Déardaoin, Lúnasa 13, 2009

M2009.08.08

Cuireann sé díomá orm an easpa díospóireachta i measc na nGael ar cheisteanna chomh tábhachtach do phobal na tíre amhail an Áisíneacht NAMA.
Cad is fiú teanga mura bpléitear aon ní seachas an teanga féin inti?
Cad is fiú COMHAR ann ar chor ar bith mura ndéantar plé ar cheisteanna ár linne?
Cad is fiú Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge ann mura scríobhtar aon ní seachas filíocht gan rím is gearrscéalta gan bhrí?

Ó Nuacht24, 7ú Lúnasa 2009

Nuair a d'fhógair n tAire Airgeadais bunú na hÁisíneacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainne ANBS (NAMA), mí Aibreáin seo caite bhí an tuairimíocht ann go rabhamar ag dul i bpáirt le lucht spéacláireachta na tíre .i. ag caitheamh airgead mór ar shócmhainní gan mhaith ar an
tuiscint agus an ndóchas go mbeadh boilgeog tithíochta eile ann amach anseo, boilgeog a shaothródh brabús deas folláin don gcáiníocóir. Dá olcas an smaoineamh go mbeadh an rialtas ag spéacláireacht lenár gcuid airgid tá an fhírinne lom níos meas fós. Bheadh ciall craiceáilte "Tíogar Ceilteach" Fianna Fáileach éigin ag baint leis an smaointeoireacht go rabhamar ag spéacláireacht le NAMA, ar na sócmhainní, le hairgead a shaothrú. Ach níl muid.
Is cuma cad a deir an tAire Airgeadais ina leith ní bheidh muid ag fáil ár gcuid airgid ar ais, bíodh sin i gceann 10 mbliain nó 20. Is éard atá san Áisíneacht nua ná uirlis chun poll uafásach mór de €90 billiún a líonadh, poll a chruthaigh baincéirí agus forbróirí le cabhair ó pholasaithe an rialtais. Is cuma cé mhéad a íoctar do na sócmhainní sin ar fiú €90 billiún iad, beidh an t-airgead sin imithe síos isteach sa bpoll. Aon airgead a fhaightear ar ais óna sócmhainní maithe beidh sé cealaithe go hiomlán ag an oiread sin droch-sócmhainní.
Cé mhéad go díreach mar sin a chaithfí ag ceannach na hiasachtaí? Ón dréacht-reachtaíocht ar NAMA a foilsíodh le gairid deir sé go mbeidh na sócmhainní á bpraghsáil de réir treoirlínte an AE agus de réir a "luacháil fhadtéarmaí", sin a luach reatha agus luach breise san áireamh.
Agus seo bun na faidhbe leis an Áisíneacht, an phraghsáil, agus na himpleachtaí a bheidh acu don stát go fadtéarmach. Má thugtar praghas ró-ard tá an cáiníocóir fágtha le punann nach bhfaighidh sé an luach ar ais ariamh. Má thugtar praghas ró-íseal bheadh athchaipitliú ar na
bainc ag teastáil, á dtabhairt faoin úinéireacht an phobail. A bheag nó a mhór beidh an phraghsáil seo á déanamh bunaithe ar idé-eolaíocht phóitiúil an rialtais .i. táid go huile is go hiomlán in aghaidh náisiúnú na mbanc. Fiú ag an bpointe seo leis an IMF, agus an 20 eacnamaí siúd san Irish Times, ag moladh an smaoineamh faoi áisíneacht um bainistíochta sócmhainní i bpáirt le náisiúnú sealadach mar a tharlaíonn de ghnáth lena leithéid de bheart.

Ba chóir, i dtáthcheangal de sócmhainní lofa mar seo, ba chóir go mbeadh trédhearcach ann, trédhearcach agus soiléireacht a seachnaíonn an sorcas a leanann "praghsáil de réir treoirlínte" agus "luacháil fhadtéarmach". Chun é seo a chinntiú ba chóir go leagfadh anuas na sócmhainní lofa go dtí neamhní, nó íseal go leor ar aon nós, a dhéanfaidh cinnte gurb iad na scairshealbhóirí an chéad dream a iompróidh ualach na teipe agus ní na cáiníocóirí. Beidh na bainc dócmhainneach dá bharr, beidh gá ann iad a athchaipitliú / náisiúnú mar gheall ar seo. Drochbhanc / áisíneacht a chruthú leis na sócmhainní lofa a cheannach. Faigheann an cáiníocóir aisíoc ar a infheistíocht gnáthscaire sa bhanc nuair a dhíoltar an banc sin, atá anois glan, amach anseo.
B'shin mar a tharla sé sa tSualainn, cás a chuala chomh mór faoi ón tAire Airgeadais.
Ní mór d'Áisíneacht ollmhór mar seo a bheith oscailte, soiléir agus trédhearcach go hiomlán, ionas go mbeidh sé saor ó fhadhbanna morálta. Faraor, faoin dréacht-reachtaíocht beidh gníomhaíochtaí na hÁisíneachta faoi cheilt ón bpobal, agus slánaithe ón dlí ar aon líomhaintí go raibh airgead an stáit á chur amú go heolach. Tá an pobal ag glacadh leis an mbeart áirithe seo óir tá sé á rá dóibh go laethúil gurb é seo an t-aon rogha fágtha, "an t-aon chluiche ar an mbaile". Mar gheall ar easpa tuisceana, an iomarca patuaire nó an dá ní, níl pobal na hÉireann ag cur na ceisteanna crua. Ach tá sé fós go luath sa bpróiseas, níl sé ródhéanach an treo a athrú. Mar a mhínigh Karl Whelan -eacnamaí ón gColáiste Ollscoile BÁC- lena léiriú spéisiúil do ghrúpa Shóisialta agus Eacnamaíochta an Chomhaontais Ghlais le déanaí, mhínigh sé gur plean é NAMA le dul i ngleic leis an gcóras baincéireachta atá roinnt droch-iasachtaí ann, ach nach bhfuil
dócmhainneach. Is léir anois go bhfuil córas baincéireachta an stáit dócmhainneach áfach. Mar shampla; tá agus beidh praghsanna ar tithe ag titim. Titim 30-50% ó thosaigh an ghéarchéim agus tá píosa fada eile le dul síos acu fós. An mheasúnacht go bhfuil talamh forbartha síos 70%. Agus féichiúnas iomlán na bhforbróirí, mar atá le feiceáil i gcás Zoe Group de chuid Liam Carroll le déanaí.

Níor thug na bainc in Éirinn tacaíocht mar is cuí do chomhlachtaí beaga ariamh roimhe seo, mar sin, cad chuige an deabhadh le NAMA más é a príomhchuspóir na bainc a saoradh óna ndroch-iasachtaí lofa chun creidmheas a chur ar fáil don bpobal arís? Cad atá le hathrú i gcultúr na mbanc? An mbeadh athrú meon ann ionas go dtosóidh sé ag cur creidmheasa ar fáil go flaithiúil le fiontraithe gnó, amhail a bhí siad, agus a bheidh siad, le spéacláirí tithe? Beag an baol.
Seo an seans is fearr banc náisiúnta maith a chruthú a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh creidmheas ar fáil d'fhíor-fhiontraithe gnó a spreagfaidh athfhás eacnamaíochta bhuan agus ní níos mó spéacláireachta ar tithe mar bhunchloch an gheilleagair.

Ach tá an cuma ar chúrsaí go bhfuil an rialtas daingnithe ar an dtreo áirithe lochtach seo. "Scríobhann tú cíbe seiceanna a chaithfidh tú a scríobh chun an chobhsaíocht airgeadais a choimeád" mar a mhínigh An Taoiseach féin.
Tá an cinneadh déanta. Is cuma faoin gcáiníocóir. Is cuma faoi na hiarmhairtí.
Vótálfaidh páirtithe an fhreasúra in aghaidh na reachtaíochta seo, is í an cheist is mó cad a dhéanfaidh Teachtaí Dála na nGlasach san Fhómhar?

Dé Céadaoin, Lúnasa 12, 2009

M2009.08.07

Iarraimidne, saoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil ár n-ainm leis seo, ar ár dTaoiseach Brian Ó Comhain tacaíocht agus cosaint a thabhairt do ghluaiseacht na gColáistí Gaeilge trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chaomhnú.

M2009.08.06

M2009.08.05

Ní fada a mhair áthas an mhealbhacáin ag damhsa! Agus é ag damhsa le háthas faoin seans go mbeadh fíor"luacháil" ceart ar shócmhainní lofa na mbanc, de bharr chinneadh na Cúirte inné.
D'fhógair urlabhraí na Roinne Airgeadais "Ní dhéanann sé difríocht ar bith - leanfaidh NAMA mar atá beartaithe"
"Bhíomar an-shoiléir go n-oibreodh NAMA faoi treoirlínte an AE, atá leagann síos an tomhas le haghaidh luacháil fadtéarmaí" .i. Luacháil thar an fíorluach.

Dochreidte, is cuma leo nach bhfuil luach mar a éilíodh ar sócmhainní an Ghrúpa Zoe .i. Liam Uí Chearbhaill, tá sé i gceist ag an Roinn Airgeadais agus an tAire Lenihan leanúint ar aghaidh ag caitheamh i bhfad thar a luach dá sócmhainní céanna.

Bhí an banana craiceáilte ag damhsa i gcomhair Phoblacht Banana na hÉireann.

Dé Máirt, Lúnasa 11, 2009

M2009.08.04

Theip ar Liam Carroll cosaint cúirte a fháil sa Chúirt Uachtarach dá shé chomhlacht, dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach breith na hArd-Chúirte a chur ar ceal.

Beidh a fhios againn anois go deimhin cén "luach" atá ar na hárasáin bheaga agus talamh bán forbartha Liam Carroll.
Cabhróidh seo go mór leis an "bpraghsáil" a bheas á déanamh ar na sócmhainní a thiocfaidh faoi chúram NAMA, praghsáil a íocfaidh muintir na hÉireann aisti.

M2009.08.03

Lá bog gréine, brothallach, gaoth aniar.

Achainí fíorthábhachtach ar cheist a bheas tionchar aici ar na glúinte in Éirinn.
Ceisteanna crua tábhachtacha le cur ar Theachtaí Dála.


Molann an Luasach gur chóir na ceisteanna a sheoladh chuig chuile Theachta Dála, ní shílim go bhfuil gá, go háirithe ón méid a fuair mé ar ais ó theachtaí dála atá sa bhfreasúra. Táid go huile is go hiomlán in aghaidh NAMA.

B'fhéidir go mbeadh níos mó tairbhe as an achainí dá seolfaí chuig Glasaigh is neamhspleáigh amháin. Beidh baill Fhianna Fáil ag déanamh mar a mholann an Príomh-Aoire dóibh a dhéanamh agus leanfaidh siad na ceannairí truaillithe ina mbeart mímhorálta.
Ní amhlaidh leis na Glasaigh agus na neamhspleáigh. Cinnte ní bheidh fonn ar na Glasaigh an rialtas a tharraingt síos ós rud é go mbeidh deireadh leo chomh luath agus atá olltoghchán ann, ach tá an cheist seo i bhfad Éireann ní ba thábhachtaí ná saol pháirtí polaitíochta amháin.

Dé Luain, Lúnasa 10, 2009

M2009.08.02



Tuairisceán Daonáirimh Shéamuis Uí Reachtair (James Rafter/Seamus Rafter), 1911, Bóthar na Sláine, Inis Córthaidh. Ba as Móin an Lao, Baile an Daingin, Loch Garman ó dhúchas dó (tuairisceán daonáirimh a mhuintir).
Gael díograiseach a troid ar son saoirse na hÉireann mar cheannaire na nÓglach i 1916 i Loch Garman. Gael a thuig an tábhacht le réabhlóid cultúrtha i bpáirt le saoirse polaitíochta.

Níos mó eolais ar an bhfear.

Dé Céadaoin, Lúnasa 05, 2009

M2009.08.01

Metallica agus cairde i bPáirc Mharlaí 1ú Lúnasa.

Tá an bua ag na sean-rocóirí fós go deimhin.
Ní shílim gur bhain mé chomh mór sult agus spraoi as ceolchoirm le fada an lá. Bhí na bannaí go léir ar fheabhas, chabhraigh sé go mór go raibh an aimsir go haoibhinn fiú nuair a bhí sé geallta a bheith fliuch gruama. Bhí na scamaill le feiceáil ar bharr shléibhte Bhaile Átha Cliath, ach buíochas leis na déithe níor tháinig an báisteach.

Ní raibh an banna thíos thar mholadh beirte ach bíonn sé go deas teacht ar amhrán maith. Thosaigh siad leis an gceann seo:

Dé hAoine, Iúil 31, 2009

M2009.07.14

Lá fliuch. Gaoth measartha aniar aneas. Dorcha. Lá deireanach de Mhí Iúil.

Ach is cuma, óir ní bhfuair an forbróir lofa Liam Ó Carúil an chosaint ón gcúirt inniu in aghaidh éileamh bhanc ACC a fhiacha de €136 milliún a aisíoc.
Anois titfidh a ghnó (gnó spéacláireachta tógála). Is le gnóthaí mar seo a tharraing an tír seo ar a glúine.
Cúis ceiliúrtha.
Ní mór don gheilleagar bréagach titim síos sula bhféadfadh fás buan inmharthana fadtéarmach a theacht as na fothracha.

Tá an seans maith ann anois go nochtfaidh an beart seo an fíor-luach íseal atá ar na sócmhainní gan mhaith a bhfuil sé i gceist ag NAMA a cheannach le hairgead phobal na hÉireann.

Peadar Ó Ceallaigh, breitheamh maith.

Déardaoin, Iúil 30, 2009

M2009.07.13

Lá breá bog néaltach, gaoth aniar, neart gréine.
Ag dul go Metallica Dé Sathairn, lá nach bhfuil sé geallta a bheith breá bog néaltach le neart gréine!
Dia linn, ach déarfainn go bhfuilimid as ár meabhair.

Ar a laghad beidh na Poncánaigh seo ag seinm ann:

Dé Céadaoin, Iúil 29, 2009

M2009.07.12



Cá bhfuil an fhearg i measc mhuintir na tíre seo?

Tá sé i gceist acu siúd ag stiúradh an drochbhanc NAMA go mbeidh praghsáil na ndroch-iasachtaí ina rún.

Cén Fáth?

Tá sé i gceist acu níos mó a chaitheamh ar na sócmhainní i bhfad thar a luach. Bunaithe ar an bprionsabal go mbeidh borradh maoine eile amach sa todhchaí. Ní bheidh siad ag ceannach na ndroch-iasachtaí ar an luach atá orthu inniu, nó amárach, toisc go bhfuilid ag titim ró-tapaidh agus rómhór.
Tá sé i gceist go n-íocfaidh siad "a luacháil fad-téarmach" .i. cén praghas a bheas ar eastát neamhchríochnaithe i gceann 20 bliain, nuair a thosaigh (tá súil acu) boilgeog tithíochta eile faoi mar is dual don gcóras caipitlíoch.

Táid ag teacht i mbannaí ar na forbróirí, agus na baincéirí, agus na stocshealbhóirí lenár gcuid airgid.
Táid go huile is go hiomlán in aghaidh náisiúnú na mbanc (bíodh sin go fadtéarmach nó go gearrthéarmach) ar bhonn idé-eolaíoch na heite deise.
Agus ar an mbonn lofa go gcaillfeadh stocshealbhóirí na mbanc a n-infheistíocht go léir dá bharr.

Tá fiach idir €60 billiún nó €90 billiún le cur ar mhuintir na hÉireann i ngeall ar seo amháin.
Beidh sé orainn an méid sin a chaitheamh gan aon aisíoc.

Cén Fáth?

Tá an pointe á argóint ag lucht na meáin/rialtas le fada anois nach bhfuil aon chiall a bheith ag ceannach na sócmhainní ag praghas réasúnta íseal mar atá le fáil le linn an chúlaithe seo, toisc go mbeidh sé orainn na bainc a áthchaipitliú an difríocht dá bharr.
Ach ní mór breathnú ar aon áthchaipitliú breise faoin NAMA mar infheistíocht nua sa mbanc a sholáthróidh aisíoc amach anseo, toisc go bhfuil na droch-iasachtaí/sócmhainní bainte as an mbanc beidh an banc in ann brabús a dhéanamh arís níos éasca nuair a thagann feabhsú sa ngeilleagar. Ba chóir go mbeadh coinníoll ann sa gcás sin ina mbeadh aon brabús nua íoctha don státchiste ar son na gcáiníocóirí

Beidh a fhios againn níos mó Dé hAoine is dóichí

Dé Máirt, Iúil 28, 2009

M2009.07.11

Bhí todhchaí na teanga ag brath i gcónaí orainn féin, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh ar a son, go háirithe in am seo an ghátair. Agus sílim go bhfuil an beart is fearr ag an Liathánach thar ar iGaeilge nuair a labhraíonn sé faoi Mheitheal Oibre na Gaeilge, agus iad a bhailiú timpeall Nuacht24/An Druma Mór.
Ní mór obair deonach a spreagadh i measc na nGael arís, go háirithe orthu siúd a bhfuil léamh agus scríobh acu.

Táim féinig ag déanamh mo sheacht ndícheall le Nuacht24. Agus nílim ag rá go mbíonn sé éasca ailt a scríobh chuile sheachtain, go háirithe nuair a bhíonn brú ama orm agus strus an tsaoil ag cur as dom.
Ach sílim gur obair tábhachtach é. Níos tábhachtaí ná mo ghnáth oibre. I bhfad Éireann níos tábhachtaí