
Sin thuas m'iarracht an teagasc seo don GIMP a leanúint.

Ós rud é go bhfuil an truailliú is nuaí seo i mbéal phobal na Stát Aontaithe is fiú sampla ón tír seo a luaigh mar shampla a thaispeántar nach bhfoghlaimítear aon ní as aon tubaiste -bíodh sin tubaiste thimpeallachta nó eacnamaíochta- nó scriosadh. Ar chreig crochta os cionn na caschoille a chruinníomar buíon bheag oifigeach is giollaí, hataí leathna fáiscthe anuas ar chloigne cromtha, cruach is leathar ag lonrú faoin ngealach, agus sinn ag labhairt de ghlórtha íslithe. Thoir i mbéal an ghleanna mar a rabhadar an tríú complacht i ngleic fós leis an namhaid bhí an torann lámhaigh imithe i léig, agus ó am go chéile chualamar glórtha sa dorchadas agus fir mná is easláin á dtreorú trí an mbogach fearnóige is sailí cois abhann, nó ag dreapadh aníos faoin gcoillearnach coill is caorthainn chun iad féin a shíneadh amach go traochta ar an maolán glas raithní thíos fúinn.Agus seo chugaibh an saghas litríochta eile ó chéad pharagraf Ar Muir agus Ar Tír!:
Bhí an caisleán Normannach ar thaobh na habhann. Bhí lúb san abhainn, agus tógadh ansin é fadó. Thaobh thall den abhainn bhí na coillte, agus ag síneadh amach laistiar den chaisleán bhí machaire mín agus na ba ag innilt ann. Ar Néifinn bhí rian an tsneachta fós, agus ar maidin bhí sioc liath ar an talamh. I measc na gcoillte, bhí na plúiríní sneachta ag fás. Bhí an geimhreadh thart. Bhí na huain go meidhreach sna páirceanna, agus bhí an féar ag fás arís.



"Is é an gléas is fearr atá agat nuair a theastaíonn uait a mhíniú cad is litríocht ann, nó cad is dea-litríocht ann, ná do mhéar. Nuair a iarrtar ort cad is critic ann, nó cad is dán, nó cad is ardscríbhneoireacht ann síneann tú do mhéar amach i dtreo samplaí díobh, agus deireann tú, 'Sin critic!, nó "Sin ardscríbhneoireacht!'. Tugann tú cuntas ar do chuid tuairimí, ar do chuid imprisean, sin uile. Níl aon rud eile ann."
