Dé Céadaoin, Samhain 25, 2009

M2009.11.16

Cheannaigh mé an Indo inniu le Foinse Nua a cheannach. Bhí radharc breá ar chéad leathanach an nuachtáin de na mílte daoine i dtrácht trom ag dul ó thuaidh ón deisceart lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh.
Oibrithe ón earnáil phoiblí a bhformhór dar leis na tuairiscí. Bhí múinteoir a bhfuil aithne agam uirthi ina measc.

Bí ag caint faoi amaideacht. Thug na hóinsigh is amadáin an-armlón do na meáin, an rialtas, agus daoine i gcoitinne a d'fhéadfaidís úsáid a bhaint as ina n-aghaidh amach anseo.
Nuair ba chóir dóibh a bheith ar an stailc náisiúnta, ag picéid, ag iarraidh a bhfearg is a ndéistin a chur in iúl don rialtas, bhíodar ag siopadóireacht.
Agus siopadóireacht d'alcól don chuid is mó a bhí ann leis!

Dé Luain, Samhain 23, 2009

M2009.11.15




Idir Schiff agus Celente n'fheadar cé acu an Nostradamus is fearr.
Agus is greannmhar an rud é go dtabharfadh duine "Nostradamus" orthu!
Más buan mo chuimhne rinne Nostradamus tuar faoi rudaí a chreid sé a tharlódh sa todhchaí bunaithe ar rud ar bith eile seachas a chumas mar dhraoi!

Níl an bheirt siúd luaite thuas ach ag amharc ar na figiúirí agus fíricí agus ag rá go neamhbhalbh cad a chiallaíonn siad, dar leo, bunaithe ar na fíricí siúd.
Níl aon duilleoga tae nó liathróid chriostail i gceist anseo.
Agus ní mór cuimhneamh, aon ní a deireann ceachtar acu ní heolas nua é sin do na boic mhóra a bhfuil muide ag teacht i mbannaí orthu.

Tá a fhios agam go mbaineann an dá fhíseán thuas le geilleagar na stát go díreach (agus polaitíocht na tíre sin leis, déan neamhaird de bhladar Schiff i ndiaidh 8 nóiméad), ach ní foláir cuimhneamh arís go mbeidh tionchar díreach ag a bhfuil á phlé acusan orainne anseo in Éirinn lenár ngeilleagar oscailte.
Tá muide ag brath níos mó ar cad a tharlaíonn thall i SAM ná thall sa Ghearmáin

Alt ó Nuacht24 3/11/09

Ní raibh nuachtán ar bith sa domhan, de réir mo chuardach féin, nár thosaigh leis an gceannteideal "Geilleagar Mheiriceá ag teacht as cúlú", nó comhathrú éigin den cheannteideal sin ar a laghad ag deireadh na seachtaine a d'imigh tharainn.
Bhisigh scaireanna timpeall an domhain ar an nuacht leis an bhfeabhas is fearr le fada i ngeilleagar SAM. Thall ansin léim scaireanna i gcomhlachtaí amhail Caterpillar agus American Express níos airde! Má tá biseach i ndán dúinn beidh gá le níos mó tógála tí agus creidmheasa arís, a chreid na hinfheisteoirí.
Ach cé chomh láidir is atá an feabhas seo de 3.5% in OTI na Stát Aontaithe i gC3?

Ina thráchtaireacht ar shuíomh idirlín Euro Pacific Capital (EPC)ag an deireadh seachtaine seo caite ní raibh drogall ar bith ar Peter Schiff, mar is dual dó, na fíricí loma a chuir os comhair eacnamaithe is tráchtairí eacnamaíochta maidir leis an bhfeabhas 3.5% sa tríú ceathrú.
Dóibh siúd nár chuala faoi Peter Schiff roimhe bheadh sé a dhóthain a rá gurbh eisean an fear a bhí ag tabhairt rabhadh láidir stuama faoin gcóras baincéireachta is airgeadais sna stáit agus sa domhain ó 2003 ar aghaidh. Beidh aithne ag Gael-Mheiriceánaigh air mar iarrthóir Poblachtach liobrálach don Seanad i gConnecticut le reáchtáil 2010. Cancrán i súile an rialtais thall ab ea é, fear duairc i súile an phobail le fada, leis, ach anois ós rud é gur fíoraíodh gach ní a thuar seo go heacnamaíoch tá fonn níos mó ar an bpobal éisteacht leis ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta.
Dúirt sé maidir leis an bhfás is nuaí a tharla de bharr idirghabháil airgeadais an rialtais: "le méadú fiach phoiblí agus phríobháideach, le leathnú rialtas, easnamh níos doimhne sa trádáil agus ísliú i rátaí coigiltí, chinntigh an idirghabháil seo go mbeadh ár ngeilleagar ar ais arís ar an gcosán neamhbhunaithe d'iasacht agus chaiteachas. Mar sin, chuir siad cosc ar an gcothromú atá ag teastáil d'fheabhas fadtéarmach. An bhféadfadh go mbeadh léiriú níos simplí de phian fhadtéarmach le haghaidh fheabhsú gearrthéarmach?"
Mar atá déanta go minic go dtí seo rinne sé comparáid idir an cúlú seo agus an Spealadh Mór, ag rá gur mhéadaigh OTI (na stáit) go bliantúil ar feadh 6 bhliana agus chrap sé ar feadh 4 bhliana le linn na deich mbliana den spealadh sin. Tar éis titim sna blianta tosaigh de na deich mbliana siúd, d'éirigh OTI dearfach i 1934 agus bhí 3 bhliana eile d'fhás dearfach láidir.
Agus cosúil leis an ngéarchéim seo lean an ráta dífhostaithe ag ardú, rud a chinntíonn nach mbeidh aon fhíor fhás in athuair aon am go luath.

Bhí feabhsú sna ceithre chomhartha eacnamaíochta a úsáideann an Biúró Náisiúnta um Thaighde Eacnamaíochta (NBER) thall le linn C2 agus C3 de 2009 a chuir orthu deireadh an chúlaithe a fhógairt. Ach tá moill ag teacht ar an bhfeabhsú seo le déanaí ag tógáil imní faoi chumas an fheabhsú. Maíonn Schiff go bhfuil an fás seo á thiomáint ag tógáil agus caiteachas thomhaltóirí atá spreagtha ag cláracha rialtas, mar shampla an scéim "airgead do sheanchairt" agus faoiseamh cánach do cheannaitheoirí tithe den chéad uair.
Dúirt Schiff: "Tháinig na huimhreacha láidir do thithe agus carranna ón mhanglam den cláracha spreagthaí: Rátaí úis ag seasamh cóngarach do náid, morgáistí atá ráthaithe ag an rialtas, ceannach urrúis morgáistí ag an gCúlchiste Feidearálach, faoiseamh cánach do cheannaitheoirí tithe, airgeadh do chuideachta airgeadais carranna agus 'airgead do sheanchairt' do cheannaitheoirí carranna"

Ní chuireann a leithéidí seo de chaiteachas aon mhaitheas réalaíoch eacnamaíochta leis an ngeilleagar. Schiff arís "Bhí ceapadh sa gheilleagar i 2008 toisc gur cheannaigh tomhaltóirí tithe agus carranna nach rabhadar in acmhainn íoc astu. Seo é an fáth go bhfuil institiúidí a thug iasachtaí .i. Fannie & Freddie agus GMAC bancbhriste anois. Ba chóir go mbeadh sé an-shoiléir nach bhfuil réiteach ár bhfadhbanna eacnamaíochta le fáil i méadú ar na hiarrachtaí seo. Tá sé cosúil le meisceoir ag tógáil níos mó dí in iarracht an mheisce a bhaint de".
Déanann na spreagthaí ar chaiteachas cinnte go n-ísleoidh rátaí coigiltí sa bpobal agus infheistíocht stuama leis, rud a mbíonn géarghá le linn cúlú. Chomh maith leis seo tá an cumas caiteachais spreagtha nua seo ag dul go mór i léig le déanaí agus tá an rialtas thall ag breathnú ar straitéis éalú ó na cláracha spreagtha ag an am céanna. Chinntigh an méid seo titim mhór arís i scaireanna Dé Mairt, go domhanda, de bharr imní na margaí go gcuirfeadh an rialtas thall deireadh leis na spreagthaí ar fad in ainneoin rabhaidh ón IMF agus aontú ag an G20. Chruthódh aon aistarraingt ar spreagthaí, nó méadú i bpraghsanna earraí riosca de chúlú titim dúbailte go déanach i 2010 nó go luath i 2011.
Is fáinne fí uafásach é. Fáinne fí a bhfuil rialtais timpeall an domhain sáinnithe ann, toisc nár mhaith leo aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb i ndáiríre. Is é sin le rá, má chreideann tú i gcaipitleachas agus an saor mhargadh, mar a chreideann rialtais timpeall an domhain ní mór feidhmiú de réir na rialacha siúd, agus ní an sóisialachas do bhaincéirí agus scairshealbhóirí amháin mar atá le feiceáil inniu. Sa smaointeoireacht chliniciúil seo de chaipitleachas bheadh gá le titim ar na bainc, praghsanna ar earraí a titim, agus comhlachtaí áirithe dul go dtí an bhalla mar a déarfá. Faraor, ciallaíonn sé sin go mbeadh níos mó daoine gan phost agus pian le fulaingt go gearrthéarmach, ach cinntíonn sé fás inbhuanaithe go fadtéarmach taobh istigh den gcóras caipitleachais.
Fágfaidh an focal scór ag uachtarán EPC: "Sa deireadh le spreagthaí, cosúil le dáileoga eile rompu, cruthóidh siad cúinse níos measa ná an cúinse ba chóir dóibh a réiteach. Nuair a ídíonn sé beidh an cúlú ag teacht as sin níos mó i méid ná an ceann a cheapann gach aon duine a bheith thart"

Dé hAoine, Samhain 20, 2009

M2009.11.14

Deacair a chreidiúint go bhféadfadh duine amháin dul chun tosaigh ar na baincéirí, polaiteoirí is an aimsir ar scála fuatha na nÉireannach, le bos a láimhe clé chinntigh Anraí go mbeadh chuile dhuine sa tír feargach leis, thar aon bhithiúnach eile.

Thosaigh gach nuachtán sa tír inné le híomhá an fhill ón gcluiche, tá sé fós ar roinnt acu ar maidin.
Bhí clár Uinsionn de Brún dírithe go hiomlán ar an ábhar aréir, bhí Prime Time Special déanta ar an ábhar faoi Chothrom na Féinne i sacar agus spóirt go ginearálta.
Thosaigh na príomh-chláracha nuachta leis an scéal mar phríomhscéal.
Ní raibh seónna raidió Matt Cooper agus George Hook ag plé aon ní ach feall Anraí.
Is amhlaidh ar maidin ar an raidió.
D'ardaigh an Taoiseach an cheist san Eoraip le huachtarán na Fraince.
D'eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ráiteas ag tacú le seasamh Chumann Sacair na hÉireann, sheol an Roinn spóirt litir chuig FIFA ag éileamh athimeartha.
Thosaigh Fianna Fáil achainí ar a shuíomh idirlín ag éileamh athimeartha, leis!
Ní féidir bualadh le duine sa tír inniu gan an cheist a phlé.
Ní féidir siúl ar an tsráid gan plé ar an cheist a chloisteáil.
"B'shin ár seans éirigh as an gcúlú seo" a chuala mé ó bhean a bhí sa siopa inniu. "Bhí an bua sin uainn mar chine" arsa fear in aice liom ar an Luas ar maidin.
Tá Éireannaigh ag déanamh baghcait ar earraí ón Fhrainc, agus sobal bearrtha Gillette!

Mar a bhí Rónán Mac Aoidh Bhuí ag magadh faoi, ba chóir dúinn "Sceallóga Francach" a athainmniú "Sceallóga Saoirse". Agus ""Arán Ceartais" nó rud éigin mar sin a bhaist ar "Arán Francach", go díreach mar a rinne na Poncánaigh nuair nach raibh na Francaigh toilteanach fir a sheoladh chun na hIaráice le tacú i gcogadh mídhleathach Bush.

Deacair a chreidiúint, ach chaill muide an focain plot ar fad.

Dé Céadaoin, Samhain 18, 2009

M2009.11.13

Má dhéantar clónáil díom, an ionann mo chlón agus mise?
Mura bhfuil an phearsantacht chéanna ag an gclón mar atá agamsa an ionann muide? Fiú má tá m-ainm aige!

Seans go mbeadh an cuma díreach chéanna air agus atá ormsa, seans go mbeadh cuma beagáinín níos fearr, ach an ionann muide mura bhfuil an t-ábhar nó spioraid céanna ionainn?

Rith na smaointe seo liom agus mé ag léamh "Foinse" sa siopa ar maidin.
Bhí cuma air gur Foinse a bhí ann, tá an tAire Gaeltachta ar an chéad leathanach, rud a bheifí ag súil!
Monuar, nuair a bhreathnaítear isteach ann, isteach in anam an nuachtáin, ní fheicfear aon ní ann a chuirfeadh le fios duit gur aiséirí Foinse atá i do lámh.

Gan Cathal Mac Coille, Seán Tadhg Ó Gairbhí, Póilín Ní Chiaráin, Ar Son na Cúise, An Speallaire, Mártan Ó Ciardha, Dara Ó Cinnéide srl, srl, srl, srl, (le roinnt acu a lua) ní Foinse atá i do lámh, ach rud éagsúil ar fad. Foinse Nua cinnte, ach ní Foinse.

Do dhaoine m'aoise, 29 mbliana d'aois, le spéis i gcúrsaí reatha agus a leithéidí, ní fhéadfainn a rá go raibh aon ní ann le mo spéis a mhúscailt, níl aon alt téagartha ann a chuirfeadh lón machnaimh ar fáil dom nó a chuirfeadh rud nua .i. nuacht nó anailís os mo chomhair.
Rud a dhéanfadh an sean-Foinse a raibh aithne agamsa air.

Gné eile faoin "aiséirí" seo ná an méid poiblíochta atá ar fáil don nuachtán ó TG4 agus RnaG. Táthar ag déanamh caca ina dtreabhsair le ríméad go mbeidh "150,000" cóip de "Foinse" á léamh timpeall na tíre.
Mise féin, b'fhearr liom dá mbeadh an sean-4,000 cóip á léamh dá gciallódh sin go mbeadh sean-caighdeán Foinse i mo ghlac.

Ar ndóigh tá sé go luath sa bpróiseas seo, agus seans ann go meallfaidh an nuachtán níos mó iriseoirí agus scríbhneoirí mar a bhogann sé ar aghaidh agus feicfear feabhsú ann de réir a chéile.
Ach, mar a sheasann sé faoi láthair níl i gclón Fhoinse ach Foinse Nua do dhéagóirí agus múinteoirí scoile.

Agus mar fhocal scoir, deireann Dáithí Ó Sé go ndéanfaidh sé an aimsir beo ar TG4 lom-nocht, agus i mBéarla, má bhuann Jedward an X-Factor!
Jedward Abú.

Dé Luain, Samhain 16, 2009

M2009.11.12


I scoil deirtear linn gur bhailigh roinnt Indiaigh Mheiriceá (Choctaw) airgead le chéile agus sheol siad an t-airgead sin chuig ár sinsear nuair a bhí siad ag dul tríd an Ghorta Mór in Éirinn timpeall 1847. Rud maith go bhfuil sé sin á múineadh dúinn i scoileanna sa lá atá inniu ann fós.
Is cóir dúinn cuimhneamh ar a leithéidí de charthanacht fhial i gcónaí.
Tá roinnt mhaith againn ann inniu de bharr an airgid sin .i. tuairim is $700 a fuair muid uathu.
An-chuid airgid ag an am, an-chuid airgid ó mhuintir Choctaw a bhí beo bocht iad féin, ach a bhí cuimhní beo acu ar dhrochshaol s'acusan .i. d'fhulaing siad Conair na nDeor in 1831, cogadh na nIndiach i gcoitinne agus saint gan srian an fhir ghil.

Mar sin, is le teann náire a bhreathnaigh mé ar thaifead a bhí agam den chlár Cowboys ar TG4 anocht.
Clár fíor-spéisiúil atá ann, agus d'fhoghlaim muid sa chlár is déanaí faoi Seoirse Custer, a sheasamh cáiliúil deireanach agus an marcshlua a raibh sé i gceannas air.
Gaeil an dream is mó a bhí sa mharcshlua sin, thar aon chine eile.
De Búrca, Mac Carthaigh, Caomhanach, Ó Conaill etc. Is iad roinnt de na sloinnte atá greanta ar an leacht cuimhneacháin, ata ar an gcnocán, inar tharlaigh seasamh deireanach Chuster.

Mar sin, tá seans réasúnta maith ann go raibh paidreacha Gaeilge á rá ar an Sruthán Gréisceach, nó Little Big Horn mar is fearr aithne air, ar an 25 de mhí Meitheamh in 1876 sular chuir Tȟašúŋke Witkó .i. Capall Craiceáilte, agus na laochra Sioux eile, deireadh le Custer agus a mharcshlua leath-Ghaelach ar fad.
Tá seans réasúnta maith ann go bhfuair tuismitheoirí na nÉireannach siúd, a bhí ag cur cogaidh ar na Meiriceánaigh Dúchasacha go foréigneach, seans go bhfuair a dtuismitheoirí cúnamh agus beatha ón t-airgead sin atá luaite thuas, le linn an Ghorta Mhóir!

"Cuimhne ghearrthéarmach" ab ea an leithscéal a thug Meiriceánach éigin ar an gclár faoin chaoi a raibh na hÉireannaigh toilteanach dreamanna eile a chur faoi chois, agus a dteanga, a reiligiún agus a slí bheatha a scriosadh le lámh láidir.
Bhí cuma an-mhíchompordach ar Dháithí Ó Sé bocht faoin bhfíric sin.

M2009.11.11

Is breá liom é nuair a thagann rudaí le chéile, nuair a d'fhéadfaí nasc díreach a dhéanamh idir rudaí.
Agus táim den tuairim, sa chás seo, sílim, go bhfuil nasc againn idir na cainteoirí dúchais deireanacha as contae Shligigh a ndearna mé blag fúthu, agus a n-athair ag casadh amhrán ar thaifid Doegen.

Beidh muid cinnte cé atá ann i ndáiríre nuair a thagann an t-eolas go léir amach:
"..tá eolas tábhachtach ar fáil maidir leis na cainteoirí. Ag gach seisiún taifeadta líonadh ceistneoir a sholáthair an Dr Doegen... Bailíodh faisnéis thábhachtach ar na foirmeacha seo: dáta breithe, áit dúchais, seoltaí ag staideanna éagsúla saoil, áit dúchais na dtuismitheoirí, leibhéal oideachais, slí bheatha, slí bheatha an athar, leibhéal litearthachta, cumas i dteangacha eile, cumas sa cheol, agus reiligiún. Tá áit ar na foirmeacha freisin le barúil a thabhairt maidir le guth nó urlabhra an chainteora. Tá an fhaisnéis ar na foirmeacha seo á cur ar fáil mar dhlúthchuid den chartlann leictreonach seo"
Mar sin, d'fhéadfaí canúint na gcainteoirí dúchais deireanacha as Contae Shligigh a chloisteáil, ó bhéal a n-athar.

Tá iontráil Sheáin i ndaonáireamh 1911 le feiceáil ar an chéad nasc thuas ina dtéann sé, a bhean chéile agus a chlann síos mar Bhéarlóirí!
Sna taifid Doegen bheadh sé timpeall 65 bliana d'aois. Níl caighdeán na fuaime ró-iontach ach is cinnte go bhfuil sé ag canadh "Coill Dá Lao" .i. baile fearainn i gContae Shligigh atá ar chúl Shliabh Gamh. Breac-Ghaeltacht go dtí 1999 a bhí ann agus áit dúchais chlann an Déisigh.
Scríobhann Seán Ó Donnabháin "Cúl Dálaigh" síos i gcomhair an bhaile fhearainn sin agus é i mbun a ghnó fíorthábhachtach i 1836, mar is féidir a fheiceáil ón nasc thuas.
Ach is léir domh anois gur Coill Dá Loa atá ann i ndáiríre.

Ós rud é nach bhfuil an fhuaim thar mholadh beirte déanfaidh mé iarracht é a ghlanadh leis an mbogearra seo anocht, má fhaighim an t-am.
Tá rím dháin ar an "An Bhéarthóg" (pé ní é sin?) á reic ag Mac an Déisigh agus spéis nach beag agamsa é a chloisteáil, i gceart!

Dé hAoine, Samhain 13, 2009

M2009.11.10

Cothrom na Féinne ón dlí agus cad a dhéanfadh duine chun é a fháil is ea an téama ó chlár iontach nua ar TG4 darbh ainm Rapairí. Clár a dhéanfaidh iniúchadh ar tóraíochas agus rapairíochas in Éirinn.

Tá cúpla mhír iontach le Micheál Ó Seidhin, as an Ceathrú Thaidhg, agus de Chúigear Ros Dumhach, a cuireadh chun príosúin toisc gur sheas sé agus na fir eile in aghaidh na héagóra a bhí á himirt orthu, agus a muintir, le píopa gáis contúirteach.

Míníonn sé scéal spéisiúil ar an gclár:
(I gcruinniú le Cúigear Ros Dumhach, Shell, Éamon Ó Cuív (FF), agus Eamonn Ryan (CG)
"Thosaigh Ó Cuív agus Ó Riain ar an seanmóir fhada: 'ó, an dlí, caithfidh muid an dlí a chur i bhfeidhm, caithfidh muid an dlí a chur i bhfeidhm'. Agus dúirt mé le Ó Riain: 'Tá an dlí athraithe agaibh ar a laghad 6 uaire le freastal ar an dtogra seo amháin le haimhleas pobal s'againne é a déanamh. Agus an bhfuil tusa a rá go bhfuil dualgas orainne glacadh le dlí a athraíonn do leithéidí ó lá go céile ar mhaithe le haimhleas phobal s'againne é a dhéanamh? Cén sórt amadáin a shíleanns tú muide a bheith? Nó cén sórt amadáin tú fhéin? Deireann sé 'Ní shin dlí, ní shin dlí, sin ag déanamh fabhair do do chairde'"

Na Glasaigh agus Shell ina gcairde! I dtuairim Ryan ar aon chaoi.
Nach ait an mac an saol.

Déanann an clár comparáid idir meon na nGael san am a d'imigh tharainn agus Gaeil ár linne féin, agus sa chás sin tá an comparáid idir Mhicheál Ó Seidhin agus Dubhaltach Mac Coisteala a bhí gníomhach mar rapaire timpeall 1660 agus 1670 i gCúige Chonnacht agus Uladh.
Ar ndóigh níl mórán de chomparáid le déanamh go praiticiúil ós rud é gur bhain an Dubhaltach úsáid as foréigean agus ní dheachaigh an Seidhineach agus a chomharsana síos an bóthar sin ariamh.

Molaim go mór é.
Téigh chuig TG4.tv agus déarfainn go mbeidh sé faoi "Faisnéis" (12/11/09) sa chartlann am éigin go luath.

Déardaoin, Samhain 12, 2009

M2009.11.09

Bhí sé i gceist agam go dtiocfadh an t-alt thíos amach amárach i Nuacht24, ach feictear dom go bhfuil seachtain caillte againn de bharr na stailceanna poist ó thuaidh agus go bhfuil sean-alt ann ina áit.
Cuirfidh mé anseo é mar sin.


Seachas míorúilt mhór ón Áras is ionann agus cinnte go dtiocfaidh an bille "NAMA" i bhfeidhm. Fiú mura bhfuil NAMA an ghné is mó den bhille a thuilleadh, ó tharraing an tAire Airgeadais an fheithicil sainchuspóireach nó FSC (SPV) as a hata draíochta amhail coinín, mar a mhínigh George Lee é sa Dáil le déanaí.
Is éard atá sa bhfeithicil nua seo ná an ghníomhaireacht réadmhaoine is mó ar domhan, a bheas go hiomlán i seilbh infheisteoirí príobháideacha le gnáthscair de 51% thar an mbeart uafásach go léir, ach, á rith le hairgead mhuintir na hÉireann .i. NAMA le gnáthscair de 49%. An uair deireananch a bhí fheithicil sainchuspóireach bhí caint ar chomhlachtaí ar nós Enron, Fannie Mae agus Freddie Mac srl, óir bhíodar á n-úsáid tríd an gcóras baincéireachta is airgeadais go léir a chruthaigh na fadhbanna eacnamaíochta.

Bhí an díospóireacht faoin ghníomhaireacht seo, go poiblí le 7 mí anuas, agus sa Dáil, cosúil leis an díospóireacht faoin ngeilleagar ar feadh cúpla bhliain anuas. Níl fonn éisteachta ar an rialtas, nó an pobal, le tuairimí taobh amuigh den gciorcal cúng atá déanta suas de Roinn an Taoisigh, An Roinn Airgeadais, an Rialtóir Airgeadais, na baincéirí is forbróirí. Na dreamanna céanna atá ciontach as an bponc ina bhfaighimid ár ngeilleagar agus a bhí ag síor-rá go raibh "an geilleagar go maith go bunúsach" agus go mbeadh "tuirlingt bhog" ón mboilgeog réadmhaoine.

Duine amháin a smaoiníonn lasmuigh den chiorcal seo ach a tháinig tríd an gcóras baincéireachta is ea Peter Mathews.
Is saineolaí baincéireachta Peter atá ag iarraidh na fíricí faoi NAMA a chur os comhair an phobail agus an rialtais le cúpla mhí anuas. Gan mórán bua aige i ndáiríre de bharr an easpa foinn éisteachta a luaigh mé. Faraor dó, agus dúinne, is minic a fheictear ar na fíricí a luann sé ar an raidió nó ar theilifís mar rud casta agus deacair a thuiscint do Thadhg na sráide, mar sin déantar neamhaird dóibh. Aineolas an t-arm is cumhachtaí ag an rialtas arís!

Is féidir a áirimh, moltaí agus na mionsonraí laistiar dá smaointeoireacht a fheiceáil anseo

Tá réadú s'aigesean is fearr (agus is neamh-réalaíoch) ar na sócmhainní mar a leanas in achoimre:

Beidh/Tá iasachtaí de luach €77 billiún, ar pháipéar, ceannaithe againn ag €54 billiún le caolchorrlach de 30% ar na bainc.

Tá 60% de na hiasachtaí seo ina n-iasachtaí neamhthuillmheacha ag €46.20bn, agus 40% ag tuilleamh i gceart faoi láthair ag €30.80bn.

Is é 80% an ráta gnóthaithe is fearr a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis, dar le plean gnó an rialtais féin, ar iasachtaí atá ag feidhmiú i gceart.

Mar sin faigheann muid ar ais, 80% x €30.80bn = €24.64bn.

Leis an ráta gnóthaithe is fearr ag 40% ar iasachtaí neamhthuillmheacha faigheann muid ar ais, 40% x €46.2bn = €18.48bn.

Sin gnóthú iomlán de €43.12bn.
A chiallaíonn caillteanas don cháiníocóir de €10.88bn ó NAMA ar na cúinsí is fearr a mbeifí a bheith ag súil leis.

Agus ba shin gan an ghníomhaireacht tosaithe go fiú nó costas ollmhór a reáchtála, nó rátaí úis níos airde curtha san áireamh.
Mar sin, le cóimheá airgid a bhaint amach bheadh gá le ráta gnóthaithe 100% ar iasachtaí atá ag tuilleamh faoi láthair, agus ráta gnóthaithe 50% ar iasachtaí neamhthuillmheacha (figiúirí nach bhféadfadh a tharlú go deo na ndeor).

Míníonn Mathews,
"..tá gá praghsanna ar sócmhainní ardú faoi 100%, i.e. 9% in aghaidh na bliana, gach bliain ar feadh 9 mbliana, ní ardú 10% thar 10 mbliana".
Ba chóir go mbeadh an caillteanas is lú seo ina ábhar buartha do chuile Éireannach, thuaidh is theas, óir beidh Éire Aontaithe go polaitiúil agus go heacanamúil ar feadh na mblianta againn sula mbeadh na fiacha ó chorpán an Thíogair Cheiltigh glanta.

Ag teacht mar shúnámaí ar seo go léir is ea an fhíric go mbeidh na mílte daoine in Éirinn i dtrioblóid ag íoc a morgáistí an bhliain seo chugainn.
Seo an fhadhb mhór eile do na bainc dócmhainneacha agus a leabhair iasachtaí i gcomhair tí, tá tuairim is €150bn ag na bainc ar iasachtaí i gcomhair tí. Tarlóidh seo de bharr níos mó caillteanas post san athbhliain, ardú i gcáin, ciorruithe i bpá agus ardú i rátaí úis ón mBanc Ceannais Eorpach am éigin go déanach i 2010.

Bhí an méid seo soiléir go hoifigiúil ó Dheireadh Fómhair nuair a d'fhoilsigh an ERSI tuairisc ag tuar go mbeidh níos mó ná 350,000 tithe in easnamh cothromais in Éirinn i 2010, rud a ardaíonn an dóchúlacht ar loiceadh morgáiste.
Tugann fianaise idirnáisiúnta le fios nach bhféadfaidh 10% de na daoine atá in easnamh cothromais a morgáistí a íoc, rud a chiallaíonn go mbeidh tuairim is 35,000 i dtrioblóid lena morgáistí an bhliain seo chugainn. Ní aon iontas é mar sin gur tuairiscíodh le linn na seachtaine go bhfuil níos mó ná 1,000 daoine ag dul go dtí an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh in aghaidh na míosa ag lorg cúnamh lena morgáistí.
Níl an cúnamh seo ar fáil ach do dhaoine atá ar leasa sóisialaigh, a athaontaigh na híocaíochtaí leis na bainc.

Dé Mairt d'eisigh Cónaidhm Bhaincéireachta na hÉireann léiriú intinne ag maíomh nach gcuirfidh siad an dlí ar úinéirí tithe atá i dtrioblóid le morgáistí, ach go ndéanfar iarracht teacht ar chomhréiteach maidir leis na híocaíochtaí de.
"Tá bonn an réitigh seo go labhródh custaiméir lena (h)iasachtóir ag an am is déanaí, ionas go mbeadh socrú inghlactha aontaithe, curtha i bhfeidhm agus athbhreithnithe ar bhonn sé mhí feasta".
Feidhmeoidh an ráiteas intinne mar fhaoiseamh mór do na daoine atá buartha faoina dtithe cónaithe agus nach raibh a n-iasachtaí faighte acu óna bainc a fuair athchaipitliú ón cháiníocóir. Ach seachas coup caidrimh phoiblí do na bainc níl aon ní nua anseo ach an oiread, agus ní réitíonn caipitiúil riaráistí agus síneadh don mhorgáiste aon ní seachas morgáiste 50 nó 60 bliain a dhéanamh de mhorgáiste 40 bliain le níos mó íocaíochtaí úis le n-íoc ag an gcustaiméir sa bhfadtéarma.
Ní raibh ann sa ráiteas sin ach sop in áit na scuaibe. Níl na baincéirí ag tabhairt aghaidhe ar an bhfadhb arís, agus cosúil le hiasachtaí na bhforbróirí roimhe cruinneoidh siad an t-ús go dtí go dtiocfaidh sé chun tosaigh mar fhadhb, ansin beidh gá dúinn teacht i mbannaí orthu arís le NAMA eile.

M2009.11.08

Cúpla rud ó Leabhar Mór Leacain, agus an dán Iomaí Gabhlán do Chloinn Chuinn le Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh a mbeadh spéis pearsanta agam ann.

"Muc Dubh agus Beartrach" atá le léamh thuas.
Dhá bhaile fhearainn atá gar do mo chroí, Muc Dubh, áit chónaithe mo mhuintir chomh fada siar i stair agus a d'fhéadfá a dhul.
Tá carn mór cloch le fáil sa bhaile fearainn seo, agus deirtear gur corp muice ollmhór ó Thír Chonaill atá faoina clocha. Muc a mharaigh na Fianna agus iad i mbun seilge ó Thír Chonaill síos go Tír Fhiachrach.
Tá scéal eile gur corp draoi atá ann agus Mucdubh ab ainm dó, draoi Dháithí Uí Dhubha .i, an Taoiseach págánach deireanach in Éirinn. Maraíodh an págánach Gaelach le splanc thintrí agus é ag dreapadh na nAlp, "díoltas Dé" a bhí ann.

Beartrach
, áit súgradh m'óige.
Áit siúlóide anois í le mise agus mo chailín. Measartha scriosta le galfchúrsa anois, ní áit fhiáin é a thuilleadh mar a bhíodh. Ach tá easóga, giorriacha, sionnaigh, broic, coiníní, rónta, pocaire gaoithe agus na céadta éin eile le feiceáil fós ar an mBeartrach.


"Leacan" agus "Clann Fhirbhisigh" atá le feiceáil thuas!
Gan cúnamh ó leabhar mór Uí Dhonnabháin ní bheinn in ann an dá íomhá thuas a aimsiú sa lámhscríbhinn, agus gan suíomh an Chiongaigh ní thuigfinn an "e" Gaelach sin.

Ach ní thuigim "Clann" mar atá sé scríofa fós. Is dóigh go bhfuil an "t" ina "lann"

Agus ansin an baile leis na céadta ainm!
Sais Sgrebaind .i. Sais Screabhainn .i. Inis Screabhainn .i. Inis Crabhann mar a thugtar go hoifigiúil air inniu!
Chomh maith leis sin, scríobhann scríobhaí Mhic Fhirbhisigh, "Baile póirt Uí Chaomháin .i. Soighean uisce tar abhainn, dá n-gairtear Inisgreabhainn"
Cad atá i gceist aige le "Soighean uisce"? Saighean uisce, eangach uisce an ea? Is cinnte go gcoinníonn an talamh ar gach thaobh den chaisleán uisce le linn an gheimhridh.

Thug na Ceithre Maistrí "Eiscir Abhann" air sna hannála, le níos mó mearbhaill a chur orainn fós.
Tá an caisleán agus tuama pasáiste suite ar eiscir, leis!
Chun an scéal a dhéanamh níos casta. "Inis Eiscir Abhann" a thugtar air agus muid ar scoil!

Thug mé an moladh "Inis Sreabháin" mar mhíniú ar "Sais Sgrebaind" don Bhrainse Logainmneacha, ach ní shílim go raibh spéis acu i mo thuairimíocht.

Ar aon nós is éard a bhí i gceist agam le (Sais Sgrebaind) Inis Sreabháin ná móinéar den sruthán, toisc go bhfuil sruthán fós ag rith tríd an inis atá in aice leis an gcaisleán, an tuama pasáiste agus an seanchill .i. Cill Inse.

Íomhánna go léir ó Mheamram Páipéar Ríomhaire

Dé Céadaoin, Samhain 11, 2009

M2009.11.07

Is maith liom an líne seo ó Comhar na míosa seo ag Máireád Ní Chinnéide; "Ní bheidh focal fúthu (Buaiteoirí Liteartha an Oireachtais) sna meáin Bhéarla agus i láthair na huaire ní hann do aon nuachtán seachtainiúil Gaeilge."

Ní shin an chéad uair a rinne an bhean chéanna faillí do nuachtán i nGaeilge. Is cuimhin liom nuair nach ndearna sí trácht ar Lá Nua roimhe, agus é fós ar an bhfód, nuair a tháinig sé chun alt a scríobh sí faoi nuachtáin na Gaeilge go léir, ón Chlaidheamh Soluis suas go dtí ár linne féin. Luaigh sé Foinse ar ndóigh, ach ní raibh trácht ar bith ar an aon nuachtán laethúil Gaeilge a bhí ag pobal na Gaeilge ariamh.

San am sin níor chreid mé ar feadh soicind nach raibh a fhios aici go raibh Lá ann, agus an t-am seo thart ní chreidim ar feadh soicind nach bhfuil a fhios aici go bhfuil Nuacht24 á fhoilsiú go seachtainiúil ar feadh bliain go leith gan cúnamh stáit ar bith, saor in aisce ar an idirlíon, nó trí shíntiús. Agus go bhfuil an nuachtán sin ag iompar an tóirse a thit le Foinse agus .

I ndáiríre is cuma liom cad a cheapann iníon Uí Chinnéide, ní scríobhann sí aon ní a chuirfinn féin spéis ann, agus ní deirim é sin le mailís ar bith. Ach cuireann sé isteach orm go gceannóinn an iris sin agus go bhfaighim romham, i ndiaidh €4 a chur amú air, an cineál iompair pháistiúil shuarach seo a b'fhearr liom a sheachaint ar fad.
Tá an sórt meoin bréan seo ar fáil go forleathan i measc Gaeilgeoirí, agus i mBaile Átha Cliath ach go háirithe.

Dé hAoine, Samhain 06, 2009

M2009.11.06




Bhí cúpla nóiméad le spáráil agam agus mo thacaíocht a thabhairt don mhórshiúl i mBaile Átha Cliath inniu.
Chas mé le cairde ann. An chéad ní a dhúirt ceann acu liom "Ó sea, cén fáth go bhfuil tusa anseo, le clocha a chaitheamh orainn an ea?" ag magadh, ach le roinnt fírinne le cloisteáil ina glór freisin.
Bhí a fhios agam gur magadh a bhí ann i ndáiríre, ach, fós, bhain sé geit asam.
Feictear dom go bhfuil saghas cogadh cathartha ar bun, nó tá an meon sin ann ar aon chaoi. Go háirithe i measc na ndaoine ar chas mé leo. Earnáil phoiblí in aghaidh na hearnála príobháidí dar leo.
N'fheadar an ea go bhfuil a fhios acu go bhfuil ciorruithe pá curtha orm agus cairde eile dár gcuid agus go mbraitheann siad ciontach as a bheith ag clamhsán faoi cáin bhreise lena bpinsin a íoc srl.
Nílim ag rá gur chóir dóibh a bheith ag brath ciontach, a mhalairt.
Agus bhíos ann le tacú a thabhairt.

Ní cheapann ach an oiread go dtuigeann éinne, nó 99.999% díobh, a bhí ann go bhfuil an tír seo bancbhriste go huile is go hiomlán. Ní thuigtear nach bhféadfaí na billí a íoc a thuilleadh gan iasachtú ollmhór in aghaidh na seachtaine a dhéanamh.
Nó b'fhéidir go dtuigeann siad ach níl fonn orthu é a admháil.

Easpa ceannaireachta ón rialtas is ea an fhadhb, agus polasaithe mímhorálta, leis. Ní chreidtear go bhfuil cothrom na féinne á fháil, agus an ceart ag an té a cheapann é.
Aréir chonac an Taoiseach ag rá go bhfuil €54 Billiún dár gcuid airgid á chaitheamh ar shócmhainní na mbanc ionas "go bhféadfadh an rialtas córas bhaincéireachta fholláin a chinntiú"
Dúirt sé é amhail is a chreideann sé é sin. (Ní mór cuimhneamh go bhfuil beirt fhear dlí ag rith na tíre seo). Faraor dúinne, an pobal, ba í Miriam Ó Callaghan a bhí á cheistiú agus is beag tuiscint atá ag an mbean bhocht sin ar aon ní eacnamaíoch. (N'fheadar cén fáth go bhfuil sí sa phost sin fós ach an oiread). Mar sin chaill sí an deis an cheist a leanas a chur air, "más rud é go bhfuil córas bhaincéireachta fholláin ag teastáil ón rialtas cad chuige a bhfuil airgead an cháiníocóra á chaitheamh ar bhainc ar nós Anglo Irish agus Irish Nationwide? Cad chuige a bhfuil sócmhainní lofa Anglo Irish agus IN á dtabhairt faoi NAMA?" "Ní bheidh an dá bhanc mharbh sin ag iasachtú do ghnólachtaí nó dhaoine in Éirinn ariamh arís, agus ní dhearna siad amhlaidh nuair a bhí siad folláin fiú!"
Ansin deireann an fear céanna le daoine go mbeidh sé orthu ciorruithe pá a ghlacadh agus cáin breise a íoc!

Déardaoin, Samhain 05, 2009

M2009.11.05

Maidir le Shell de agus cinneadh nua an Bhoird Phleanála gan 5.6km de phíopa gáis a cheadú toisc go bhfuil sé ró-chontúirteach agus ró-ghar do thithe cónaithe mhuintir Ros Dumhach (Féach pictiúr ón mBord Pleanála). Sílim go bhfuil ceart á fháil ag Pobal Chill Chomáin faoi dheireadh thiar thall. Níl uathu ach a dhéanamh cinnte go mbeidh siad sábháilte ina dtithe.
Agus mar is féidir a fheiceáil thuas bhí beagnach chuile theach ar an raon sin den phíopa i Ros Dumhach i gcontúirt uafásach dá dtarlódh fadhbanna leis an ngás ardbhrú neamhchóireáilte.
Taispeánann an cinneadh seo go raibh an ceart go hiomlán ag an gcúigear siúd a ndeachaigh go príosún ar son an phobail agus a sábháilteachta.
Ní raibh siad in aghaidh an gháis ariamh ach ar son a sábháilteacht go brách.

Anois beidh sé masmasach le feiceáil cén cleas lofa eile a dhéanfaidh Shell/Fianna Fáil leis an gcinneadh seo a chur ar ceal.

Is fiú éisteacht le hUinseann Mag Craith ar an Iris Aniar inné (Podchraoladh is ea é). Mholfainn go mór éisteacht leis go léir.
Is fiú éisteacht ní amháin do thuairim meáite béasach Mhig Craith, ach chun éisteacht le tuairim dobhogtha míbhéasach rúnaí an fheachtais atá ar son an togra. Tá an tír seo dubh-scriosta lena leithéidí. Geallaim duit nach bhfuil a theachsa ar an léarscáil sin thuas.

I mír eile san agallamh bhí an méid seo a leanas:

Ní Chonghaile: "Deir tú go bhfuil sibh ag brath ar an stát, ach nach bhfuil ceisteannaí tromchúiseacha le freagairt ag an rialtas anois?"
Mag Craith: "..tá, tá. Ach aríst, sin le haghaidh lá eile. Ní muide ag iarraidh díoltas nó aon rud mar sin, ní shin an rud atá i gceist ar chor ar bith. Beidh sé sin amach anseo. Tiocfaidh an fhírinne sin amach.."

Is fíor sin go deimhin, agus bainfidh mé sult as an lá a bhfeicfear Francaí na dTithe FF os comhair bhinse fiosrúcháin dá pháirt i gcead pleanála an rud seo go léir.

-------------------------------------------

Seo go díreach a leanas an abairt atá le léamh i "nuachtán an taifid" ar maidin, maidir le líon na ndaoine ar an mbeochlár:
The 3,000 fewer claimants in October compared to September eases some of the short-term pressure on the public finances.
Ní dhéanann sé aon mhaitheas ar bith dúinn a bheith ag cur an dallamullóg orainne le seafóid mar sin, dá gcuirfeá do chloigeann sa ghaineamh ní réitíonn sin an fhadhb atá le réiteach agat.
Níl aon fheabhsú le sonrú i margadh na bpostanna sa tír.
Níl an 3,000 sin ag dul ar ais ag obair. Tá roinnt acu ag dul ar eisimirce nó ag déanamh cúrsaí tríú leibhéal, tá an chuid eile ag bogadh ó shochar cuardaitheora poist -a mhaireann ar feadh bliana- go dtí liúntas do lucht cuardaigh fostaíochta.
Sa liúntas sin tá an t-airgead seachtainiúil céanna i gceist .i. €204 ach tá an rogha ar fáil liúntas cíosa a fháil agus cúrsaí breise Fás a dhéanamh. Nithe iad a luíonn níos troime ar airgeadas poiblí.


------------------------------------------------

Agus ós rud é gur Mhí na Samhna atá ann, molaim go mór clár faisnéise a bhí ar TG4 aréir, darbh ainm "Féile na Samhna"
Clár faisnéise a thugann léargas dúinn ar bhunús na Samhna – an oíche is dorcha den bhliain. Breathnóidh an clár seo ar an saibhreas a bhaineann le Oíche Shamhna.
Téigh chuig www.tg4.tv --> Cláir Eile- Cartlann agus beidh sé ann faoi 4/11/09

Dé Céadaoin, Samhain 04, 2009

M2009.11.04

Francaigh greannmhar!


Frithluail troid nó éalú?


Pangur Bán bocht agus an brisdamhsóir

M2009.11.03

Fuaireas an scéilín seo a leanas i ríomhphost ar maidin agus chuireas Gaeilge air:
FRC mar a déarfá.


Tá iascaire agus a churachín ar an gcaladh in aice le sráidbhaile beag bídeach, ar oileán atá amach ó chósta na hÉireann. Tugann turasóir as Baile Átha Cliath moladh do chaighdeán na n-iasc maraithe aige, agus cuireann sé an cheist air cá fhad a bhí air iad go léir a mharú.

"Ní i bhfad" a fhreagraíonn an tOileánach.

"Mar sin, cén fáth nár fhan tú amuigh ar feadh tréimhse níos faide le níos mó a mharú?" a cheistigh an Bleácliathach.

Mhínigh an tOileánach go bhfuil an méid beag gafa aige maith a dhóthain chun a theaghlach agus eisean féin a chothú go slachtmhar, tríd a dhíol is a ithe.

Ceistíonn an Bleácliathach, "Ach cad a dhéanann tú leis an gcuid eile dod am?"

"Codlaím go déanach, déanaim roinnt iascaireachta, imrím peil le mo chlann, léim na nuachtáin. Uaireanta san iarnóin téim go dtí an pub le mo bhean agus ár gcairde le haghaidh deochanna, comhluadar agus ceoil.."

Cuireann an Bleácliathach isteach air, "Cogar a mhac, tá Ardchéim i nGnó agus Airgeadas agamsa ó Choláiste na Tríonóide!
D'fhéadfainn cúnamh a thabhairt duit!
Ar dtús, ba chóir lá níos faide a chaitheamh ag iascaireacht. Ansin d'fhéadfá na héisc breise a mharaíonn tú a dhíol. Rud a chinnteoidh teach isteach sa bhreis duit. Leis an teacht isteach breise seo d'fhéadfá bád mór nua a cheannach!"

"Agus i ndiaidh sin uilig" a fhiafraíonn an tOileánach.

"Bhuel, leis an mbreis airgid a sholáthróidh an trálaer duit d'fhéadfá ceann nó dhó eile a cheannach go dtí go bhfuil cabhlach de thrálaeir agatsa. Ansin seachas ag díol na n-iasc leis an mheáncheannaí sna Cealla Beaga, d'fhéadfá conradh a chinntiú leis na monarchana. Nó do mhonarchan nó branda féin a oscailt go fiú!
D'fhéadfá an sráidbhaile beag bídeach seo a fhágáil agus cur fút i mBaile Átha Cliath, Corcaigh nó Luimneach fiú! Ón áit sin d'fhéadfá d'fhiontar nua a stiúradh."

"Cá fhad a thógfaidh sé sin uilig?" a fhiafraíonn an tOileánach.

"Fiche, nó cúig bliana is fichead", a fhreagraíonn an Bleácliathach

"Agus i ndiaidh sin?" a fhiafraíonn an tOileánach.

"I ndiaidh sin? Bhuel a chara, sin an t-am a éiríonn sé an-spéisiúil," an fhreagra a thugann an Bleácliathach agus é ag gáirí. "Nuair atá do ghnólacht nua an-mhór ar fad d'fhéadfá tosaigh ag díol is ceannach tithe, nó scaireanna is stoic ar na margaí, agus na milliúin a dhéanamh astu!"

"Na milliúin? I ndáiríre? Ach i ndiaidh sin uilig?", a fhiafraíonn an tOileánach lena spéis in airde anois.

"Bhuel, i ndiaidh sin, d'fhéadfá dul ar phinsean. Cur fút i sráidbhaile beag cois fharraige, codail go déanach sa lá, peil a imirt le do chlann, roinnt iascaireachta a dhéanamh, na nuachtáin a léamh ar do shuaimhneas, nó cúpla oíche a chaitheamh sa phub le do bhean agus do chairde"

Dé Máirt, Samhain 03, 2009

M2009.11.02




Chonac an chloch spéisiúil seo thuas ar an gcosán chuig Páirc Dúlra an Bhaile Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath le linn na deireadh seachtaine. Sampla eile de "entoptics" mar a mhínigh an Ciongach é.
Tá sé lonnaithe in áit freisin ina mbíonn drugaí á úsáid is damhsaí á dhéanamh go minic.
Ach n'fheadar an bhféadfadh an sórt drabhláis sin é féin a thaispeáint le píosa ealaíne chomh deas agus an chloch sin.

Dé Luain, Samhain 02, 2009

M2009.11.01

An bhfuil difríocht ar bith idir an fear thuas ó Bhaile Formaid i mBaile Átha Cliath agus Moses, abair. Is é sin le rá, fear a chreideann go bhfeiceann sé rudaí ó Neamh agus a bhfuil lucht leanúna aige a chreideann an méid a deireann sé.
An bhfuil difríocht idir an fear seo agus Vernon Howell aka Dáithí Koresh ó thaobh creidimh agus iompair de?

Ní shílim go bhfuil i ngach chás.
Tá an chléir in aghaidh na nithe seo go léir atá á dtuar ag an mBleácliathach craiceáilte, ach, is ionann a chreideamh agus an creideamh a bhfuil an Eaglais bunaithe air

Cad atá cearr san aigne le 15,000 Éireannaigh (agus dearaim é sin ar aon eolas go raibh m'aintín ann) ar an ndóchas go bhfeicfeadh siad íomhá den Mhaighdean ar an gCnoc.
Níl mórán taithí pearsanta agam ar nósanna creidimh ón chuid eile den tír, ach tá rud éigin ait le sonrú i measc na nGael san Iarthuaisceart ach go háirithe, ó Thír Chonaill síos go Maigh Eo.
Is iarchomharsa agus múinteoir liomsa a bhfaca an Mhaighdean sa bportach ar na Carna i gContae Shligigh na blianta ó shin, is gaol do mo chuid a thugann cúnamh don scrín atá ann anois!
Tá aithne agam ar dhaoine a chreideann go bhfeiceann siad Dia nuair atá an ghrian ag taitneamh trí na scamaill.
Tá aithne agam ar dhaoine a chreideann go dtugann na naoimh cuairt orthu agus a muintir.
Bhí an dealbh sin den Mhaighdean Mhuire ó Iorras ina sheasamh os cionn ár dtinteán ar feadh i bhfad, an ceann a bhí "ag gol".
etc. etc. etc.

Anois feictear an ghrian ag damhsa os cionn na hEaglaise ar an gCnoc agus creidtear gur chomhartha ó neamh atá ann!
Déarfainn má bhreathnaítear ar an ngrian ar aon lá, in aon chuid den domhan, go dtosóidh sí ag damhsa toisc go bhfuil do chuid súile á scrios ón UV!
Ní féidir an cacamas seo a shárú.

Cad atá in easnamh ina saol, nó ina n-aigne, a bhogann daoine sa treo reiligiúnach seo?
Airgead? Cultúr? Cuspóir? Grá?

Tuairisc ón IT

-----------------------------------------------

Chun m'aigne féin a ghlanadh agus saol níos suaimhní a chaitheamh thosaigh mé ag iarraidh "dianmhachnamh a dhéanamh" nó "meabhrú go domhain a dhéanamh" .i. meditate.
Dála an scéil nach bhfuil focal níos fearr ná "dianmhachnamh a dhéanamh" sa nGaeilge do meditation? Óir nuair atáthar i n"dianmhachnamh" níltear ag machnamh ar aon ní!
Ar aon nós thosaigh mé ag déanamh dianmhachnaimh le déanaí agus ní féidir liom mé féin a stopadh ón fhonn codlata a bhíonn orm tar éis cúpla nóiméad d'análú lag, meon glanta agus súile dúnta.
Seans nach bhfuilim á dhéanamh i gceart.