Dé Luain, Bealtaine 31, 2010

M2010.05.18



Nach bhfuil srian le holc an stáit mhídhleathaigh seo?!
Cúis ceiliúrtha atá sa dúnmharaithe do Iosraelaigh lasmuigh d'ambasáid na Tuirce.

Agóid in aghaidh an áir anocht ag 6pm ón Spíce/Ard oifig an Phoist ar shráid Uí Chonaill agus ag ag dul i dtreo ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath.

Bhí 12 Éireannach sa gcabhlachán daonnúil; Caoimhe Butterly agus Fiachra Ó Luain ina measc, agus lucht daonnúla sa bhád a ionsaíodh i bhfarraigí idirnáisiúnta ag taisteal faoin bhratach trí dhath Éireannach!

Dé Domhnaigh, Bealtaine 30, 2010

M2010.05.17


Seo íomhá thuas mar a fheicim an bhlagmhír thíos.

D'íoslódáil mé Bunchló Ársa ón shuíomh iontach Gaelchló.

Nuair atá sé íoslódáilte d'fhéadfaí an cód simplí a leanas a úsáid i mBlogger chun an cló a úsáid:
N'fheadar an am amú a bheith ag baint úsáide as seanchlónna Gaelacha ach tá rómáns éigin ag baint leis ar aon nós.

Dé hAoine, Bealtaine 28, 2010

M2010.05.16

Ó, gabh i leith, an bhfuil a fhios agat? Beidh rialtas Fianna Fáil/na nGlasach ag príobháidiú VHI an bhliain seo chugainn.
I ndiaidh dúinn, sin pobal na tíre, carn mór airgid a chaitheamh isteach ann ionas go mbeadh sé sócmhainneach.
Ní raibh an comhlacht árachais seo poiblí ach in ainm ar an chéad dul síos, ní feidhmíonn sé amhail comhlacht atá i seilbh na ndaoine. Feidhmíonn sé amhail aon chomhlacht príobháideach .i. má tá cosaint sláinte ag teastáil uait caithfidh tú íoc go han-daor as. An bhfuil aon ní ar domhan níos masmasaí ná brabúsaíocht ar thinneas agus bhuairt dhaoine eile?

Cur amú ama ar fad is ea aon chur is cúiteamh faoi chomhlachtaí árachais agus déanann sé neamhaird den fhíric gurb iad an fhadhb iad.
Tá na comhlachtaí árachais seo cosúil le súmairí a mhaireann ar eagla dhaoine nach mbeidh an cúram ceart ar fáil dóibh má éiríonn siad tinn. Tá an ceart go mbeadh an eagla seo ar dhaoine, is é sin le rá tá cúis mhaith taobh thiar den eagla seo.
Tá an bhuairt seo ann mar gheall ar pholasaithe an rialtais a chinntíonn córas dá sraith .i. d'fhéadfadh othar gan árachas príobháideach a bheith ag fanacht na mblianta do leigheas tábhachtach nuair a fhaigheann duine le hárachas príobháideach an leigheas céanna i gceann seachtaine.
An neamhionannas seo ag tarlú in ospidéil a fhaigheann a maoiniú go poiblí!
Tá a dhóthain maoiniú ón státchiste á fháil ag na hospidéil chéanna ach níl an t-airgead sin go léir ag dul i dtreo seirbhísí, tá cuid mhaith de á chur amú ar mhaorlathas an HSE.

Beidh cur is cúiteamh gan mhaith faoin cheist seo VHI sna laethanta atá romhainn, ach sílim go bhfuil sé spéisiúil nach raibh aon phlé faoin staidéar ó Adelaide Hospital Society agus Coláiste na Tríonóide mí ó shin a mholann athrú radacach sa chóras sláinte a chinnteodh deireadh leis an gcóras dá sraith mhíchothrom inár n-ospidéal. Leagan PDF den tuarascáil anseo.

Faoina moltaí measann AHS agus CnaT go bhféadfadh córas sláinte den chéad scoth do chách a chinntiú in Éirinn le hardú de 3% i gcáin ar theacht isteach dóibh siúd atá in acmhainn íoc as.
Molann an tuarascáil freisin gur chóir go dtiocfadh an t-ardú cánach seo i bhfeidhm le feabhsúcháin mhóra sa dhúphoill airgeadais atá i maorlathas an HSE.

Ní nach ionadh rinne an PD deireanach Mary Harney beag is fiú de, agus ní raibh mórán plé ina leith sna meáin. Téann sé in aghaidh na hidé-eolaíochta reatha an dtuigeann tú.

Chiallódh aon ardú cánach féaráilte go mbeadh lucht gaimbín ag íoc a riar cothrom dá saibhreas don státchiste, rud nár mhaith leis an rialtas seo a fheiceáil.
(Amharc ar M2010.05.03 do thuarascáil TASC i leith buntáistí cánacha is eile atá ar fáil do lucht gaimbín in Éirinn chun a riar cothrom de cháin a sheachaint)

Ar ndóigh arís agus arís eile maíonn lucht gaimbín nach bhfuil aon airgead ann a ligfeadh dóibh cáin a ardú do lucht an tsaibhris. Dar leo caithfear ciorruithe a chur ar sheirbhísí dos na daoine is leochailí i sochaí agus gan cur isteach ar an ghaimbíneachas!
Nach bhfuil sé greannmhar mar sin go bhfuil méadú de 41% i líon na gcarranna nua á ndíol i mbliana -le linn na géarchéime is measa a d'fhulaing an tír riamh- agus go raibh amhantraithe réadmhaoine in ann €400,000 a íoc as gach árasán i mbloc árasáin i mBaile Átha Cliath le déanaí. Ach maíonn an rialtas nach bhféadfadh cáin bhreise a chur ar an saibhreas atá amuigh ansin chun cothromaíocht a chinntiú!

Déardaoin, Bealtaine 27, 2010

M2010.05.15

Ná héist leis an bhfíseán thíos in aice le do bhas, in aice le páistí óga nó daoine le méin bhog (Tá a lán de theanga shaibhir na banríona ann!).
Ach éist, is fiú é.

Ní raibh tuairim agam roimhe faoin sórt búm ola a ba chóir a bheith in úsáid do dhoirteadh ola. Tá an easpa eolais seo agam de bharr, mar a mhíníonn an t-údar, "focain iriseoirí gan mhaith" nach ndéanann a bpost i gceart.

Cíbe faoi focain iriseoirí gan mhaith sna stáit is beag atá le cloisteáil faoin doirteadh ola ollmhór is mó ar domhan ar focain RTÉ nó ar TGFóir, nó an píosa caca sin TGaTrí, agus déan dearmad iomlán faoin focain raidió in Éirinn. Táid ar an raidió ró-focain ghnóthach na laethanta seo ag moladh Páirtí Tae na hÉireann dúinn chun mír a thabhairt do focain B-focain-P agus a bpraiseach.
Tá meon lofa aineolach "druileáil a stóir druileáil" (chomh fada agus atá an druileáil ar an thaobh eile den oileán) ar fáil go flúirseach i measc buirgéisigh beaga is móra na meáin chumarsáide in Éirinn. Cad é sin a dúirt tú? Beidh an píopa lán gáis amh ag rith trí chúlghairdíní chainteoirí Gaeilge?! Níos focain fearr fós!

Dá dtosóidís, na focain iriseoirí gan mhaith siúd, ag iniúchadh cur chuige na focain gcaipitlithe i leith cúrsaí mar seo feicfear cén sórt cur chuige a bhí, atá agus a bheas i ndán dúinn le focain Shell i nGaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh.
Ach níor mhaith leo an focain mála sin a oscailt. Óir is focain fearr leo go bhfuil ár focain gcloigne ramhar dúra sáinnithe go domhain sa ghaineamh nó thuas ár dtóineanna.

Ar aon nós.
Cad is boom focain ceart ann chun ola a stopadh? Ní an focain seafóid a chuireann focain BP máthair-focairí ar an bhfarraige de bharr a focain foc up ollmhór.

Bain sult.

Dé Luain, Bealtaine 24, 2010

M2010.05.14


Is breá liom GIMP!

M'iarracht ealaín Banksy a chruthú.

Dé Sathairn, Bealtaine 22, 2010

M2010.05.13

Bhí athchraoladh den chlár den chéad scoth ar TG4 aréir; Na Bailitheoirí Ceoil.
George Petrie atá faoi chaibidil sa chéad chlár seo.
Is fiú go mór breathnú air le haghaidh na n-amhrán iontach atá caillte dúinn. Nó a bhí caillte dúinn ba chóir a rá. Go háirithe "Sean amhrán treafa". Ar fheabhas.

Tá an clár féin curtha le chéile go han-snasta. Agus baintear úsáid as an fhuaimrian thar a bheith iontach (Another rather lovely thing) ón sár-scannán The Assassination of Jesse James by the Coward Robert Ford le Brad Pitt agus Casey Afflek.

Bhuail mé le hAfflek tráth agus mé ag obair mar fhear dorais i bpub i mBostún -bhí sé ag iarraidh dul amach ar an tsráid lena dheoch.
Fear deas a bhí ann. Gael-Mheiriceánach bródúil.

Dé hAoine, Bealtaine 21, 2010

M2010.05.12

Ceann de na rudaí is fearr faoin idirlíon is ea an chaoi a bhféadfaí teacht ar ghearrscannáin chomh héasca. Sa ghearrscannán -cosúil leis an ngearrscéal agus haiku- caithfear rud éigin a rá i mbeagán focal. Ní shílim go bhfuil an bua sin agam, mar sin bainim an-sult as cumas an ealaíontóra carachtair a chruthú agus scéal bunaithe orthu a insint chomh gasta.


Tá do rogha rud de ghearrscannán ar fáil. Roinnt acu go holc is roinnt acu go maith.

Táim idir dhá chomhairle faoin cheann thíos; lán stíl gan substaint?
Go háirithe i gcomórtas leis an gceann thuas atá lán substaint agus stíl.



Agus mura bhfuil an chaint seo thíos cloiste agat go fóill is fiú breathnú air anois mar shórt cartúin.
Cad é a spreagann muid? Cuspóir nó airgead?



Ag brath ar an obair is iad cuspóir pearsanta agus neamhspleáchas ó thíorántacht -a cleachtar i gcaipitleachas- na freagraí cuí dar leis an taighde is déanaí.
Tá daonlathas sóisialach ag teastáil ón oibrí an dtuigeann tú. Agus cén fáth nach mbeadh?

Déardaoin, Bealtaine 20, 2010

M2010.05.11

Cúis an-díomá dom deireadh le Nuacht24 clóite!
Céim siar eile atá ann do lucht na Gaeilge mar gurb é Nuacht24 an t-aon nuachtán fíor-neamhspleách ó chuing an mhaoinithe, agus as sin cuing an rialtais agus a ghéaga fada maorlathais.
Scríobh mé féin don nuachtán ó Mhárta 2009 go dtí tús na bliana seo. Bhí dua orm ailt a scríobh chuile sheachtain ach bhainis an-sult agus tairbhe as ag an am céanna.
Tá áthas orm go raibh páirt beag le himirt agam i saol na Gaeilge, go háirithe agus é in ísle brí de bharr bás sean-Foinse agus Lá Nua.
Gan amhras ar bith leanfaidh Eoghan agus an chuid eile den fhoireann ar aghaidh leis an ndíograis chéanna lena sár-shuíomh nuachta. Guím gach rath orthu.

Is minic a bhí ailt i Nuacht24 a thug dúshlán na Bunaíochta buíochas leis an neamhspleáchas seo a bhí acu. Dúshlán nach bhfeicim á thabhairt ag aon fhoilseachán Gaeilge eile sa tír faoi láthair, seachas Feasta b'fhéidir.
Thug Lá/Lá Nua dúshlán an rialtais ar go leor ceisteanna, agus bhí ailt mhaith rialta ann ó mhéara Chathal Mhic Coille i sean-Foinse.

Mar sin is le croí trom a osclaím Gaelscéal na laethanta seo. Níl an faobhar sin a bhí le fáil i Nuacht24/Foinse/Lá Nua le brath sa nuachtán nua.
Is rud aisteach é mar tá, nó bhíodh, ríomh-aithne agam ar an eagarthóir (Gael gan Náire) agus ba dhuine réabhlóideach é. Dalta díograiseach Mháirtín Uí Chadhain is an Phiarsaigh ab ea é.

Ach tá colúnaí amháin i nGaelscéal a bhaineann osna asam gach seachtain anois. Sin Conall Ó Móráin. Feictear domsa go mbíonn ar a laghad abairt amháin ina alt a bhaineann an osna sin asam. Osna diomúch, an cineál osna a ligtear nuair a bhraitear gur cuireadh airgead nó am amú!
Dhá shampla go tapaidh:

1) Ón eagrán ar an 14ú den mhí seo tá an abairt seo a leanas ann: "Lean Cooper lena argóint go raibh muid ag tabhairt airgead in aisce do na forbróirí (rud nach fíor)... Léirigh McCarthy nár tugadh airgead dos na forbróirí"

Gan a bheith ag tochailt suas argóint Cooper caithfidh mé a rá nach dúirt sé go raibh airgead á thabhairt do na forbróirí. Dúirt sé go raibh muid ag teacht i bhfóirithint orthu. Rud atá fíor. Níl aon ghá airgead a thabhairt dóibh go díreach chun é sin a chinntiú.
Míníonn plean gnó NAMA nach mbeidh an rialtas seo ag lorg pingin run ó aon fhorbróir go dtí 2013 ar a laghad (agus níos faide anonn mura dtagann an bhoilgeog thithíochta ar ais!).
Tá Fianna Fáil ag rá go bhfuil maoin na bhforbróirí móra slán chomh fada agus atáid i gcumhacht. Tá caillteanais na bhforbróirí orainne anois agus ar ár dteaghlaigh. Ní ar theaghlach an fhorbróra. Beidh an t-airgead a ghoidfear uainn i gcomhair NAMA á thabhairt do na forbróirí céanna chun críoch a chur ar a bhforbairtí .i. beidh na forbróirí ag fanacht in obair buíochas le hairgead an phobail go dtí an lá go mbeidh brabús saothraithe acu as pobal na hÉireann.
Agus ná creid focal ón Aire go mbeidh siad ag dul ar thóir airgid uathu!
(Fágfaidh mé sin do lá eile é.)

(Agus más buan mo chuimhne bhí Conall i measc lucht "Níl Aon Rogha Eile Againn" ó thaobh NAMA de!)

2) Ón eagrán ar an 7ú den mhí seo tá an abairt seo a leanas ann: "Ní maith leis na Gearmánaigh na Gréagaigh ach an oiread mar go bhfuil sé dlíthiúil sa Ghréig éirí as obair nuair a shroichtear 53 bliain d'aois"

Seo an sórt cacamais atá ag dul thart sna meáin agus ar an idirlíon, ach is bréag iomlán é. Is bréag é i gcomhthéacs ar bhain Ó Móráin úsáid as.
D'fhéadfadh duine atá ag obair i bpost stáit dainséarach éirí as ag 55, le céatadán beag dá phinsean. Ach ní dhéantar é go rialta mar ní féidir le héinne éirí as obair le céatadán dá phinsean.
Níl ann ach aimhrialtacht sa dlí nach mbaintear mórán úsáide as.
Féach ar staitisticí Eurostat féin faoin aois a éiríonn oibrithe na Gréige as obair. Timpeall 61.4 ar an meán.
Tá sé 62 sa Ríocht Aontaithe. 59 sa Fhrainc, agus 61.7 sa Ghearmáin (an tír sin ina maíonn mo dhuine go bhfuil gráin ag na hoibrithe do oibrithe na Gréige!)
A oibrithe na hEorpa ná cuirigí le chéile, luíonn locht na mbanc Gearmánacha is Francacha oraibh. Sin an teachtaireacht atá sé á scaipeadh.
Dá gcuirfí aois na ndaoine atá ag obair i gcomhlachtaí sa mhargadh dubh sa Ghréig san áireamh feictear go méadaíonn an aois pinsin go dtí 65 ar an meán! In Éireann téann daoine ar phinsean ag idir 62 agus 63 ar an meán!

Níos mó ón bhlagmhír seo thíos.

Níl ann ach dhá shampla de chaighdeán buirgéiseach leisciúil an Sunday Indo atá ar fáil anois i bpríomh-nuachtán na Gaeilge....*osna*

Dé Céadaoin, Bealtaine 19, 2010

M2010.05.10



"Caithfidh duine éigin seasamh suas in aghaidh na saineolaithe"

Sin sliocht beag as alt spéisiúil atá san iris New Scientist. Alt faoi cén fáth a séanann daoine cliste an fhírinne faoi chúrsaí eolaíochta.
Tá an taighde is nuaí ag rá gur meascán d'idé-eolaíocht agus síceolaíocht atá i gceist. Gan a ligean i ndearmad bolscaireacht fhéin, ach is dócha go gcreidtear bolscaireacht áirithe bunaithe ar idé-eolaíocht.

Alt fada a mholfainn atá ann ar aon nós.

Ar nuacht eile tá muid i ndiaidh teacht tríd an Aibreán is teo ariamh ar na taifid domhanda dar le NASA is NOAA, tháinig sé sin ar shála na nuachta go raibh an Márta seo i mbliana an Márta is teo ariamh.
Agus ar ndóigh bhí Eanáir Feabhra níos teo freisin ná aon bhliain roimhe.

In ainneoin seo, agus gach uile rud eile, cloisim daoine fós ag séanadh athrú aeráide!

Dé Máirt, Bealtaine 18, 2010

M2010.05.09

Buíochas le ormondo tháinig mé ar an mbogearra Gimp.
Clár cosúil le Photoshop atá ann agus gach uile phioc chomh cumhachtach.
Ach tá Gimp saor in aisce.
Le fada an lá bhíos ag baint úsáide as Photofiltre mar uirlis chun bealach a thabhairt do mo shamhlaíoch íomhánna a chruthú. Mo léan, ach tá sé beagáinín teoranta ó thaobh cad is féidir a dhéanamh leis.
Mar shampla bhí sé i gceist agam le fada an lá íomhá "Che-úil" de Shéamus Ó Conghaile a dhéanamh, ach ní rabhas in ann de bharr srianta an bhogearra ar bhain mé úsáid as.

Réitithe faoi dheireadh thiar thall:



Chruthaigh mé ceann díom féin mar is féidir a fheiceáil in aice le m'ainm thuas.
Níl ann ach píosa spraoi, agus tógfaidh mé síos é go luath agus cuirfidh mé Séamus suas ina áit arís.

M2010.05.08

Is é Binn Ghulbain ceann de na siúlóidí sléibhte is áille agus is éasca le déanamh in Éirinn.
Tosaítear i nGleann Darach (gan Dair) ag siúl i dtreo an easa atá idir Shliabh Mór agus Bhinn Ghulbain féin, sin dreapadh an easa an t-aon dua amháin le déanamh le linn na siúlóide.
Ag sroicheadh duit barr an tsléibhe pollta amach tá siúlóid éasca réidh romhat go dtí an mullach is airde.
Óna barr tá radhairc den chéad scoth ar fáil de Shliabh Liag, Inis Muirí, Sliabh Gamh, Tír Fhiachrach ina iomláine chomh fada agus Cuan Chill Ala agus Sliabhraon Néifinne i lár Mhaigh Eo.

Bhí bealach rí-spéisiúil suas an Bhinn ag Somers ina chlár An Bealach ó Dheas cúpla bliain ó shin.
Bhí sé in ann dul suas tríd an sliabh féin ó na pluaiseanna agus clasáin atá air.
Ní raibh mé cinnte cén áit a raibh i gceist aige go díreach, nó an misneach agam a dhul ar a thóir gan a bheith cinnte faoi, ach is cinnte go ndeachaigh sé suas ón taobh thuaidh den sliabh mar is féidir a fheiceáil thíos:

Táim ag súil go mbeidh Binn Ghulbain ar an liosta de shléibhte a bheas le dreapadh aige sa chlár nua agus scéal Dhiarmada agus Gráinne á aithris.

Is cúis iontais, agus díomá, domsa freisin nach bhfuil an sliabhraon seo agus a ghleannta ar aon liosta caomhnaithe.
Níl a áilleacht le sárú, agus tá an portach i nGleann Darach á scriosadh ag meaisíní ispíní ag baint móna uaibh.
Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bportach seo óir is uaibh a fhaigheann cuid mhaith de Chontae Shligigh Thoir agus Thuaidh a bhfoinse uisce.
Déanann an portach cinnte freisin go mbíonn a dhóthain uisce ar fáil sna haibhneacha le linn an tsamhraidh. Ní hamháin sin ach tá ról le himirt ag portaigh mar seo chun a chinntiú nach mbíonn maidhm thuile sna bailte ar an talamh íseal le linn an gheimhridh nuair a thiteann a lán baistí sna sléibhte.
Feidhmíonn siad amhail spúinse ag coinneáil an t-uisce bhreise seo isteach agus á ligean amach sna haibhneacha de réir a chéile le linn na bliana.
Tá tábhacht nach beag ag baint leo ó thaobh an dúlra de freisin.
An tImpire le feiceáil thíos:
Faraor ní raibh sé sásta a sciatháin a oscailt dom.

Tá na haibhneacha atá sna sléibhte chomh ghlan sin freisin, nílid aigéadach toisc nár bhain galar na Sitka spruce (nó na dtuirbíní gaoithe!) Gleann Darach amach go fóill.
Tá na haibhneacha is srutháin ann lán gabha dubh. Comhartha maith go bhfuil an t-uisce folláin agus lán bia.
A mhalairt de scéal a bhíonn fíor in áiteanna ina mbíonn an sprús Sitceach ag fás ann.

Ag fás go rábach cosúil le fiailí, fiailí an chaipitlí chun a bhrabús a fháisceadh níos tapúla as an chomhshaol, is cuma cén costas!

Dé Céadaoin, Bealtaine 12, 2010

M2010.05.07

Brúigh an íomhá le méadú.



Is éasca a bheith ciniciúil faoi na daoine a bhris amach ón agóid aréir chun geataí na Dála a shárú. Cad a bhíodar ag iarraidh a dhéanamh? Cad a bhíodar ag iarraidh a bhaint amach?

Ní raibh ann i ndáiríre ach ionsaí siombalach ar chró na cumhachta truaillithe.

Ach ní mór cuimhneamh gur rud cumhacht é féin an siombalachas chun aigní a mhúscailt.

Murach é ní bheadh caint faoin agóid inniu.

Dé hAoine, Bealtaine 07, 2010

M2010.05.06

Bíonn breall ormsa cosúil le cách. Creidim i rudaí a deirtear sna nuachtáin! Agus is duine mé a dhéanann iarracht gan faic a chreidiúint óna meáin chumarsáide. Dá léifinn alt tuairimíochta ó aon nuachtán Éireannach ag maíomh go raibh an spéir gorm bheinn ag ceapadh gur tháinig athrú uirthi thar oíche agus go mbeadh corcra nó dath eile uirthi.

Cúis an-díomá pearsanta a bhí ann dom féin mar sin gur chreid mé an méid a mhaítear sna meáin faoina dúirt Evó Morales uachtarán réabhlóideach na Bolaive maidir le daoine aeracha.

Bhí díomá an domhain orm go bhféadfadh sóisialach a bheith chomh cúngaigeanta agus a bheith glan in aghaidh bunphrionsabal an tsóisialachais fhéin.
Conas is féidir le fear cliste mar Mhorales a bheith ag ceapadh a leithéid? a bhíos féin ag ceapadh
Bhí meas mór -an-mhór ar fad- agam don fhear, agus chaill mé misneach de bharr.
Ní dheachaigh mé ar thóir níos mó eolais, mar níor mhaith liom níos mó a chloisteáil...

Bhí alt san ITar maidin ag tosnú leis an maíomh céanna:
"HOMOSEXUALITY IS caused by eating chickens, according to the Bolivian president"
Á Foc, diomúch arís a bhí mé.
Focain amadán d'uachtarán, a dúirt mé liom féin.
Tá cuma na geilte ort anois agus tharraingt tú do réabhlóid thíos leat a bhíos ag ceapadh.

Ach táim díreach tar éis an bhlagmhír seo a léamh. (Mholfainn é)

Agus tá an sliocht ann faoi cad go díreach a dúirt Morales:

“El pollo que comemos está cargado de hormonas femeninas, por eso cuando los hombres comen esos pollos tienen desviaciones en su ser como hombres”

Nílim diomúch a thuilleadh. Tá níos mó le léamh ina leith ar an bhlag luaite thuas.

Cad é an chleacht atá foghlamtha agam arís!?
Ná creid focal, focal ar bith. Go brách!
Go háirithe maidir le réabhlóidí sóisialacha Mheiriceá Laidineach.

Déardaoin, Bealtaine 06, 2010

M2010.05.05

Seo thíos réamhléiriú ar shaothar an Mharxaigh do Mhíshásta! ;)
(Féach trácht sa bhlagmhír thíos)

Dé Céadaoin, Bealtaine 05, 2010

M2010.05.04

Mar gheall ar an chúlú tá níos mó spéise á chur in athuair i saothar Mharx ar an gcóras caipitlíoch. De réir dealraimh tá an-tóir ar An Caipiteal i ngach aon teanga timpeall an domhain.
Is dóigh go bhfuil tóir ar an leabhar toisc go míníonn sé an chaoi a mbogann an córas caipitleachais ó ghéarchéim go géarchéim gan réiteach. An chaoi go mbogann an fhadhb sa chóras ó fhoinse na faidhbe .i. ó fhadhb na mbanc go dtí an stát, agus as sin go dtí na hoibrithe sa stát sin. Féach gach tír chaipitlíoch ar domhan mar shampla. Féach An Ghréig agus An Íoslainn.
Féach ar an teilifís anocht agus na cláracha siúd ó Wall Street (CNBC), éist lena nglór fuar agus an chaoi a bhfuilid ag caint faoi dheiseanna infheistíochta agus díolacháin ar dhroim anachain mhuintir na Gréige!

Streachailt aicmeach atá ann

Seo thíos físeán spéisiúil ina bhfuil agallamh le David Harvey ar an streachailt aicmeach atá mar bhunchloch de theagasc Marx ina anailís ar chaipitleachas.

M2010.05.03

Tá anailís chuimsitheach eisithe ag an ghrúpa TASC ar an mBille Airgeadais 2010.
Failed Design? Ireland's Finance Acts and their Role in the Crisis
"Ireland’s over-reliance on tax expenditure and tax avoidance to attract investment undermines tax revenue, distorts markets and fails to support job creation. Ireland needs to move towards an economy based on sustainable development."
Is fiú go mór féachaint a thabhairt air le haghaidh léargas ar chur chuige lochtach an rialtais i leith cánach sa phoblacht.
Tugann sé léargas dúinn ar chur chuige truaillithe an rialtais i leith grúpaí le leasanna dílsithe .i. Rinne athruithe don reachtaíocht ag ardghrád de bhille ar son dreamanna (forbróirí agus cairde Fhianna Fáil) ag iarraidh síneadh ama d'fhaoisimh chánacha ar thithe ó Bhealtaine 2013 go dtí 2015.
Fágadh an t-amhantar cánach atá ar fáil do cearrbhaigh talún de 80% de bhrabús ar luach na talún i ndiaidh don talamh sin a bheith athaicmithe.

Rinneadh Fianna Fáil athruithe mar sin ag leibhéal ardghráid an bhille chun ceistiú agus plé a sheachaint sa Dáil nó Seanaid.
Sin blaisín den leibhéal cumhachta atá ar fáil don té, nó dream, a mhaoinítear an príomhpháirtí in Éirinn!
"...But much lobbying also takes place between the Budget and the final legislation, and governments often include things in the annual Finance Act that were not mentioned on Budget Day....Section 27 extended the end date of a property-based tax break from May 2013 to May 2015.

Further lobbying occurs after the Finance Act is passed into law, as much of the detail of its provisions are specified in ‘secondary legislation
"
Tá bosca de 10 bpointe ar leathanach 16 maidir leis na fadhbanna a bhaineann le buntáistí cánacha do lucht an rachmais mar chur chuige an rialtais ár bhfadhbanna eacnamaíochta a réiteach. Is fiú breathnú air agus iad a chuimhneamh.

Cinntíonn an bille airgeadais seo a shínigh an tUachtarán (an bhean sin a bhíonn de shíor ag bladaráil is ag seanmóireacht faoi chothromaíocht i sochaí etc) ag tús na seachtaine nach mbeidh feabhsú de répartition du capital in Éirinn faoina stiúir.

Mar is féidir a fheiceáil thíos ó leathanach 29 ar dáileachán rachmais in Éirinn:

Tá 40% den rachmas sa tír ag 5% den daonra.
Níl sé i gceist ag Fianna Fáil cur as don mhíchothromaíocht chompordach sin.

Tuairimíonn TASC gur chaill an stát beagnach €8 mBilliún aréir i gcáin mar gheall ar ár ráta cánach íseal do chomhlachtaí móra ilnáisiúnta.
Mar bharr ar an donas tá sé ar intinn na ngaimbíní ísliú a dhéanamh arís ar cáin chorparáideach chéanna sa bhille seo.

Tá i bhfad níos mó ann ná mar atá luaite go tapaidh thuas ann, idir fhóirdheontais do leigheas príobháideach agus seachaint cánach idirnáisiúnta etc.

Tá an anailís curtha le chéile ag TASC chun cothromaíocht eacnamaíochta a bhaint amach sa gheilleagar. Rud nach mian le rialtas Fhianna Fáil/na nGlasach a fheiceáil.
Dar leis ba chóir go mbeadh an bille airgeadais á úsáid mar threo do cháin fhorchéimnitheach. Rud nach amhlaidh faoi láthair.

Táim ag súil le plé éigin faoi seo sna seachtainí atá romhainn.

M2010.05.02

Tá an miotas gurb iad na hoibrithe sa Ghréig atá freagrach as praiseach a gheilleagair, go bhfuilid leisciúil agus ar a sáimhín só, ag fás go rábach i measc gaimbíní is lucht an tsaibhris sna meáin in Éireann. Agus ag leanúint as sin i meon na ndaoine a chreideann na gaimbíní seo.
Ar RTÉ go príomha .i. ar an raidió agus na haíonna a bhíonn acu, nó ar an teilifís, agus i nuachtáin mhóra na ngaimbíní .i. Irish Indo, Irish Times, Sunday Indo, Sunday Times etc.
Ar a laghad tá tráchtaire eacnamaíochta amháin fágtha sna meáin in Éirinn fós nach bhfuil a chloigeann sáinnithe thuas a thóin aige.

D'fhéadfá feachtas clúmhillte a bhaist ar na bréaga seo.
Feidhmíonn sé mar bhacainn nó dris chosain daingean in aghaidh dlúthpháirtíochta agus cur le chéile oibrithe na hEorpa go léir.

Cúpla fhíric mar fhrithbholscaireacht:

Oibríonn na Gréagaigh, ar an meán, idir 42 agus 45 uair sa tseachtain.
Oibríonn muid timpeall 39 uair ar an meán.
Dar le Eurosat tá lucht oibre na Gréige ar na tuarastail is ísle san Eoraip.
Bhí beartais déine curtha i bhfeidhm ag an rialtas roimh an ngéarchéim nua seo, tá pá na n-oibrithe tite siar go dtí an leibhéal a bhíodh acu le linn na hochtóidí luath.
Tá i bhfad níos mó ciorruithe le teacht orthu de bharr an IMF/AE ag fóirithint na mbanc sa Fhrainc agus sa Gearmáin óna n-infheistíocht i lucht gaimbín sa Ghréig.
Éiríonn oibrí sa Ghréig as obair ag 65 bliain d'aois, beidh siad ag síneadh an ama seo amach anseo le beartais déine nua an IMF/AE chun an méid luach agus is féidir a sú as coirp na sean-sclábhaithe. Tá a bpinsin i measc na bpinsean is ísle san Eoraip cheana.
Titfidh luach an phinsin arís nuair a shíntear an aois a bhfuil "cead" acu éirí as obair.

Fostaíonn gaimbíní na Gréige na céadta míle daoine sa mhargadh dubh, mar dhaoine "féinfhostaithe". Déantar é seo chun cáin a sheachaint. Níl aon chosaint dlíthiúil nó sóisialta ag na hoibrithe seo.
Tá na céadta míle eile fostaithe ag na gaimbíní go páirtaimseartha chun cáin a sheachaint agus an chosaint chéanna shóisialta a dhiúltú dóibh.
In ainneoin seo tá an céatadán de dhaoine atá fostaithe sa státseirbhís mar mhúinteoirí, fir dhóiteáin, gardaí, banaltraí etc an-íseal i gcomparáid le gach uile thír eile san Eoraip. Agus an chuid is mó acu fostaithe ar chonarthaí páirtaimseartha a chinntíonn arís nach bhfuil an pá is coinníollacha cuí acu.

Go dtí an ghéarchéim seo bhí comhlachtaí agus bainc sa Ghréig i gcónaí ar an liosta de na comhlachtaí is mó brabúis san Eoraip, sin an fáth gur infheistigh lucht gaimbín ón Fhrainc agus ón Ghearmáin i mbainc is comhlachtaí na ngaimbíní sa Ghréig.
Bhí an brabús seo ann toisc go bhfuil an costas a bhaineann le sclábhaíocht oibrithe na Gréige an-íseal go deo!
Bhí, ar ndóigh, buntáistí cánacha flaithiúil ar fáil do bhrabúis na ngaimbíní seo agus margadh dubh láidir ar fáil dóibh chomh maith a fheidhmíonn go díreach mar an gcéanna.
Bhí, agus tá fós, seachaint na cánach an-choitianta i measc lucht an rachmais sa Ghréig.

In ainneoin seo go léir cuireann na meáin chumarsáide in iúl dúinn gur chóir do na Gréagaigh beartais dhéine a ghlacadh ach ligean do na gaimbíní saor óna locht agus bhfreagracht!

Tá an méid atá ag tarlú in Éirinn (lucht gaimbín ag iarraidh aighneas a chruthú idir oibrithe le bréaga agus bolscaireacht ionas go bhféadfadh sé níos éasca an t-athrú saibhris a dhéanamh) ag tarlú go hidirnáisiúnta sa chás seo.

Fágfaidh mé an focal scoir do bheirt ó mhalairt deiridh an speictrim eacnamaíochta is idé-eolaíochta:
Mac Liam: "Make no mistake about it, the bailout of Greece, which will cost us €1.3bn, is not a bailout for the Greek people, it is a bailout for the banks that lent money to Greece."
Ó hUiginn: "The fact that private banks and hedge fund operators along with debt rating agencies can manipulate a situation that allows them to charge extortionate rates of interest for certain countries creates an economic dictatorship in effect. It is working people and the poor who pay the price for this in savage cuts to public expenditure and in their living standards, by governments which simply do the bidding of these institutions."

Dé Máirt, Bealtaine 04, 2010

M2010.05.01

Cliceáil le méadú.

---------------------------------------------------
Choinnigh Lucht TG4 an clár nua Dermot Somers Turas Feasa faoi rún!

Chonac ar teilifís ciúin i dteach tábhairne i gCorca Dhuibhne é le linn an deireadh seachtaine. Ag súil go mór féachaint air i gceart anocht.

Scéal Aoidh Rua Uí Dhónaill atá á chíoradh aige .i. Log na Coille agus roinnt sléibhte Chill Mhantáin á siúl aige sa chéad chlár.

Cuid a 1 le feiscint anseo, agus cuid a 2 anseo.

---------------------------------------------------

(Cartún cliste le Ed Stein)

Tá buntáistí eile an tsaormhargaidh le feiscint againn maidir leis an doirteadh ola tubaisteach sin sa Murascaill Mheicsiceo.
Má ligtear don chaipitlí (na bainc mar shampla, agus lucht ola sa chás seo) a rogha rud a dhéanamh le féinrialúchán brisfidh sé rialacha oibre chun brabús sa bhreis a chinntiú.

Agus is é an domhan, muintir an domhain agus an timpeallacht i gcoitinne a bhíonn thíos leis!

Scéal ón NYT anseo