Déardaoin, Lúnasa 27, 2009

M2009.08.21

Ní léifidh mé focal Béarla ariamh arís!
Fiú má tá neart oibre le déanamh ar na haistriúcháin go fóill

Scaipigí an scéal

----------------

Curtha in eagar.
Seans go rabhas ró tapaidh le rá go mbeadh deireadh le léamh an Béarla ar an idirlíon. Tá níos mó ná neart oibre le déanamh ar na haistriúcháin.

Cuireann an méid seo fear an ríomhaire i gcuimhne dom, nuair a mhaígh sé go mbeadh an oifig gan pháipéar le feiceáil go luath mar gheall ar ríomhairí! A mhalairt atá fíor.

M2009.08.20

An ionann Poblacht na hÉireann agus AIB? an Ionann Poblacht na hÉireann agus BOI?

Má chreideann tú gurb ionann tiocfaidh tú le tuairim an fhir seo san IT inniu.
"Ag praghsanna an lae inniu, tá luach margaidh iomlán Allied Irish Bank agus Banc na hÉireann ag €4 billiún, méid nach ndéanfadh ach log measartha sa chaillteanais ar an €90 billiún de sócmhainní atá á n-aistriú chuig Nama "*
É! An bhfuil sé ag argóint ar son Nama!?

Má tá blúire céille agat ní chreidfidh tú gurb ionann agus tiocfaidh tú le tuairim an fhir seo san IT arú inné.

Ní hionann tír ag loiceadh ar a fiacha agus banc príobháideach ag loiceadh ar a fhiacha.
Ach, ar ndóigh, sa gcás go bhfuil ráthaíocht tugtha ag an tír sin do na bainc.!

Cuir na baincéirí an dallamullóg ceart ar an Bheirt Bhriain leis an ráthaíocht a thug siad, rinne na baincéirí ceap magaidh den bheirt acusan an oíche uaigneach úd a tháinig siad faoina ndéin ag insint scéalta chailleach an uafáis faoi chríoch thubaisteach chóras baincéireachta in Éirinn.

Míniú;
Bhíos agus mo pháirtí ag baint suilt as pionta i Nesbitts tráthnóna Domhnaigh éigin go luath i ndiaidh cur i bhfeidhm na ráthaíochta ar "taiscí" sna bainc.
Sa chúinne príobháideach in aice linn bhí beirt bhoic mhóra ó dhá institiúidí airgeadais ann. Tháinig an fear beáir chucu le scéal úr te bruite a rá dóibh.
Bhí sé i gceist ag na Gearmánaigh ráthaíocht a thabhairt dá mbainc mar a ndearna na hÉireannaigh a mhínigh sé.
"Sin muidne chun tosaigh ar an ardán domhanda arís!" arsa mo dhuine. D'óladar sláinte Éirinn.

Buinneach bhéil a bhí ann. Níl a fhios anois go fiú an raibh a fhios go díreach ag an Bheirt Bhriain go rabhadar ag tabhairt ráthaíochta, ní amháin do thaiscí, ach do bhannaí chomh maith .i. sealbhóirí bannaí.
Ní dhearna na Gearmánaigh amhlaidh mar a chreid na boic sa phub an tráthnóna sin, go háirithe nuair nach bhfuil meas madra acusan ar an nGeilleagar Angla-Shacsanaigh a chleachtar anseo.
Thugadar ráthaíocht do na taiscí amháin.

'Sea. Cuireadh an dallamullóg dubh ar an mBeirt Bhriain, níor thuig siad na himpleachtaí a bheadh ann dá dtabharfaí ráthaíocht do bhannaí. Ach thuig na baincéirí go deimhin, thuig an bheirt sa gcúinne.

Tuigeann an bheirt Bhriain anois.

Táid buartha go mór anois go dtiocfaidh na sealbhóirí bannaí ag lorg na ráthaíochta ar a mbannaí má dhéantar aon ní le cur as dóibh .i. náisiúnú. Sin an fáth go bhfuilid chomh naimhdeach ina haghaidh, sin an fáth go bhfuil an díospóireacht ar an ábhar lag.

An n-admhóidh siad gur rinneadh botún?
Ní mór dóibh.

Críochnaíonn an ráthaíocht sin i Meán Fómhair 2010.


*
aistrithe le cabhair ó Google Aistriú

Dé Céadaoin, Lúnasa 26, 2009

M2009.08.19


Chonaic mé dhá scannán Sci-fi, nó ficsean eolaíochta, le déanaí. Agus iontas na n-iontas tá an dá scannán le moladh. Rud a tharlaíonn go hannamh sa seánra áirithe sin.
Moon an teideal den chéad cheann.
Réamhbhlaiseadh ar You Tube anseo.

Tá an conradh trí bliana atá an t-innealtóir mianadóireachta Sam Bell (Sam Rockwell) ag teacht chun deiridh, faraor dó, feictear go bhfuil sé ag cailliúint a mheabhair toisc an méid ama a chaith sé ar a aonar ar an ngealach. Níl aon chomhluadar aige ach ríomhaire darbh ainm GERTY (Kevin Spacey), ríomhaire a chuirfeadh HAL 9000 i gcuimhne duit ar an toirt.

Tosaíonn an scéal ag teacht le chéile i ndiaidh do Sam dul amach ar an ngealach le hinneall mianadóireachta a réiteach.
Ní raibh mé tógtha leis na maisíochtaí sa scannán seo, ach sin locht an-bheag do scannán le script láidir, taitneamhach agus a chuireann ceisteanna ar mhoráltacht chomhlachtaí móra agus an chine dhaonna araon.

Tá Sam Rockwell le moladh go mór as ucht a thaispeántas láidir seo ceann seo.
Ní gá go mbeadh spéis ar leith ag duine i bhficsean eolaíochta le sult a bhaint as an scannán seo, i mo thuairim.


N'fheadar an mbeadh sin fíor faoin scannán eile! District 9 an teideal don scannán sin, seachas gur scannán mór-eachtraíochta é déarfainn go bhfuil gá le spéis áirithe i bhficsean eolaíochta le sult cuí a bhaint as.
Réamhbhlaiseadh iontach ar You Tube anseo.

Tosaíonn an scannán seo 20 bliain nó mar sin i ndiaidh teacht na gcoimhthíoch, nó na "Séaclaí" mar a thugtar orthu go dímheasúil.
Déantar an scannán i sórt stíl chlár faisnéise, stíl a oibríonn go han-mhaith réalaíoch a thabhairt don neamh-réalaíoch. Fágtar an stíl sin ar leataobh don dara cuid den scannán nuair a iompaíonn sin ina scannán aicsin.

Nuair a thosaítear an scannán feictear go bhfuil daoine imithe i dtaithí leis na strainséirí ón spás, níl an t-iontas ann a thuilleadh i measc an chine dhaonna. Seachas iontas tá fearg, eagla, teannas agus d'fhéadfá a rá, deargchiníochas brúidiúil in aghaidh na gcoimhthíoch. I ngeall ar seo go léir táthar á gcoinneáil faoi ghlas anois i gcampa mór (District 9) i Johannesburg san Afraic Theas, agus é i gceist ag na húdaráis iad a bhogadh go "campa géibhinn" ar siúil ón gcathair.

Níl a fhios agam an bhfuil an príomhaisteoir le moladh, agus níl a fhios agam an raibh an méid sin "focain" sa script nó an raibh sé ag tobchumadh. "Foc sin", "Foc siúd", "focain séaclaí beaga lofa". Chuaigh sé thar fóir, go dtí an pointe go raibh a dhrochchaint ina mhagadh.
Ach ní shin ach locht beag ar scannán ficsean eolaíochta taitneamhach eile.

Dé Máirt, Lúnasa 25, 2009

M2009.08.18

Is fánach an áit a bhfaighfeá comhartha Críostaíochta, sa gcás seo bhí sé le feiceáil ar ghualainn Thóin le Gaoith i sléibhte Chill Mhantáin.
Samhlaím ceannaircigh 1798 ag freastal ar Aifreann ag an áit seo agus iad gníomhach fós sna sléibhte sin le linn 1800, sular tháinig an Bóthar Míleata.



Maidir le Tóin le Gaoith, mholfainn go mór é le haghaidh cnocadóireachta, seo ceann de na sléibhte is fearr sa sliabhraon sin gan aon agó. Áit diamhair iargúlta.
Ag tosú ag an gcarrchlós i nGleann Log an Easa tógfaidh sé timpeall 4 uaire an tsiúlóid 8km a chríochnú.



Tá cruth spéisiúil ar Loch Iolair go deimhin.
Aisteach ós rud é go bhfuil an loch i gcroílár shléibhte Chill Mhantáin freisin!



Dé Luain, Lúnasa 24, 2009

M2009.08.17

Ar an nuacht dearfach go bhfuil an cúlú domhanda ag teacht chun deiridh bhí an baol ann i gcónaí go spreagfadh seo na hamhantraithe níos mó spéacláireachta a dhéanamh ar nithe ar nós ola agus bia.
Ar an ndóchas go bhfuil geilleagair an domhain ag feabhsú de réir a chéile shroich an praghas ar amhola $74 in aghaidh an bhairille inniu. Anois ní bheidh sé i bhfad sula mbaintear $100 agus níos mó amach in aghaidh an bhairille. Ag cur deireadh tapaidh le haon "fheabhsú" mall.

Dé Domhnaigh, Lúnasa 23, 2009

M2009.08.16

An fiú freagra a thabhairt nó neamhaird a dhéanamh?

Is cinnte nach bhfuil ann ach duine atá ag iarraidh conspóide a chruthú. Is cinnte nach bhfuil uaibh ach fearg uainne!
Caithfidh mé a rá go gcuireann a fhearg scanradh orm.
Cad a dhéanfadh an fear seo dá gcloisfeadh sé daoine óga ag caint i dteanga dúchais a dtíre? An bhféadfadh sé smacht a choinneáil ar a fhearg ina chogadh in aghaidh na teanga?

An bhfuil a leithéid de chaint bhladhmannach inghlactha?Abair dá mbeadh sé ag caint faoi aon teanga eile ar domhan, faoi aon chine eile.

Ceist eile.
Cad a dhéanfaidh mé leis an €115 a bhí bailithe agam i trí bosca Trócaire thar 4 bliana.
Ar chóir dom gach pingin rua de a thabhairt do Thrócaire nó roinnt de a choinneáil dom féin?
Tá an t-airgead uaim (ciorruithe páidh an dtuigeann tú), ach bheadh daoine bochta na hAfraice thíos dá dtógfainn!

Ar chóir freagra a thabhairt? Ar chóir airgead a thabhairt?

Dé hAoine, Lúnasa 21, 2009

M2009.08.15

Fuaireas ríomhphost ó uachtarán Pháirtí an Lucht Oibre cúpla nóiméad ó shin, alt dá chuid atá ann, a sheol sé chuig an Irish Times le linn na seachtaine. Go bhfios dom níor foilsíodh é sa nuachtán sin go fóill. Amárach b'fhéidir.
Is lón intinne é, agus ábhar machnaimh don deireadh seachtaine.

Alt anseo ar fáil ar Scribd

M2009.08.14


Dúirt mé é roimhe, agus déarfaidh mé arís é. Níl an té a úsáideann an nath cainte "Bedfellows" le thrust! Go háirithe nuair nach bhfuil an chappy sin ag déanamh iarracht an cheist fhéin a phlé! Conradh Liospóin sa gcás seo.
They should talk to Joe. He can tell them about democracy. He has been to Cuba.
B'fhéidir ba chóir don chappy i gceist roinnt léitheoireacht nó taighde a dhéanamh ar díreach cé chomh daonlathach is atá Cúba ar bhonn áitiúil.
Bíodh is nach mbíonn toghcháin Uachtaránachta ann i ngeall ar a stair bhrúidiúil.

Is breá liom an líne seo, is breá liom é!
Was it not George Bernard Shaw who once described this island as “the largest open-air lunatic asylum in the world”?
We proved that in last year’s Lisbon vote.
Wow wee! Ar fheabhas! Cuireann seo go mór leis an ndíospóireacht ar Chonradh Liospóin!

Cíbe dearcadh atá ag éinne ar na dreamanna atá ag éileamh Níl/ní aontaíonn/Ní Sea srl. ní shílim go bhfuil riachtanas lena leithéid de bholscaireachta lom ó Nuachtán an Taifid.
Plé an liathróid ní an fear.

Déardaoin, Lúnasa 20, 2009

M2009.08.13

Más mian leat an todhchaí a fheiceáil maidir le plé san meáin Éireannach ar NAMA de, níl le déanamh agat ach an t-alt tuairimíochta seo san Indo a léamh.
Ní fhaca mé ariamh alt chomh lán de bhréaga loma agus scéalta chailleach an uafáis mar an ceann seo!
Tá sé dochreidte, agus dochreidte i níos mó ná slí amháin.
Ní chreidim go bhféadfadh duine oilte, a d'fhéadfadh teacht ar eolas cruinn go héasca ar an ábhar seo, ní chreidim go bhféadfadh an duine sin na botúin bhunúsacha a dhéanamh maidir leis an áisíneacht NAMA, gan, b'fhéidir, é a dhéanamh d'aon ghnó!

Cúpla rud:
The International Monetary Fund, which bails out countries when they can’t make their own tough decisions, has also backed NAMA.
Bréag. Níor thacaigh an IMF le NAMA mar atá sé leagtha síos ag Fianna Fáil. Tacaíonn an IMF leis an smaoineamh gur chóir go mbeadh dhrochbhanc ann, ach, é a bheith i bpáirt go hiomlán le náisiúnú na mbanc. Mar a tharlaíonn de ghnáth i gcásanna mar seo.
Of course, much depends on how NAMA is implemented. Pay too much for property developers’ assets and the taxpayer gets fleeced; pay too little and weaker banks emerge from the wreckage — and the economy gets fleeced.

Sa bheart á mholadh ag eacnamaithe, agus daoine le ciall, thaobh amuigh den rialtas, tá sé i gceist go mbeadh praghas réasúnta caite ar sócmhainní na bhforbróirí .i. praghas réalaíoch atá íseal seachas a "luach fadtéarmach".
Bhainfeadh úsáid as an airgead atá "sábháilte" chun na bainc a athchaipitliú, ionas nach mbeidís dócmhainneach. An t-airgead athchaipitlithe seo ag tabhairt gnáthscaire don cháiníocóir as ucht a hinfheistíocht fhlaithiúil. Mar a tharlaíonn de ghnáth i gcásanna mar seo, ionas go mbeadh aisíoc éigin ann don stá .i. cáiníocóir .i. mise agus tusa, nuair a chuirtear na bainc ar ais ar an mhargadh arís.

Ba bhreá liom níos mó den alt a bhréagnú ach tá deabhadh orm.
Léigh go cruinn é, agus ná creid focal. Beidh an bholscaireacht seo ag teacht go tiubh san Fhómhar.

Dé Céadaoin, Lúnasa 19, 2009

M2009.08.12

Is iomaí duine nach dtaitníonn an dírbheathaisnéis leo. Ní mise ceann acu siúd. B'fhearr liom an leabhar staire thar an ficsin ("Cúba agus Castro" á léamh agam faoi láthair), ach sin ráite, is fearr liom an ficsin le fréamhacha láidir sa stair thar an leabhar staire, leis! .i. An Cléireach, Fontenoy srl.
Uaireanta smaoiním ar an dírbheathaisnéis mar shórt leabhar staire, scéalta móra a tharla do dhuine le linn a shaoil. Ní mór an saol sin a bheith corraitheach agus spéisiúil ar ndóigh, agus ní mór don té a mhaireachtáil trí tréimhse thábhachtach sa stair.
Ní shílimse go mbeadh aon fhiúntas ann, nó spéis agamsa i ndírbheathaisnéis faoi éinne a rugadh ó lár an chéid seo caite ar aghaidh.
Iontas na n-iontas mar sin bhaineas an-sult as dírbheathaisnéis Pheadar Uí Laoghaire, Mo Scéal Féin. Rugadh an tAthair Ó Laoghaire i Múscraí i 1839, bhí sé ina gharsún le linn an Ghorta Mhóir agus chonaic sé lena shúile féin an cruatan a d'imir sin ar Ghaeil a cheantair. Tá caibidil ann aige darbh ainm An Gorta, le cúpla scéal ina leith, agus bhrisfeadh sé do chroí a leithéid d'uafás a léamh faoi Theach na mBocht. Rachainn chomh fada is a rá gurbh fhiú an leabhar a léamh i gcomhair na caibidle sin amháin. Ach tá níos mó ann freisin ar ndóigh, idir ghreann agus stair.
Bhí sé ina shagairt paróiste nuair a bhunaigh Conradh na Talún ag Mícheál Daibhéad, agus is fíor-spéisiúil a chuntas ar an aighneas leanúnach idir tionóntaí bochta agus tiarnaí talún truaillithe.
Cúis iontais dom an méid Gaeilge fós á úsáid timpeall Bhaile Mhistéala agus Contae Chorcaí thuaidh i gcoitinne, roimh dtús an chéid seo caite. B'fhéidir nach cúis iontas é (féach daonáireamh 1911), ach is cúis bhróin é, go háirithe nuair a fheictear na hathruithe a tharla laistigh de ghlúin amháin.
Uaireanta, bhraitheas go raibh sé ró-dílis don eaglais, ró-umhal, ró-réidh chun cur suas le heaspa measa ón Easpag. Ach b'shin mar a bhíodh, agus b'shin an ghairm bheatha a roghnaigh sé is dóichí.
Déanann sé iarracht Daniel O'Connell, an spágán mar a bhaist Ó Cadhain air, déanann sé iarracht é a chosaint óna chaint scannalach gur mhaith leis an teanga Ghaeilge a fheiceáil ar lár. Is deacair aontú lena thuairim faoin bhfuascailteoir.

Tá an leabhar scríofa go soléite sa gCaighdeán Oifigiúil, buíochas le Dia, a dhéanann cinnte go bhféadfadh gach cainteoir Gaeilge é a léamh gan a dhul ar thóir foclóra i gcomhair gach uile fhocal Ghaeluinne. Dírbheathaisnéis is fiú a léamh, i mo thuairim.

Dé Máirt, Lúnasa 18, 2009

M2009.08.11

Sílim go bhfuil a fhios agam anois cén fáth gur tugadh Tóin Dubh ar an sliabh Tóin Dubh i gCille Mhantáin. Tugadh Tóin Dubh air toisc go bhfuil sé gruagach, salach agus clúdaithe le cuileoga, díreach mar a bheadh tóin dhubh shalach ghruagach mhór.

Tá bun an tsléibhe cosúil le forais, fásra mór tiubh chuile áit. Chomh tiubh sin go raibh sé deacair lorg ar bith a aimsiú ann, bheadh maiseite an-úsáideach. Ní shílim go dtáinig mé ar chomh mór cuileoga i mo shaol in aon áit amháin ach an oireadh. Bhíodar dár gciapadh sa taobh thoir den sliabh ina raibh sé brothallach agus gan puth ghaoithe le ruaig a chur orthu.



Ach cosúil le gach uile shliabh i sliabhraon Chille Mhantáin bíonn radhairc álainn le fáil agus thug an fraoch cloigíneach boladh breá don aer agus cuma dheas chorcra ar an talamh.



Tóin Dubh, 642 méadar in airde. Tógann sé dhá uair go leith le dul suas agus síos. Ní mholfainn é i ndáiríre, tá sléibhte níos fearr le fáil.

Dé hAoine, Lúnasa 14, 2009

M2009.08.10


Agus mé ar ghnó i lár chathair Bhaile Átha Cliath chonac na rudaí seo timpeall na háite. Chuir sé mearbhall orm cad iad!
De réir dealraimh is seastáin rothar iad, le haghaidh rothair a d'fhéadfaí a fháil ar cíos sa gcathair. Smaoineamh maith má tá deabhadh ort, ach ní fheadar go mbeadh an misneach agam dul i gcomórtas le tiománaithe buile Bhleá Cliath!

Beidh siad ar fáil i Meán Fómhair, agus má cheannaítear "Cárta Cliste" ar an idirlíon le haghaidh €10 d'fhéadfaí do rothar a phiocadh suas aon am agus beidh an chéad uair saor in aisce, 50c in aghaidh na leathuaire i ndiaidh sin.

Táim lán cinnte go ndéanfaidh bithiúnaigh agus maistíní na cathrach sin damáiste do chuile cheann acu roimh Nollaig.

Mar aguisín neamhghaolmhar chonaic mé an graifítí Gaeilg seo ar an mballa thaobh amuigh de stiúideo U2 sa Rinn. An chéad ghraifítí Ghaeilge a bhfaca mé riamh. Den ghnáth ní bhíonn ar an mballa sin ach nithe scríofa i Spáinnis agus teangacha eile na hEorpa.

M2009.08.09

Don Cíochótae le Miguel de Cervantes arna aistriú go Gaoluinn ag an Athair Peadar Ó Laoghaire.

Leagan giorraithe de scéal Spáinneach clúiteach a scríobhadh idir 1605 agus 1615. Foilsíodh as Gaoluinn thiar i 1920 ar dtús é, leis an atheagrán ag teacht amach i 2001 faoi sraith de chuid Chló Thablóid, i measc leabhar eile, ar tugadh Sraith na gClasaiceach air.
Ní mór dom a admháil ar dtús nach raibh a fhios agam nuair a phioc mé an leabhar seo suas sa leabharlann gur sean-scéal a bhí i Don Quixote. Bhí ainm an leabhair cloiste nó léite agam go minic roimhe sin, b'fhéidir toisc go raibh clú i measc Gael ar an leagan Gaeilge a ndearna an tAthair Ua Laoghaire.
Úrscéal, nó aoir ba chóir dom a rá, ó aois órga na Spáinne is ea é. Scéal faoi fhear buile darbh ainm Cíochán a théann ar mire ag léamh an iomarca scéalta ridireachta. Tugann sé air féin a bheith ina ridire fáin uasal, agus a dhul ag fánaíocht ag lorg mór-eachtraí le clú agus cáil a bhaint amach dó féin ionas go scríobhfaí leabhair faoi, amhail na scéalta ridireachta a chreideann sé a bheith fíor. Le cúnamh a thabhairt dó, agus chun a bheith ina ridire fáin ceart, faigheann sé giolla atá beagán dúr darbh ainm Sanchó Pansa le dul in éineacht leis. Ar aghaidh leo, ar a each agus asal faoi seach, le troid a chur ar fhathaigh (Muileann gaoithe) agus thíoránaigh! le smacht a chur ar éagóir agus le cúnamh a thabhairt do ríonacha áille atá i ngátar.

Caithfidh mé a rá gur bhain an scéal seo cúpla scairt gáire cearta asam, go háirithe le Sanchó bocht agus an méid a tharlaíonn dó. Níor bhain scéal gáire ceart asam ó léigh mé Béal Bocht an Nuallánaigh. Agus más aoir é an Béal Bocht faoi lucht na Gaeilge agus scéalta na Gaeltachta, is aoir Don Cíochótae ar na scéalta "niachais agus a n-easpa réalachais" a bhí go flúirseach le linn aimsir Miguel de Cervantes (mar a mhíníonn Noel Ó Gríofa san Iarfhocal) .
Más seanscéal ó 1615 scéal Dhon Cíochótae ní fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil a tionchar le feiceáil sa lá atá inniu ann. Maítear gurb é ceann de na saothair is mó tionchair ar domhan é, ní amháin ar litríocht ach ar scannánaíocht, leis. Agus chreidfinn sin. D'airigh mé go rabhas ag léamh script díreach as scannán Monty Python, nó aon scannán sórt buddy movie atá ann fé láthair. Agus is éacht é sin nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an scéal beagnach 400 bliain d'aois.

Tá cumhacht nach beag in aoir ghreannmhar!

Déardaoin, Lúnasa 13, 2009

M2009.08.08

Cuireann sé díomá orm an easpa díospóireachta i measc na nGael ar cheisteanna chomh tábhachtach do phobal na tíre amhail an Áisíneacht NAMA.
Cad is fiú teanga mura bpléitear aon ní seachas an teanga féin inti?
Cad is fiú COMHAR ann ar chor ar bith mura ndéantar plé ar cheisteanna ár linne?
Cad is fiú Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge ann mura scríobhtar aon ní seachas filíocht gan rím is gearrscéalta gan bhrí?

Ó Nuacht24, 7ú Lúnasa 2009

Nuair a d'fhógair n tAire Airgeadais bunú na hÁisíneacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainne ANBS (NAMA), mí Aibreáin seo caite bhí an tuairimíocht ann go rabhamar ag dul i bpáirt le lucht spéacláireachta na tíre .i. ag caitheamh airgead mór ar shócmhainní gan mhaith ar an
tuiscint agus an ndóchas go mbeadh boilgeog tithíochta eile ann amach anseo, boilgeog a shaothródh brabús deas folláin don gcáiníocóir. Dá olcas an smaoineamh go mbeadh an rialtas ag spéacláireacht lenár gcuid airgid tá an fhírinne lom níos meas fós. Bheadh ciall craiceáilte "Tíogar Ceilteach" Fianna Fáileach éigin ag baint leis an smaointeoireacht go rabhamar ag spéacláireacht le NAMA, ar na sócmhainní, le hairgead a shaothrú. Ach níl muid.
Is cuma cad a deir an tAire Airgeadais ina leith ní bheidh muid ag fáil ár gcuid airgid ar ais, bíodh sin i gceann 10 mbliain nó 20. Is éard atá san Áisíneacht nua ná uirlis chun poll uafásach mór de €90 billiún a líonadh, poll a chruthaigh baincéirí agus forbróirí le cabhair ó pholasaithe an rialtais. Is cuma cé mhéad a íoctar do na sócmhainní sin ar fiú €90 billiún iad, beidh an t-airgead sin imithe síos isteach sa bpoll. Aon airgead a fhaightear ar ais óna sócmhainní maithe beidh sé cealaithe go hiomlán ag an oiread sin droch-sócmhainní.
Cé mhéad go díreach mar sin a chaithfí ag ceannach na hiasachtaí? Ón dréacht-reachtaíocht ar NAMA a foilsíodh le gairid deir sé go mbeidh na sócmhainní á bpraghsáil de réir treoirlínte an AE agus de réir a "luacháil fhadtéarmaí", sin a luach reatha agus luach breise san áireamh.
Agus seo bun na faidhbe leis an Áisíneacht, an phraghsáil, agus na himpleachtaí a bheidh acu don stát go fadtéarmach. Má thugtar praghas ró-ard tá an cáiníocóir fágtha le punann nach bhfaighidh sé an luach ar ais ariamh. Má thugtar praghas ró-íseal bheadh athchaipitliú ar na
bainc ag teastáil, á dtabhairt faoin úinéireacht an phobail. A bheag nó a mhór beidh an phraghsáil seo á déanamh bunaithe ar idé-eolaíocht phóitiúil an rialtais .i. táid go huile is go hiomlán in aghaidh náisiúnú na mbanc. Fiú ag an bpointe seo leis an IMF, agus an 20 eacnamaí siúd san Irish Times, ag moladh an smaoineamh faoi áisíneacht um bainistíochta sócmhainní i bpáirt le náisiúnú sealadach mar a tharlaíonn de ghnáth lena leithéid de bheart.

Ba chóir, i dtáthcheangal de sócmhainní lofa mar seo, ba chóir go mbeadh trédhearcach ann, trédhearcach agus soiléireacht a seachnaíonn an sorcas a leanann "praghsáil de réir treoirlínte" agus "luacháil fhadtéarmach". Chun é seo a chinntiú ba chóir go leagfadh anuas na sócmhainní lofa go dtí neamhní, nó íseal go leor ar aon nós, a dhéanfaidh cinnte gurb iad na scairshealbhóirí an chéad dream a iompróidh ualach na teipe agus ní na cáiníocóirí. Beidh na bainc dócmhainneach dá bharr, beidh gá ann iad a athchaipitliú / náisiúnú mar gheall ar seo. Drochbhanc / áisíneacht a chruthú leis na sócmhainní lofa a cheannach. Faigheann an cáiníocóir aisíoc ar a infheistíocht gnáthscaire sa bhanc nuair a dhíoltar an banc sin, atá anois glan, amach anseo.
B'shin mar a tharla sé sa tSualainn, cás a chuala chomh mór faoi ón tAire Airgeadais.
Ní mór d'Áisíneacht ollmhór mar seo a bheith oscailte, soiléir agus trédhearcach go hiomlán, ionas go mbeidh sé saor ó fhadhbanna morálta. Faraor, faoin dréacht-reachtaíocht beidh gníomhaíochtaí na hÁisíneachta faoi cheilt ón bpobal, agus slánaithe ón dlí ar aon líomhaintí go raibh airgead an stáit á chur amú go heolach. Tá an pobal ag glacadh leis an mbeart áirithe seo óir tá sé á rá dóibh go laethúil gurb é seo an t-aon rogha fágtha, "an t-aon chluiche ar an mbaile". Mar gheall ar easpa tuisceana, an iomarca patuaire nó an dá ní, níl pobal na hÉireann ag cur na ceisteanna crua. Ach tá sé fós go luath sa bpróiseas, níl sé ródhéanach an treo a athrú. Mar a mhínigh Karl Whelan -eacnamaí ón gColáiste Ollscoile BÁC- lena léiriú spéisiúil do ghrúpa Shóisialta agus Eacnamaíochta an Chomhaontais Ghlais le déanaí, mhínigh sé gur plean é NAMA le dul i ngleic leis an gcóras baincéireachta atá roinnt droch-iasachtaí ann, ach nach bhfuil
dócmhainneach. Is léir anois go bhfuil córas baincéireachta an stáit dócmhainneach áfach. Mar shampla; tá agus beidh praghsanna ar tithe ag titim. Titim 30-50% ó thosaigh an ghéarchéim agus tá píosa fada eile le dul síos acu fós. An mheasúnacht go bhfuil talamh forbartha síos 70%. Agus féichiúnas iomlán na bhforbróirí, mar atá le feiceáil i gcás Zoe Group de chuid Liam Carroll le déanaí.

Níor thug na bainc in Éirinn tacaíocht mar is cuí do chomhlachtaí beaga ariamh roimhe seo, mar sin, cad chuige an deabhadh le NAMA más é a príomhchuspóir na bainc a saoradh óna ndroch-iasachtaí lofa chun creidmheas a chur ar fáil don bpobal arís? Cad atá le hathrú i gcultúr na mbanc? An mbeadh athrú meon ann ionas go dtosóidh sé ag cur creidmheasa ar fáil go flaithiúil le fiontraithe gnó, amhail a bhí siad, agus a bheidh siad, le spéacláirí tithe? Beag an baol.
Seo an seans is fearr banc náisiúnta maith a chruthú a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh creidmheas ar fáil d'fhíor-fhiontraithe gnó a spreagfaidh athfhás eacnamaíochta bhuan agus ní níos mó spéacláireachta ar tithe mar bhunchloch an gheilleagair.

Ach tá an cuma ar chúrsaí go bhfuil an rialtas daingnithe ar an dtreo áirithe lochtach seo. "Scríobhann tú cíbe seiceanna a chaithfidh tú a scríobh chun an chobhsaíocht airgeadais a choimeád" mar a mhínigh An Taoiseach féin.
Tá an cinneadh déanta. Is cuma faoin gcáiníocóir. Is cuma faoi na hiarmhairtí.
Vótálfaidh páirtithe an fhreasúra in aghaidh na reachtaíochta seo, is í an cheist is mó cad a dhéanfaidh Teachtaí Dála na nGlasach san Fhómhar?

Dé Céadaoin, Lúnasa 12, 2009

M2009.08.07

Iarraimidne, saoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil ár n-ainm leis seo, ar ár dTaoiseach Brian Ó Comhain tacaíocht agus cosaint a thabhairt do ghluaiseacht na gColáistí Gaeilge trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chaomhnú.

M2009.08.06

M2009.08.05

Ní fada a mhair áthas an mhealbhacáin ag damhsa! Agus é ag damhsa le háthas faoin seans go mbeadh fíor"luacháil" ceart ar shócmhainní lofa na mbanc, de bharr chinneadh na Cúirte inné.
D'fhógair urlabhraí na Roinne Airgeadais "Ní dhéanann sé difríocht ar bith - leanfaidh NAMA mar atá beartaithe"
"Bhíomar an-shoiléir go n-oibreodh NAMA faoi treoirlínte an AE, atá leagann síos an tomhas le haghaidh luacháil fadtéarmaí" .i. Luacháil thar an fíorluach.

Dochreidte, is cuma leo nach bhfuil luach mar a éilíodh ar sócmhainní an Ghrúpa Zoe .i. Liam Uí Chearbhaill, tá sé i gceist ag an Roinn Airgeadais agus an tAire Lenihan leanúint ar aghaidh ag caitheamh i bhfad thar a luach dá sócmhainní céanna.

Bhí an banana craiceáilte ag damhsa i gcomhair Phoblacht Banana na hÉireann.

Dé Máirt, Lúnasa 11, 2009

M2009.08.04

Theip ar Liam Carroll cosaint cúirte a fháil sa Chúirt Uachtarach dá shé chomhlacht, dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach breith na hArd-Chúirte a chur ar ceal.

Beidh a fhios againn anois go deimhin cén "luach" atá ar na hárasáin bheaga agus talamh bán forbartha Liam Carroll.
Cabhróidh seo go mór leis an "bpraghsáil" a bheas á déanamh ar na sócmhainní a thiocfaidh faoi chúram NAMA, praghsáil a íocfaidh muintir na hÉireann aisti.

M2009.08.03

Lá bog gréine, brothallach, gaoth aniar.

Achainí fíorthábhachtach ar cheist a bheas tionchar aici ar na glúinte in Éirinn.
Ceisteanna crua tábhachtacha le cur ar Theachtaí Dála.


Molann an Luasach gur chóir na ceisteanna a sheoladh chuig chuile Theachta Dála, ní shílim go bhfuil gá, go háirithe ón méid a fuair mé ar ais ó theachtaí dála atá sa bhfreasúra. Táid go huile is go hiomlán in aghaidh NAMA.

B'fhéidir go mbeadh níos mó tairbhe as an achainí dá seolfaí chuig Glasaigh is neamhspleáigh amháin. Beidh baill Fhianna Fáil ag déanamh mar a mholann an Príomh-Aoire dóibh a dhéanamh agus leanfaidh siad na ceannairí truaillithe ina mbeart mímhorálta.
Ní amhlaidh leis na Glasaigh agus na neamhspleáigh. Cinnte ní bheidh fonn ar na Glasaigh an rialtas a tharraingt síos ós rud é go mbeidh deireadh leo chomh luath agus atá olltoghchán ann, ach tá an cheist seo i bhfad Éireann ní ba thábhachtaí ná saol pháirtí polaitíochta amháin.

Dé Luain, Lúnasa 10, 2009

M2009.08.02



Tuairisceán Daonáirimh Shéamuis Uí Reachtair (James Rafter/Seamus Rafter), 1911, Bóthar na Sláine, Inis Córthaidh. Ba as Móin an Lao, Baile an Daingin, Loch Garman ó dhúchas dó (tuairisceán daonáirimh a mhuintir).
Gael díograiseach a troid ar son saoirse na hÉireann mar cheannaire na nÓglach i 1916 i Loch Garman. Gael a thuig an tábhacht le réabhlóid cultúrtha i bpáirt le saoirse polaitíochta.

Níos mó eolais ar an bhfear.

Dé Céadaoin, Lúnasa 05, 2009

M2009.08.01

Metallica agus cairde i bPáirc Mharlaí 1ú Lúnasa.

Tá an bua ag na sean-rocóirí fós go deimhin.
Ní shílim gur bhain mé chomh mór sult agus spraoi as ceolchoirm le fada an lá. Bhí na bannaí go léir ar fheabhas, chabhraigh sé go mór go raibh an aimsir go haoibhinn fiú nuair a bhí sé geallta a bheith fliuch gruama. Bhí na scamaill le feiceáil ar bharr shléibhte Bhaile Átha Cliath, ach buíochas leis na déithe níor tháinig an báisteach.

Ní raibh an banna thíos thar mholadh beirte ach bíonn sé go deas teacht ar amhrán maith. Thosaigh siad leis an gceann seo: