Is deacair focail a chur ar an suaitheadh agus uafás a bhraitear faoi NAMA agus an méid airgid le cur amú ag sábháil na mbanc marbh!
Sílim go bhfuil sé ráite sách maith ag an dá pháirtí shóisialacha sa Dáil. Óráid Joan Bruton le feiceáil anseo, óráid Arthur Morgan anseo
Nach bhfuil sé tráthúil go bhfuil an tréas seo ag tarlú cúpla lá roimh chomóradh ar éirí amach na cásca 1916! An mbeidh sé de dhánacht ag an Taoiseach, agus an t-uachtarán (sínigh sí an reachtaíocht gan cheist), seasamh os comhair Ard Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus "a dtírghrá" a thaispeáint?!
Anois go raibh turgnamh rathúil ag "The Large Hadron Collider" chun dhá léas prótón a bhuaileadh faoina chéile beidh muid ag cloisteáil a lán cainte faoi "dhamhna dorcha" agus "fuinneamh dorcha" sna míonna atá romhainn, le cúnamh Dé. Táthar ag súil go gcaithfeadh an turgnamh inniu níos mó solais ar an fhadhb seo. Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam le "fadhb" i leith damhna dorcha is éard atá i gceist agam - tá foinse diamhair éigin ag tuairim is 85% d'imtharraingt sa chruinne nach bhfuil tuairim dá laghad againn cad é.
Tá go leor tuairimíochta agus teoiricí ann faoi cad atá taobh thiar den imtharraingt bhreise seo. Creideann roinnt fisiceoirí nach bhfuil tuiscint cheart againn ar imtharraingt féin. Is é sin le rá nach raibh Einstein ceart faoi imtharraingt ar scála réaltraí is na cruinne. Ní fhéadfá a mhaíomh go bhfuil mórán i gcomhaontú leis an tuairim sin ar chor ar bith!
Tá teoiric ann gurb é atá san imtharraingt bhreise seo ná dúphoill bheaga (féach anseo le haghaidh leagan PDF de pháipéar ar an ábhar; "Black Holes Constitute All Dark Matter"). Ach arís níl aon chomhaontú ann. Ní féidir go mbeadh comhaontú ann mar níl aon eolaíocht ina leith a d'fhéadfadh tuairim a thógáil air.
Tá tuairimíocht eile ann áfach, atá i bhfad Éireann níos spéisiúla ná na cinn luaite thuas faoi cad is imtharraingt dorcha ann. Is é sin an il-chruinne.
Sa teoiric seo creidtear nach bhfuil inár gcruinne féin ach cruinne amháin i measc na mílte cruinne, nó na billiúin cruinne etc. Ní féidir linn na cruinní eile a fheiceáil toisc go bhfuilid i ndiminsin níos airde ná ár ndiminsean féin. Dar leis an teoiric seo is éard atá sa imtharraingt bhreise dorcha nach dtuigeann muid ná imtharraingt na gcruinní eile seo. Imtharraingt a thrasnaíonn idir chruinní, idir diminsin, ina bhféadfaí a dtionchar a mhothú idir na cruinní .i. 85% den imtharraingt atá inár gcruinne nach bhfuil ann de bharr na réaltaí, réaltraí agus dúphoill go léir a fheiceann muid.
Mar sin is éard atá i damhna dorcha (imtharraingt dhorcha), go teoiriciúil, ná imtharraingt damhna mar a thuigeann muid é, ach, ó chruinní eile ar dhiminsin níos airde.
Táim ag súil go mór le cibé sonraí a thiocfaidh as an turgnamh a tharla inniu.
Cad is ealaín ann? Agus más ealaín atá ann an ceart cosc a chur uirthi mura dtagann sí faoi "rialacha an phobail" faoi cad is inghlactha i sochaí? Má tá coirp mhná nocht san ealaín atá i gceist an bhfuil sé ceart na híomhánna siúd a roinnt leis an domhan ar shuíomhanna idirlín? Nach bhfuil éinne ag smaoineamh faoi na páistí!
Níl an ealaín seo pornagrafach in aon chor, sílim!. Tá siad aisteach, agus bhí sé greannmhar domsa ó am go ham, b'fhéidir de bharr anabaíocht éigin atá ormsa, nó b'fhéidir nach dtuigim meon an ealaíontóra fiú.
Is éard atá i gceist agam ná gearrscannáin ón ealaíontóir Amy Greenfield ó Bhostún, ealaíontóir a bhfuil clú agus cáil uirthi i measc lucht na n-ealaíon timpeall an domhain. "Fís-damhsa" agus "fís-fhilíocht" a thugtar ar chuid mhaith dá saothar.
Luaim an t-ealaíontóir seo agus a saothair toisc gur chreid You Tube nach bhfuil an ealaín seo oiriúnach dá shuíomh agus nach dtagann sé faoina rialacha féin i leith cad is ceart agus cóir le cur suas ar an idirlíon. Mar sin baineadh na físeáin as an suíomh sa mhí seo caite. Cuireadh cinsireacht i bhfeidhm chun muid a shábháil ó na híomhánna ealaíonta de mhná nocht!
Anois deirtear go bhfuilid ar ais arís mar gheall ar aighneas in aghaidh an chinnidh sin, ach nílid feicthe agamsa fós. Faoi láthair táid ar fáil ar Vimeo más mian leat do bharúil féin a dhéanamh. An raibh an ceart ag You Tube nó nach raibh?
B'fhéidir gur físeáin do dhaoine fásta atá ann i ndáiríre! Agus ná bí ag breathnú ar na cinn seo má tá seans ann go bhfeicfeadh ceannasaí nó comhghleacaithe iad, ar eagla nach dtuigfidís gur ealaín atá ann agus ní pornagrafaíocht!!
30ú de mhí Mhárta,Lá 'le NAMA, bliain na ngaimbíní 2010. Scamallach, gaoth fhuar aduaidh, tá sé ag cur sneachta agus flichshneachta i mBaile Átha Cliath ar maidin! Táthar ag tuar go mbeidh sé amhlaidh go ceann cúpla lá eile... Aon teas a bhí sa talamh go dtí seo beidh sé imithe arís i ndiaidh na seachtaine seo, agus táthar ag rá go raibh fás an fhéir beagnach mí déanach cheana fhéin!
An dtiocfaidh an samhradh? An bhfásfaidh an féar?
Tuairisc cuimsitheach eile ó Greenpeace ar maidin faoin chomhlacht Koch Industries agus an chaoi a bhfuil an comhlacht sin ag tabhairt tacaíocht airgeadais do dhreamanna a shéanann an eolaíocht maidir le hathrú aeráide de. Mar gheall ar an méid airgid á chaitheamh ag Kock Industries chun amhras a chaitheamh ar eolaíocht a bhaineann le téamh domhanda, creidtear, go bhfuil tionchar níos láidre aige ar dhearcadh na séantóirí (agus daoine i gcoitinne) ná Shell agus BP curtha le chéile!
Sílim féin gur fiú an tuairisc seo agus an ceann roimhe a léamh, táid scríofa i dteanga soléite agus táid lán eolais. Eolas nach gcloisfear ó na meáin in Éirinn. (Feictear domsa nach dtugann na meáin mórán airde ar aon dhream nach bhfuil ceangal polaitiúil acu.)
If I were a betting man, I’d say one of the big banks will be fully nationalised early next year. This would mean that, rather than the guarantee – which, on its own, was intended to be used to deal with the creditors in an orderly fashion and sell one of the big banks for a song to an international bank – we will get the triple lock. The triple lock is the guarantee, Nama and nationalisation. This is probably the worse combination of all.
Tá ciall ag an fhear a dúirt é an bhliain seo caite. In ainneoin cacamas an rialtais (NAMA agus an ráthaíocht) beidh bainc, nó roinnt acu, á náisiúnú, agus beidh an trí rud againn .i. an glas triarach mar a mhíníonn Mac Uilliam é. Agus ní náisiúnú maith mar ba mhaith le sóisialaí é, ní bheidh an pobal á stiúradh ar son leas an phobail! Fanfaidh cumhacht an chomhlachta i lámha príobháideacha fós, ach an comhlacht beo ar airgead an phobail .i. caipitleachas stáit.
Tá an rialtas seo ag aistriú airgead an phobail (airgead ar iasacht a bheas orainn a íoc ar ais) ón stát go dtí na comhlachtaí príobháideacha dócmhainneacha .i. go dtí cairde Fhianna Fáil.
Thug, nó tabharfaimid ba chóir a rá, pobal na hÉireann, tuairim is €27 Billiún do na bainc marbh in Éirinn go dtí seo. Sin €27,000,000,000 dár gcuid airgid do bhainc gan mhaith. Ardóidh an figiúr seo níos airde feasta chomh maith.
Alt thar a bheith iontach eile ón fhear thuasluaite, 2+2=5, ón SBP inné.
"Nama first and now the recapitalisations are both moving taxpayer resources to the banks, where it will be destroyed. The €4 billlion gone into Anglo last year is gone. In fact, keeping with the Nineteen Eighty Four analogy, Anglo is the room 101 of taxpayer funds"
Anois, beidh na bainc i seilbh iomlán an stáit ach ní bheidh cumhacht againn i leith a stiúradh (D'ardaigh AIB a ráta morgáiste ar maidin)! Seo an cás is measa de chaipitleachas stáit gur féidir liom smaoineamh faoi... Seo an cás is measa d'amaideacht agus phraiseach ar scála náisiúnta gur féidir liom smaoineamh faoi...
"both Bank of Ireland and Allied Irish Banks are fundamentally sound and solvent institutions. The Government wishes to ensure that both Bank of Ireland and Allied Irish Banks remain as independent banks. The Government re-affirms that it is proceeding with the planned recapitalisation of Bank of Ireland and Allied Irish Banks on this basis and its firm intention is that both banks remain in private ownership."
Níl ciall nó tuiscint dá laghad ag an amadán a mhaígh an méid sin thuas an bhliain seo caite.
Amárach cloisfidh muid uaibh go bhfuil sé á n-athchaipitliú .i. á náisiúnú! Rud a bheadh déanta cheana má bhí an chiall aige le bliain go leith anuas éisteacht le daoine lasmuigh de na leasanna dílsithe ina pháirtí féin agus sna bainc.
D'fhás mé suas ag éisteacht leis an mbanna ceoil Deftones ó na Stáit Aontaithe, agus tá albam nua eisithe acu. Níl a fhios agam an bhfuil spéis ar bith agam ann a thuilleadh.
Ach nuair a bhíos níos óige (16) agus lán fuinnimh bhíos i mbanna ceoil, leis! Ní rabhamar ró-dhona ach an oiread.... Agus rinne muid clúdach d'amhrán de chuid na Deftones le mise mar amhránaí! An ceann seo thíos:
Maith dom a léitheoirí! Mar a dúirt mé, bhíomar lán fuinnimh! A dhóthain fuinnimh chun leictreachas a sholáthair don tír ar feadh bliana dá bhféadfaí leas a bhaint asainn ar bhealach éigin. Bhuamar comórtas mór (cath na mbannaí) "ag casadh" an amhráin sin thuas uair amháin. Baineann sé gáire mór asam agus mo chairde i gcónaí ag smaoineamh siar ar an saol sin!
------------------------------
D'eisigh Greenpeace tuairisc inniu (Dealing in Doubt) Míníonn an tuarascáil seo conas atá an tionscadal ola agus guail ag baint úsáide as cur cúige an tionscadail tobac chun bréagaisnéis a chruthú i measc pobail an domhain le 20 bliain anuas i leith athrú aeráide. Is fiú go mór é a léamh. Luann an tuarascáil na hainmneacha de na sceiptigh mhóra atá ag obair do na comhlachtaí móra ola is guail, agus déantar iniúchadh ar chaidreamh díreach idir na meithle smaointe ("think tanks") a oibríonn chun bréag a dhéanamh d'athrú aeráide ar son na gcomhlachtaí céanna.
Suíomh eile Greenpeace anseo faoi Exxon Mobile agus bréagaisnéis i leith athrú aeráide.
-----------------------------
Seo agallamh an-spéisiúil -agus athscríbhinn- ag Meiriceánach Cindy Sheehan le Hugo Chavez. Is fiú go mór éisteach leis go léir, nó léamh, fiú is go bhfuil sé dírithe ar shaol sna Stáit.
Chavez ag labhairt; "political power, the capacity to make decisions, the community councils, communes, the people’s power, the popular assemblies. And then there is the economic power. Transferring economic power to the people, the wealth of the people distributed throughout the nation. Referendums, popular consultations, elections for governors, mayors"
Sin an cineál athchóiriú polaitíochta atá de dhíth in Éirinn, sa "Phoblacht Nua" a chloiseann muid chomh mór cainte faoi na laethanta seo. Seo an cineál athchóiriú polaitíochta nach léifear ar leathanaigh an Irish Times faoi "athnuachan na Poblachta". Seo an cineál athchóiriú polaitíochta nach gcloisfear ó Fhine Fáil nó Fhianna Gael.
Ní bheadh NAMA, Shell ag fáil cearta go léir ar an ngás s'againne, nó Anglo Irish etc ag tarlú mar atá siad dá mbeadh a leithéid de dhaonlathas i bhfeidhm.
Tús maith leath na hoibre, agus gan amhras ar bith tá tús maith ag an nuachtán nua Gaelscéal. (leagan ar líne) 32 leathanach lán ábhar spéisiúla. Ní raibh mé in ann é a leagan síos, leathanach i ndiaidh leathanaigh bhí alt nó dhó ar chuir mé spéis ann. Agus is fada an lá ó léigh mé nuachtán ar bith, ina iomláine, ó thús go deireadh.
Bhí tréimhse fhada ag an fhoireann an t-eagrán seo a ullmhú, agus an cuma sin air, tá súil agam go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag soláthar nuachtáin den chaighdeán céanna chuile sheachtain. Más féidir leo é sin a dhéanamh beidh an nuachtán seo i bhfad Éireann níos fearr ná buaicphointí sean-Fhoinse agus Lá Nua araon.
Ar leathanach 14 tá píosa beag faoi Ghradam Blaganna na hÉireann 2010, ansin tá an t-aon bhotún a thug mise faoi deara .i. "Nótaí ón Imill" ;) Déarfainn go maithfidh Dennis lucht Gaelscéal!
Bhí fadhb agamsa freisin eagrán a aimsiú i mBaile Átha Cliath, ní raibh sé ar fáil in Easons ar sráid Uí Chonaill, ach, buíochas le Dia, tháinig mé air sa nuachtánaí sin ag barr sráid Grafton.
Anois idir Gaelscéal, Foinse Nua agus Nuacht24 níl aon easpa ábhar léitheoireachta againn in aon chor.
Cúis díomá domsa go bhfuil muid ag plé na ceiste seo fós. Is cúis díoma domsa go bhfuil gá fuinneamh a chaitheamh ag iarraidh bréaga a bhréagnú, agus aineolas a cheartú, go domhanda! Ba chóir dúinn a bheith ag díriú ar réitigh na faidhbe faoin am seo, ba chóir dúinn go léir a bheith buartha nach bhfuil muid ag plé réiteach, seachas ag argóint faoin eolaíocht a thaispeánann an fhírinne.
Seo cainéal nua idirlín a bheas ag craoladh beo, agus a thosóidh anocht, i gceann 4 uaire nó mar sin ó scríobh mé an píosa seo.
Is maith ann é, ach nach uafásach an rud é go bhfuil gá leis ag an bpointe seo!
Dar leis an Titleach ar maidin "Tá an chuma air go bhfuil [..] Marx ar scraith an ghlogair ach cos aige ar an mbruach" agus "Is beag duine a mhaíonn go hoscailte gur Marxach é"
Sílim gur deacair "Marxach" a chur ort féin, mar lipéad, óir is éard atá i saothair Mharx, ar an mhórchóir ná anailís ar chóras an chaipitil. Bhí Marx ag súil go bhfeidhmeodh an anailís sin mar uirlis intleachtúil, nó bealach, don lucht oibre a staid i sochaí a thuiscint, agus as an tuiscint sin an córas sin a threascairt. Ní féidir troid in aghaidh namhaid mura dtuigtear cad é, nó cé hé, do namhaid.
Chreid Marx go láidir i sóisialachas ar ndóigh, agus saoirse an lucht oibre ó chuing na haicme ceannais. Ach ní a smaoineamh bunaidh féin a bhí ann, fiú is gur chuir sé go mór mór leis. Mar sin tá seans go bhfuil fáth ann nach gcuireann daoine Marxach orthu féin a thuilleadh, fáth atá lasmuigh de náire a d'fhág greasáil leanúnach Thatcher agus mo dhuine Reagan (.i. an t-aisteoir Meiriceánach sin a bhí i bpócaí na gcomhlachtaí airgeadais móra agus a bhain an uachtaránacht amach ar a son) ar a ainm.
Agus má tá saothar Mharx ar scraith ghlugair is aisteach liom cén fáth gur bhain sé an t-aitheantas seo amach díreach roimh 2000, agus é chun tosaigh ar an sóisialaí cliste eile, Albert Einstein.
"b’ionadh leat nach dtiocfadh leagan éigin den Mharxachas ar ais agus a bhfuil de scrios déanta ag an gcaipitleachas ar an domhan. Thuar Marx é féin an méid sin in Das Kapital, ach is fánach an duine a shroich chomh fada leis an leathanach sin ceal speile agus corráin agus cabhair drugaí."
Cinnte is deacair an leabhar An Caipiteal a léamh óir tá sé scríofa i dteanga eolaíochta, nó eacnamaíochta ba chóir a rá - seans go raibh Marx ag iarraidh na cinsirí a sheachaint, mar bhí sé sa leabhar dubh s'acusan de bharr a ghníomhaíochtaí sóisialacha san Fhrainc agus sa Ghearmáin. Cuireadh cosc ar shaothair sóisialacha dá chuid go mion minic roimhe sin.
Thuar sé go deimhin go raibh géarchéimeanna dosheachanta sa chóras caipitlíoch, go dtiteann sé as a chéile go rialta, agus go mbeadh gach géarchéim níos doimhne ná an ceann roimhe!
Más mian le duine Marxachas a thuiscint .i. caipitleachas, sílim féin go luíonn an tuiscint sin le breisluach", "carnadh caipitil", an "cúltaca tionsclaíoch" .i. na daoine dífhostaithe, agus an "claonadh ag an ráta brabaigh ísliú".
Ní féidir liomsa míniú simplí níos fearr a thabhairt ná mar a thug mo dhuine thuas.
Ag cur leis an méid sa bhfíseán sin thuas, agus i bhfocail Mharx, ó An Caipiteal:
"..caithfidh staid an oibrí, pé ar bith cén íocaíocht a fhaigheann sé, ard nó íseal, dul in olcas de réir mar a charntar caipiteal. Ar deireadh comhtháthaíonn an dlí a choinníonn an cúltaca tionsclaíoch i gcothromaíocht le raon agus fuinneamh an charntha i gcónaí, comhtháthaíonn sé an t-oibrí leis an gcaipiteal níos doichte ná mar a rinne dingeacha Heiféisteas Proiméitéas a chomhtháthú leis na carraigeacha. Cuireann sé mar choinníoll leis an gcarnadh caipitil a chóimhéid de charnadh ainnise. Is ionann saibhreas a charnadh ag ceann amháin agus, san am céanna, ainnise, crá oibre, sclábhaíocht, aineolas, brúidiú agus táire mhorálta a charnadh ag an gceann eile, .i. ar thaobh na haicme a tháirgeann a táirge féin mar chaipiteal" *
Chun brabús a chinntiú caithfidh an caipitlí an lucht oibre a dhúshaothrú .i. caithfidh an lucht oibre a mbreisluach a mhéadú ionas go bhféadfadh an caipitlí brabús a chinntiú agus leanúint leis an gcarnadh caipitil. Is iad pá agus uaireanta oibre na baic is mó in aghaidh an bhrabúis seo.
Is cuma cad a bhaineann an lucht oibre amach le linn na laethanta maithe (le linn fás eacnamaíochta) óir nuair a thagann an ghéarchéim is dual don chóras caipitlíoch beidh siad thíos arís le ciorruithe pá nó caillteanais post. Feidhmeoidh an cúltaca tionsclaíoch de dhaoine dífhostaithe mar mheáchan in aghaidh pá agus coinníollacha na n-oibrithe atá i bhfostaíocht, á dtarraingt síos.
Bheadh an fhadhb luaite thuas sa bhfíseán sin sáraithe murach pá na n-oibrithe, nó dá mbeadh níos mó uair sa lá déanta acu.
Mar sin is é an t-oibrí a oibríonn saor in aisce an t-oibrí is luachmhaire.
Cliceáil chun iad a mhéadú, tá sé dochreidte agus níl ann ach cúpla sampla!!!!
Is maith liom an ceann sin. D'fhéadfá duine díreach as coláiste taithí oibre a fháil mar "Washroon Technician".i. a bheith ag glanadh leithreas, gan pá ar ndóigh!
Dúshaothrú chun brabús a chinntiú. Sclábhaíocht gan náire, sclábhaíocht gan pá. Caipitleachas 101 mar a déarfaí. Tá níos mó ráite ar Bhoards.ie, anseo, ina leith.
Ní féidir liom níos mó a rá ar an ábhar óir caithfidh mé méadú a dhéanamh ar an mbreisluach.
* aistriúchán le Aindrias Ó Cathasaigh, le fáil ina aiste "Marx agus roinnt an bhodaigh" sa leabhar "Faoin Bhratach Dhearg - aistí sóisialacha"
Ní cleas é go ndéantar trí huaire é. Chuir blagmhír Dennis é seo i gcuimhne dom.
Seo an Charraig Scoilte sa Chillín Dubh gar d'Iascaigh i dTír Fhiachrach.
Chaith Fionn mac Cumhaill ó Shliabh Gamh é -atá timpeall 17km díreach ar siúl ón áit (maith thú a Fhinn!)- mar thaispeántas a nirt. Ach bhí Fionn ag iarraidh é a chaitheamh san fharraige, faraor dó bhí sé tuirseach i ndiaidh na seilge ar an lá sin an dtuigeann tú. Níos déanaí sa lá agus na Fianna ar ais i dTír Fhiachrach ag breathnú ar fad an chaithimh, tháinig racht feirge ar Fhionn nár bhain sé an fharraige amach, agus scoilt sé an charraig lena chlaíomh ag maíomh go raibh mallacht uirthi.
Bheannaigh Pádraig an charraig nuair a tháinig sé chugainn lena nósanna nua.
Is féidir siúl tríd inniu, bíodh is go bhfuil sé teann. Deirtear gur chóir do dhuine siúl tríd trí huaire le haghaidh áidh, ach fainic don té nach bhfuil saol iomlán macánta caite aige! Óir mura bhfuil, ar an tríú huair ag siúl tríd dúnfaidh an charraig air. Níor ruaig Fionn nó Pádraig an chumhacht ón charraig an dtuigeann tú.
Deirtear dúinn nach gcreideann na hÉireannaigh i bpiseoga a thuilleadh ach fós ní fhaca mé duine (aosta) ar bith ag siúl tríd trí huaire.
Bhagair Nestlé cás dlí in aghaidh You Tube murar tharraing siad an físeán seo síos óna suíomh. Mar sin tá seans maith ann nach mbeidh sé le feiceáil ar You Tube roimh i bhfad.
Tá an comhlacht Nestlé ag baint úsáide as ola phailme ó chomhlachtaí atá ag déanamh scrios iomlán d'fhoraoisí báistí san Indinéisis, ag cur ainmhithe na bhforaoisí i mbaol (órang-útain mar shampla). Ag scrios slite beatha na ndaoine, leis.
Is fiú smaoineamh faoi na rudaí seo mar thomhaltóirí.