Dé Céadaoin, Iúil 28, 2010

M2010.07.11

Bhí mé ar saoire ar feadh seachtaine an tseachtain seo caite. Ní cuimhin liom ar léigh mé nó ar chuala mé nó an ndúirt bean liom an chéad uair é an scéal go bhfuil mo dhuine Colm Mac Carthaigh ag amharc, "ar son an stáit", ar na féidearthachtaí sócmhainní an stáit a dhíol .i. a phríobháidiú!
Bord Soláthair an Leictreachais, Córas Iompair Éirinn, An Post, Bord Gáis, Bord na Móna etc etc.
Theip orm focail a aimsiú an t-iontas a bhí orm a chur in iúl. Teipeann orm fós!
Mar is dóigh go mbreathnaím ar an saol trí dhearcadh go hiomlán éagsúil óna gaimbíní atá i rialtas faoi láthair.
Sa chaoi chéanna atá sé deacair an ciníochaí a thuiscint, nó an homafóib nó an t-éigneoir nó an dúnmharfóir tá sé deacair dom an deargchaipitlí a thuiscint. Ní fheicim ciall nó réasúin nó cumas cognaíoch ina dhearcadh ach idé-eolaíocht agus saint, agus a amaideacht shollúnta.

Ní luíonn plean Fhianna Fail/na nGlasraí le ciall. Cén fáth go gcreidfí fós sa saormhargadh i ndiaidh gach uile rud a tharla dá bharr go dtí seo, agus an cuma air go bhfuil níos mó le theacht?
Tá na comhlachtaí leathstáit a bhfuil Macfocoff ag breathnú orthu ag obair go maith, ag cruthú brabúis. An rud is naofa sin.

Seo an áit a dtagann idé-eolaíocht isteach sa scéal, mar níl aon mhíniú eile ann.
Theip ar an mhargadh, ní teip an chórais fhéin atá ann dar leosan, ach teip tionchair an stáit .i. níl an saormhargadh saor a dhóthain! Ní saoirse go saoirse an tsaormhargaidh! "Murach nádúr daonna bheadh gach uile rud togha!".
Cén réiteach atá ann mar sin? Sócmhainní luachmhara an stáit a dhíol le lucht gaimbín do phraghas an-shaor.

Gach lá, gach, uile, lá, atá Fianna Fáil i gcumhacht tá baol níos mó agus níos measa ann don phobal seo. Táid ar buile. Tá seilbh an tearmainn ag na gealta.

Cíorann Mac Liam an cheist níos cruinne ná is féidir liom a dhéanamh, anseo, fiú má thagann a idé-eolaíocht amach ag deireadh an ailt, ag teacht salach ar an chuid eile de....meon an chaipitlí arís!

Dé Máirt, Iúil 27, 2010

Déardaoin, Iúil 15, 2010

M2010.07.09

Má bhí an t-alt caillte agat san IT inné. Chuile sheans go raibh!
Ceannóidh mé hata agus cóta fada agus íosfaidh mé an dá rud dá bhfoilseodh an bhean uasal an litir sa nasc thuas.

Is fiú an t-alt a léamh agus ansin an litir!

Dé Céadaoin, Iúil 14, 2010

M2010.07.08

An t-aon fhadhb amháin le saothair RSA Animate is ea an fhíric gur deacair gan a bheith ag breathnú ar na saothair ar fad agus ag éisteacht leis na léachtaí.

Dé Máirt, Iúil 13, 2010

M2010.07.07



An-aigeanta agus greannmhar.
Sílim go raibh mo dhuine ar na ribí!

M2010.07.06

Cúis iontais dom go bhfuil daoine fós ag plé "Climategate" amhail is go raibh, nó go bhfuil go fóill, aon rian den fhírinne ann uathu siúd a chuir na líomhaintí mí-iompair in aghaidh na n-eolaithe aeráide.
Ceistíonn eagarthóir an NYT, anseo, an mbeidh cur is cúiteamh forleathan le léamh ar an fhíric nach raibh comhcheilg ann? Sa chaoi céanna a raibh cur is cúiteamh go tréan sna meáin ag maíomh go raibh rud éigin as ord ar siúl! Beag an baol ar ndóigh.
Agus seo an chontúirt shoiléir faoi amaideacht na meáin chumarsáide, ó gach chúinne, a scaipeann bréaga atá curtha chun cinn agus cruthaithe ag dreamanna le leasanna dílsithe chun plé agus réitigh d'athrú aeráide a chur ó mhaith.

Tá an t-aineolas agus an easpa tuisceana cloiste agam ó mo chairde féin maidir le hathrú aeráide, agus bhí níos mó aineolais ar an cheist le feiceáil agus le cloisteáil ar chlár RTÉ le déanaí .i. Níl aon chomhaontú ann, tharla sé roimhe, tá an domhan ag fuarú, is é an ghrian is cúis leis an ardú i dteocht, nó an laghdú i dteocht!! etc etc etc.
Taispeánann na freagraí spéis áirithe sa cheist. Caithfear rudaí a léamh nó a chloisteáil chun teacht ar na tuairimí siúd. Ar ndóigh tá na rudaí seo léite agus cloiste buíochas le nuachtáin, raidió agus teilifís. Agus ar ndóigh an t-idirlíon, buíochas leis na milliúin á gcaitheamh ag comhlachtaí ola is gual chun eolas bréagach a scaipeadh timpeall an domhain. Ag iarraidh a chruthú in aigne an mhóraimh nach bhfuil gníomhaíochtaí an chine dhaonna cionsiocair leis an méadú ollmhór in C02, agus as sin in ardú teochta de bharr iarmhairt cheaptha teasa, ag cruthú athrú aeráide níos tapúla ná aon tréimhse eile i stair an domhain.

Anois go bhfuil an bhréag amuigh ansin agus creidtear go forleathan é -toisc gur léitear nó gur cloistear é ó dhaoine a bhfuil meas ar a dtuairimí- an féidir an bhréag a bhréagnú?
Déanann cláracha cosúil le clár faisnéise Duncan sa nasc don seinnteoir RTÉ thuas éacht mór in aghaidh na bolscaireachta. Mholfainn go mór é mura bhfuil sé feicthe agat go fóill.
Agus tá ról nach beag le himirt ag an idirlíon ar an cheist chomh maith ar ndóigh.

Déardaoin, Iúil 08, 2010

M2010.07.05

Ós rud é go bhfuilim ag labhairt faoi chláracha ar TG4 atá á n-athchraoladh is fiú go mór Anam an Amhráin a lua.
Mura bhfuil tú ag breathnú ar an gceann seo tá tú ag cailliúint clár den chéad scoth.
Tá an clár is déanaí ar fáil anseo ar shuíomh TG4.
Óró 'sé do bheatha abhaile agus Dún do Shúil atá faoi chaibidil acu an tseachtain seo.
Tá an bheochan a chruthaíodh timpeall na n-amhrán thar cionn ar fad buíochas leis an gcomhlacht anamúlachta fíor-iontach Cartoon Saloon. Tá na leaganacha úra de na hamhráin níos fearr fós.



Arís níl éadaí na nGael cruinn sa chartún de Óró, agus thóg an t-ealaíontóir na focail "foghlaí mara" ró-litriúil, mar sin tá sórt Sinbad baineann againn do Ghráinne Ní Mháille.
Ach ní thógann sé sin uaibh ar chor ar bith.

B'fhéidir gurb é seo an clár is fearr a bhí le feiceáil ar TG4 go dtí seo?

M2010.07.04

Athchraol TG4 an clár Imeacht na nIarlaí aréir. Níl sé ar fáil ar shuíomh TG4 go fóilleach ach is fiú é a fheiceáil nuair a chuirtear suas é.
Toisc gur clár TG4 atá ann bhí teanga dhúchas Ó Néill agus Ó Dónaill á labhairt ag na Gaeil, seachas Béarla mar a dteanga labhartha, rud a bhítear ag súil leis ó chláracha staire ón ré chéanna a chraolann RTÉ.

Ach más dul chun cinn Gaeilge á labhairt ag Gaeil tá drogall fós ar na léiritheoirí céanna na Gaeil a chóiriú ina n-éadaí dúchas. (Féach thíos)
Faisean Shasana ón ré sin a bhíonn á chaitheamh acu i gcónaí. Ní bhíonn tasc nó tuairisc de léine na muinchillí fada, nó den chasóg ornáideach nó a mbrait lena ndathanna dána.

Am éigin amach anseo beidh clár staire faoi na Gaeil le feiceáil againn, agus beidh beagnach gach rud in ord le cúnamh Dé agus roinnt taighde .i. teanga, gruaig agus éadaí. Ach is fada uainn an lá sin anois.

M2010.07.03

Blag eile as Béarla a léim go rialta agus a mholfainn le cur ar do Ghoolgereader is ea The Story.
Tá blagmhír spéisiúil sa nasc thuas maidir le praghsanna tithíochta agus an tAire sleamhain slim de shlíbhín ag scaipeadh a scéalta slíomadóra.
Feictear domsa gurb annamh atá cáineadh déanta ar an bhfear sna meáin don chuid is mó in ainneoin na praisí ollmhóire atá déanta, agus á déanamh, aige don gheilleagar agus don phobal go ginearálta óna dheasc sa Roinn Gaimbín.
N'fheadar cén fáth sin, mar is é ceann de phríomh-ról na meán cáineadh agus critic a dhéanamh ar gach rud amaideach a dhéantar i rialtas. Go háirithe, go háirithe aon rialtas atá ag iarraidh urlár bréagach a chruthú faoi phraghsanna réadmhaoine le hairgead an phobail, agus an phobail le theacht!

Is dóigh liom gur mhaith leo a chreidiúint go mbeidh gach rud i gceart ó thaobh a gcearrbhachas ar réadmhaoin nuair a mhaíonn sé go mbeidh sé.
Agus ba mhaith leo a chreidiúint, leis, nuair a deireann sé go bhfuil an cúlú thart. Á ghlacadh, gan an cheist a chur; An bhfuil sé?
Agus, is dócha freisin, gan a bheith míchothrom leis, is dócha nár mhaith le héinne a bheith ag cáineadh duine atá tinn.
Agus lasmuigh dá ról mar Ard-Ghaimbín is duine deas é.

B'fhéidir go bhfuil sé sin ceart go leor inniu, ach geallaim duit ní bheidh na leabhair staire chomh bog réidh leis.

Dé Máirt, Iúil 06, 2010

M2010.07.02

Tugann David Manning de MediaBite.org amharc an-chuimsitheach, san alt seo, ar an chaoi ar tuairiscíodh na dúnmharuithe de na naonúr as an Tuirc a bhí ar bhord an Mavi Marmara agus an chaoi, go ginearálta, a dtuairiscíonn na meáin abhus scéalta faoi choimhlint Palaistín-Iosrael.

Uaireanta mura dtuigeann go bhfuil muid ag léamh ailt atá lán le "teanga na cumhachta" is deacair dúinn an chiall go mba chóir dúinn a bheith ag baint as scéalta cogaidh agus dúnmharuithe.

Mura bhfuil an t-alt ar bharr na blagmhíre feicthe agat cheana mholfainn é a léamh.
Mura bhfuil MediaBite ar do Goolgereader mholfainn é a chur leis.

Ba léir go mbíonn duine éigin ar fhoireann an Irish Times á léamh agus ní mó ná sásta a bhí an t-iriseoir sinsearach le hanailís Manning (Féach anseo). Ag cur "self-serving selective quotes" i leith a alt.
Faraor don Irish Times agus a lucht léitheoireachta níl aon ghá le hinsintí bréaga ar thuairisciú an IT, óir glacann siad go fonnmhar le teanga na cumhachta.

Ar ndóigh níl aon chiall a bheith ag léamh aon tuairiscí sna meáin faoi ghníomhachtaí Iosrael mura dtuigtear go beacht na 10 miotas is mó faoin gcoimhlint áirithe seo.

Déardaoin, Iúil 01, 2010

M2010.07.01

Spreag coc an íomhá seo. Beagáinín scanrúil!.

"An féidir dhá bhliain eile a sheasamh?": An cheist a chuir sé.
Ní féidir i ndáiríre, ach ba chóir dúinne a bheith ag cur na ceiste faoin am seo, agus ba chóir go mbeadh plé agus díospóireacht faoi, an féidir linn a bheith ag leanúint ar aghaidh ag vótáil isteach páirtithe leis na polasaithe nua-liobrálacha céanna agus a leanann go dlúth agus a chreideann go domhan i gcur cúige an chaipitleachais mar a thuigeann muid inniu é.
An féidir linn a bheith ag leanúint ar aghaidh ag vótáil isteach páirtithe den eite dheis .i. Fianna Fáil/Fianna Gael, ach ag súil le hathruithe dearfacha nua mar thoradh?

Tá an cuma ar chúrsaí anois go bhfuil sé dosheachanta go mbeidh Fianna Gael i gcumhacht mar an páirtí is mó sa tír i ndiaidh an chéad olltoghchán eile. Tá Taoiseach Enda Kenny dosheachanta: lena lucht gaimbín sean-caite cosúil le Noonan agus Ring nó do rogha rud d'Fhine Gaelach sa chomhaireacht.
Agus ar ndóigh le roinnt giollaí ó Pháirtí an Lucht Oibre ag sodar ina ndiaidh freisin.
Mar a thuigim sa chás sin ní athróidh aon ní, agus leanfaidh muid sa treo a bhfuil muid ag glacadh leis faoi láthair go dtí go mbeadh seans arís ag FF i gceann 5 bliana, agus ar aghaidh linn sa bhfáinne fí go deo.

Tá géarghá nach beag le comhaontas den chlé a chinnteodh daonlathas níos folláine agus a d'fheidhmeodh ar son cothromaíochta i sochaí na tíre atá i measc ceann de na pobail is neamhchothrom ar domhan.

Bhí alt ag an iriseoir Vincent Browne faoin gceist seo ag tús na míosa. Ba bheag an spéis a chuir na meáin sa bheart agus mar sin muintir na tíre. Níl sé ach ina thús ach is dóigh go mbailíonn brobh beart.

Bhí alt eile ar an cheist chéanna ag O'Toole sa nuachtán céanna (Tharlódh athruithe móra i bpolaitíocht na tíre dá mbeadh ailt dá leithéidí á léamh i nuachtáin amhail an Sundy World agus Irish Sun etc.) ag maíomh gurbh é seo seans Pháirtí an Lucht Oibre rialtas den eite chlé a bhunú agus deireadh a chur leis an meaisín polaitíochta in Éirinn.

Lasmuigh den bheirt thuas nach spéisúil an easpa anailíse sna meáin (Béarla agus Gaeilge!) faoi fhéidearthachtaí Pháirtí an Lucht Oibre rialtas nua a bhunú?
Tá aer ag teastáil ag an bhladhm nua seo.

Dé Céadaoin, Meitheamh 30, 2010

M2010.06.25

B'fhiú rud éigin a rá sula dtosaíonn an bholscaireacht ("chasamar cúinne", "tá beartais déine Fhianna Fáil ag obair i gceart" etc.) faoin nuacht ar maidin go bhfuil an geilleagar "ag teacht as cúlú", go teicniúil!
Ar dtús b'fhiú dom a rá go bhfuil áthas an domhain orm go mbeadh rudaí ag feabhsú, ach níl aon mhaitheas dúinn a bheith ag sáinniú ár gcloigne sa ghaineamh agus a bheith ag glacadh leis nó ag creidiúint an "casadh" a chuirfear ar an scéal go raibh fás in OTI na tíre sa cheathrú a d'imigh tharainn. Go díreach mar a tharla ag deireadh 2009!
Is fiú cuimhneamh freisin, sula gcloiseann muid an cacamas, go raibh fás bliantúil i 9 mbliain de na 10 mbliana le linn na h80daí!

Is cuma faoi OTI do mhuintir na tíre, tá an fás seo ann mar gheall ar bhrabús príobháideach na gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta atá lonnaithe anseo. Bíonn brabúsaíocht éasca ar fad do chomhlachtaí móra i dtír ina bhfuil ráta cánach corparáide an-íseal go deo an dtuigeann tú.
Ní rachaidh an brabús sin ar leas Éireannach, agus ní rachaidh an brabús seo ar leas na tíre ar chor ar bith; ní íocfaidh sé tuarastail bhanaltraí, ní thógfaidh sé scoileanna agus ní feabhsóidh sé bóithre etc.
Tá OTN (olltáirgeacht náisiúnta - an táscaire is oiriúnaí do gheilleagar na hÉireann) ag titim arís. Tá dífhostaíocht ag fás. Tá tuarastail ag titim. Tá iasachtú ag titim. Tá infheistíocht ag titim as aill. Tá imirce ag méadú. Tá caiteachas ag laghdú. Cónaíonn muid sa dara tír is costasaí san Eoraip. Is ionann fiacha gan srian na bhforbróirí/na mbanc agus fiacha s'againne etc etc.

In ainneoin seo tá saibhreas príobháideach ag fás go rábach, agus sin go díreach atá le feiceáil againn sna huimhreacha is déanaí ón Phríomhoifig Staidrimh. Fás i mbrabús de €2 billiún le bliain anuas do chomhlachtaí eachtrannacha in Éirinn le bheith beacht.
Bhí alt an-mhaith ag Uinsionn de Brún sa SBP ag an deireadh seachtaine ag taispeáint cé chomh míchothrom is atá an dáileadh saibhris nua seo timpeall an domhain.
"Ach ní dhéanfaidh aon duine acu (ceannairí na G20) trácht don áiféis shoiléir go bhfuil, le linn géarchéim eacnamaíochta domhanda, saibhreas airgeadais an domhain ag fás agus ag cúngú i dtreo mionlach"
Mar a mhaíonn sé i gceart ina dhiaidh sin tá muid gafa ag an tuiscint go bhfuil sé seo inghlactha agus gur toradh é de gheilleagar saormhargaidh naofa. Ní féidir cur as don ghné seo gan a bheith ag cur as don gheilleagar domhanda mar a thuigeann muid inniu é.

Cá bhfuil an díospóireacht faoi seo?