riamh,
Cumhall mac Treánmhóir chóir
athair Fhinn an bhéil bhinn mhóir.

Chuir cath ar Chonn Céadchathach
ag Cumhall mac Treánmhóir marfach,
amhail Cuil cóir sa lá inniu
an cath is nuaí is fiú.

Sa tír

2 comments:

aonghus said...

Bladar.

http://www.primalsneeze.com/2008/07/31/snippets-19/

Á phlé thall tí Phrimal againn.

Tá cuil san anraithe áirithe seo ach go háirithe. I breá liom do dhán[aíocht]!

Dubhaltach said...

go raibh maith agat