Déardaoin, Bealtaine 15, 2008

M2008.05.08

D’fhógair an tAire um Chumarsáid Éamonn na nGlasach mac Murchadh mhic Cathail mhic Bhriain Uí Riain inné foilsiú an Bhille Craolacháin nua, aois domhain 2008, bille is ea é a chlúdaíonns cúrsaí teilifíse agus cumarsáide.
Cuirfear an bille nua cosc ar mhallachtaí ar na haerthonnta agus ar an teilifíseán araon, i measc rudaí eile.
Cuirfear fíneáil ar aon stáisiún/bealach a bhriseanns na rialacha nua seo.

Ar an toirt is féidir liom smaoineamh ar fhógra teilifíse ar TG4 le haghaidh an Western:

"é a ghringo, níl aoinne anseo tá siad ag breathnú ar an Western ar TG4"
"Buinneach".

Wámó, fíneáil throm, marc dubh, trioblóid.

Agus céard faoi South Park, tá sé críochnaithe anois a mhac lena "Buinneach lofa dearg" "Dúidlín lofa" "Bastairdín lofa". Agus ceard faoin gcarachtar Séamas Ó Catháin ar Ros na Rún?.. is eisean ag baint úsáide as an bhfocal "Friggin" go tric. Bíonn se ag friggáil seo 'gus ag friggáil sin i gcónaí.
Ba chóir go mbeadh deireadh leis sin anois faoin mbille nua is dóigh.
Striapacha, The Running Mate, Seacht srl cláracha ata lán le mallachtaí lofa:
"An bhfuil tú á fhocáil", mar shampla!

Táim go hiomlán cinnte go bhfuil Des Bishop s'againn focáilte i gceart anois ar aon chaoi.
Ní bhfeadfaidh laoch na Gaeilge is nuaí teacht idir 2 mhíle de na stáisiúin/bealaí teilifíse i nDomhnach Broc nó i mBaile na hAbhann go deo aríst ar eagla na heagla!

No comments: