tag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post2465314236191614431..comments2023-12-22T08:47:27.033+00:00Comments on Cín Lae Sclábhaí Pá: M2010.10.10Dubhaltachhttp://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-44527947232811956472010-10-15T01:28:49.651+01:002010-10-15T01:28:49.651+01:00Molaim an t-alt seo.Molaim an t-alt seo.Anonymousnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-88842331254207858562010-10-14T14:07:38.320+01:002010-10-14T14:07:38.320+01:00Ní hé amháin go bhfuil féimheacht ar an gcorrfhobr...Ní hé amháin go bhfuil féimheacht ar an gcorrfhobróir talún .i. briste ó thabh airgid ach tá féimheacht ar an lucht polaitíochta .i. briste ó thaobh smaointe, seachas ag leanúint ag líonadh a bpócaí fhéin, dar ndóighFearnnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-87796837281379841512010-10-14T11:23:25.559+01:002010-10-14T11:23:25.559+01:00Ar an leibhéal is bunúsaí d'ollstailc nó stail...Ar an leibhéal is bunúsaí d'ollstailc nó stailc ar bith taispeánann sé nach bhfuil an lucht oibre ar bhord leis na cinntí atá á ndéanamh ina n-aghaidh. Agus tugann sé deis malairt roghanna a phlé chun teacht ar an réiteach.
Cuireann sé brú ar an élite polaitiúla is eacnamaíochta suí síos agus teach ar an gcomhréiteach seo.
Ar leibhéal bunúsach eile déanann sé cinnte dearfa de nach mbeadh cead a gcinn ag polaiteoirí is lucht gnó a rogha rud de pholasaithe a reáchtáil, cuireann sé in iúil arís dóibh go luíonn an chumhacht leis na hoibrithe a chruthaíonn saibhreas an domhain. Féach an tír seo mar shampla agus cé chomh ceanndána is atá maistrí na hÉireann! Mura bhfuil tú toilteanach seasamh suas duit féin feictear conas a d'fheidhmeodh lucht caipitil agus a ngiollaí polaitiúil. Ní thugtar dara smaoineamh d'athrú saibhris ón mhóramh chuig mionlach .i. NAMA, ráthaíochtaí ar fhofhiach, diúltú é a chur ar ceal, ciorruithe chun íoc as, ardú cánach ar na daoine is boichte chun íoc as.
Má thugtar orlach do rialtas nua-liobrálach, gan troid, cailltear míle.

Agus ar ndóigh taispeánann cur le chéile an lucht oibre in ollstailc do oibrithe eile go bhfuil cumhacht a bheith i gceardchumainn agus go luíonn cumhacht eacnamaíochta an-láidir leosan, sin cumhacht a n-obair. Músclaíonn sé tuiscint. Tuiscint faoi cad atá ag tarlú sa gheilleagar, cé atá freagracht as agus an idé-eolaíocht a chruthaíonn an fhadhb. Spreagann cur le chéile níos mó cur le chéile. Agus tá sé sin tábhachtach sa bpróiseas fadtéarmach le haghaidh athstruchtúrú réabhlóideach na sochaí.

"níl sé réalaíoch go mbeadh duine ag obair ar feadh trian dá shaol agus sin ag cothú an dá thrian eile."

Tagaim leat. Agus táim lán cinnte go bhféadadh an lucht oibre teacht ar chomhréiteach faoi cad ba chóir a dhéanamh más fíor go bhfuil líon na bpaistí a rugtar ag titim. (Ar an ábhar sin ní foláir an cheist a chur cén fáth go bhfuil líon na bpáistí ag titim?
Costas agus an gá do bheirt atá pósta a bheith ag obair chun an clann a thógáil agus iad a chothú, arís tagann sé ar ais chun na ceiste faoi dáileadh saibhris).
Is aisteach bheith ag caint faoi easpa airgid ar fáil do sclábhaithe pá atá ar phinsean nuair a sholáthraíonn sclábhaí pá amháin a dhóthain breisluacha le linn a shaoil chun céad sclábhaí pá a chothú go ceann 100 bliana!
Ar ndóigh téann an airgead breise sin i bpócaí an mháistir, ergo, gá le stailc an éagóir sin a throid.Dubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-2676643523486843662010-10-13T23:28:24.132+01:002010-10-13T23:28:24.132+01:00Ach is rud maith é go mbíonn daoine ann a bhíonn s...Ach is rud maith é go mbíonn daoine ann a bhíonn sásta cur in aghaidh na gcinntí.

Ní hé nach mbeadh na hathruithe riachtanach ó thaobh na hoibiachtúlachta de ach go bhfuil puinn inchreidteachta ag na daoine atá ag déanamh na gcinntí agus á gcur i bhfeidhm. Ní bheidh siadsan thíos leis na bearta a chuireann siad féin i gcrích do dhaoine eile.ormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-23854612664817437542010-10-13T21:35:23.175+01:002010-10-13T21:35:23.175+01:00'beidh le feiscint cé acu an éireoidh nó nach ...'beidh le feiscint cé acu an éireoidh nó nach n-eireoidh leo ar bhonn leanúnach.'

Sin é, a Ormondo - cén mhaitheas a thiocfas as, fiú má leanann? Táim den bharúil chéanna le hAonghus, mar nach bhfeicim 'aon dul as' ach an oiread.

An bhfeiceann tusa bealach timpeall ar an bhfadhb, a Dhubhaltaigh, agus má fheiceann, céard é?Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-67326598989841792742010-10-13T20:38:15.833+01:002010-10-13T20:38:15.833+01:00Táimid ag maireachtáil níos faide: agus in oideach...Táimid ag maireachtáil níos faide: agus in oideachas níos faide. Tá líon na bpaistí a rugtar ag titim. Níl aon dul as ach faid a chuir le saol oibre an duine: níl sé réalaíoch go mbeadh duine ag obair ar feadh trian dá shaol agus sin ag cothú an dá thrian eile.

Ceist eile, gan amhras an bhfuil an córas pinsean ar geal le scéim Pozi é, ciallmhar in aon chor....aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5986578030191533746.post-66054091721039083802010-10-13T20:26:51.277+01:002010-10-13T20:26:51.277+01:00Tá beogacht fós sna Francaigh ach beidh le feiscin...Tá beogacht fós sna Francaigh ach beidh le feiscint cé acu an éireoidh nó nach n-eireoidh leo ar bhonn leanúnach.

Tá ardú aois an phinsin buailte linn anseo sa Ghearmáin cheana féin agus glacadh go géilliúil leis.

I ndeireadh an lae, má roinneann an stát an t-airgead ar na pinsinéirí cad as a dtógfaidh sé an t-airgead siúd a bheidh le caitheamh i ndiaidh na mbanc?ormondohttps://www.blogger.com/profile/08824973477738424375noreply@blogger.com